Táillí Pas

D'eisiúint Pas Caighdeánach, bailí ar feadh deich mbliana.

Ar fáil do dhaoine ar aois 18 go 64 bliain d'aois iad

 Táille 

€80

D'eisiúint Pas Mór, bailí ar feadh deich mbliana.

Ar fáil ar iarratas do dhaoine a thaistilíonn go han-mhinic

  

€110

D'eisiúint pas do leanaí faoi 3 bliana d'aois, bailí ar feadh trí bliana.                                                                         

€16

D'eisiúint pas do leanaí 3 bliana d'aois go seacht mbliana déag d'aois, bailí ar feadh cúig bliana.                                                                    

€26.50

D'eisiúint pas do dhaoine ar 65 d'aois nó níos sine iad, bailí ar feadh deich mbliana

Saor ó Chostas

Táille Práinneach don Chuntar Poiblí

Iníoctha, tar éis fianaise a thabhairt de thaisteal príobháideach, do phasanna riachtanach le heisiúint ar an lá céanna den iarratas nó ar an lá díreach ina dhiaidh sin.   Is táille bhreise é seo ar an táille pas chuí mar atá leagtha amach thuas.

Tabhair faoi deara nach seirbhís 'ar éileamh' é seo agus níl sé ar fáil ach do thaisteal práinneach ceart ar an lá céanna/ an lá ina dhiaidh sin

 

€55 - Duine Fásta

€30 - Leanbh

Táille Riaracháin do Sheirbhís Éigeandála taobh amuigh d'Uaireanta Oibre

Seo d'eisiúint pas sealadach le bailíocht theoranta le seirbhís éigeandála taobh amuigh d'uaireanta oibre de chuid na Roinne.  

Ina dhiaidh sin caithfear iarratas úrnua a dhéanamh ar phas rialta in éindí le híocaíocht den táille cuí mar atá leagtha amach thuas.

 

€110 - Duine Fásta

€55 - Leanbh

Gearrtar táillí in Euro ar phasanna eisithe taobh amuigh d' Éirinn ag Ambasáidí Éireannacha/ Consalachtaí nó ag an ráta airgeadra áitiúil coibhéiseach.


Iarratais in Éirinn


Caithfear táillí a íoctar in Euro a íoc trí sheic tarraingthe as Banc Éireannach.  Ba cheart seiceanna, orduithe poist agus dréachtaí bainc atá iniata le gnáth-iarratais poist a íoc d'Oifig na bPasanna.   Má tá tú ag cur isteach trí ghnáthphost is féidir íoc le Laser, Visa, Amex nó Mastercard chomh maith.   Cuir isteach dáta éaga an chárta i gcónaí.   Ar son cúiseanna slándála, níor cheart airgead tirim a chur isteach in iarratas poist. 
Is féidir íocaíocht a dhéanamh le hairgead tirim, seic, ordú poist, dréacht bainc nó cárta dochair/ creidmheasa nuair atá tú ag déanamh iarratais i bpearsan ag Oifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh.

Táillí do Phas Luais (Passport Express) [in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe amháin]

Ba cheart táillí d'iarratais déanta le Seirbhís na bPasanna Luais a íoc leis an Oifig Phoist atá i gceist.  Tá táille breise próiseála don tseirbhís seo de:

€8.00

D'iarratais indibhidiúla in Oifigí Poist

€13.50

Suas go ceithre iarratas teaghlaigh in Oifigí Poist

£6.00

an iarratas in Oifigí Poist de chuid Ríocht Aontaithe i dTuaisceart Éireann agus An Bhreatain Mhór

Má tá tú ag cur isteach le Pas Luais íocann tú as an táille pas agus táille próiseála Oifig an Phoist in éindí lena chéile ag Oifig an Phoist.   [Tá cuid den fhoirm iarratais a chlúdaíonn áit le sonraí de chárta dochair/ creidmheasa [cuid 1] a chur isteach.  Ní bhaineann seo le hiarratais seolta ag Pas Luais agus níor cheart é a líonadh isteach sna cásanna seo].

Iarratais déanta thar lear

Fógrófar an choibhéis airgeadra áitiúil ag an Ambasáid nó Consalacht Éireannach . Más maith lear íoc le seic, tabharfaidh an Ambasáid nó Consalacht chuí comhairle duit maidir leis na sonraí íocaíochta cearta le cur isteach ar an seic.  Seans go n-iarrrfaí ort táillí eile a íoc (m.sh. teachtaire nó costais phostais eile) a thabhaítear chun an tseirbhís a sholáthar.

Barr

Nithe Gaolmhara

Naisc Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Ailt Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Cáipéisí Gaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.
Barr