Grianghraif le haghaidh Pasanna
Caithfear dhá ghrianghraf comhionanna den choinneálaí pas a
sholáthar le gach iarratas. Ba cheart síniú a bheith ar a
gcúil leis an té a dhéanann finné ar an iarratas. Ba cheart
don duine seo Uimhir na Foirme a chur isteach (atá le feiceáil faoi
stiall sínithe an fhinné) ar chúl an dá ghrianghraf.
Caighdeáin do ghrianghraif inghlactha
-
Níor cheart do ghrianghraif a bheith níos sine ná 6 mhí.
Is féidir leo a bheith daite nó dubh agus bán [is fearr dubh agus bán]. - Níor cheart dóibh a bheith níos mó ná 35mm X 45mm.
- Ba cheart don ghrianghraf amharc iomlán ón tosach a thaispeáint de cheann an duine, mar a bhreathnódh sé/sí de ghnáth.
- Ba cheart don íomhá a bheith soiléir, agus cúlbhrat bán nó liath éadrom a beith aige
- Níl spéaclaí gréine inghlactha. Is féidir spéaclaí dathacha a chaitheamh mura ndéanann siad súil an duine doiléir.
- Níor cheart do ghrianghraif éidí airm nó póilíní a thaispeáint. Ní cheadaítear bandaí nó creasanna gruaige.
Tá sé an-tábhachtach go bhfuil na grianghraif d'ardchaighdeán soiléir mar atá leagtha amach thuas nó ní bheidh siad inghlactha i do phas.
I measc na ngrianghraf nach bhfuil inghlactha tá an méid seo a leanas: gan barr do chinn le feiceáil, leanaí i lámha an tuismitheora, spéaclaí dorcha ar dhuine, grianghraif déanta sa bhaile nach bhfuil comhionann nó áit nach bhfuil caighdeán an pháipéir sách maith le go ndéanfadh Oifig na bPasanna scanáil air, agus grianghraif atá tógtha a bhfuil cúlbhrat dorcha acu.
Is é caighdeán bocht grianghraf an chúis is mó le diúltú iarratasóirí in Oifig na bPasanna. Mholfadh Oifig na bPasanna go ndéanfaí staidéar ar theoirlínte grianghraf ar an gcéad leathanach den fhoirm iarratais atá ar an láithreán Gréasáin seo sula ndéantar an cur i bhfeidhm seo.
COMHAIRLE D'IARRATASÓIRÍ - Treoirlínte do Ghrianghraif Pas, cliceáil an nasc anseo (PDF 1251kb) Eolas breise - teimpléad grianghraf (PDF 527kb)
COMHAIRLE TEICNIÚIL DO GHRIANGHRAFADÓIRÍ - cliceáil an nasc anseo


