"Is rímhór na buntáistí atá bainte amach ag Éirinn as bheith inár
An Roinn Gnóthaí Eachtracha Preas Ráitis
Baile Atha Cliath
Teil: 353 -1- 478 0822 Facs: 353 -1- 478 5942 / 475 7476 / 478 2708
Idirlíon: http://www.irlgov.ie/iveagh
"Is rímhór na buntáistí atá bainte amach ag Éirinn as bheith inár
mball den Aontas Eorpach"
Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Dáithí Mac Aindriú, inniú gur "rímhór na buntáistí atá bainte amach ag Éirinn as bheith inár mball den Aontas Eorpach le 25 bliana anuas. Má cheadaítear Conradh Amstardam beifear in ann leanúint leis na buntáistí sin - agus iad a fheabhsú". Luaigh sé, mar shampla, an saormhargadh de 370 milliún duine atá curtha ar fáil dúinn agus an infheistíocht breise atá meallta ó tíortha lasmuigh den AE. Rinne an tAire tagairt freisin do neodracht na hÉireann, ag rá nach gcuirfeadh an Conradh Éire faoi aon chomhcheangal míleata ná cosanta d'aon saghas.
D'fháiltigh an tAire roimh na leasuithe ar fad atá dírithe ar an saoránach sa Chonradh seo. Mar shampla, déanfar na forálacha a bhaineann le comhionannas idir fir agus mná agus le pá comhionann as obair comhionann a shoiléiriú, a fhorbairt agus a leathnú tuilleadh. Ceadófar gníomhaíocht dhearfach chun éagothroime atá ann faoi láthair a leigheas. Ceadófar freisin don Aontas gníomhaíocht a ghlacadh i gcoinne idirdhealaithe atá bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eithneach, reiligiúin nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.
Maidir le fostaíocht, aithníodh go raibh deiseanna le haghaidh comhordú ar thaobh Ballstát maidir le saincheisteanna fostaíochta agus maidir le gníomhaíocht tacaíochta ag an gComhphobal. Déanfaidh an Comhairle treoirlínte a leagan síos maidir le beartais fostaíochta Ballstát agus féadfaidh sí moltaí a chur faoina bhráid. Ceadófar freisin don Aontas gníomhú chun deileáil le heisiamh sóisialta.
Neartófar na forálacha a bhaineann leis an gcomhshaol, sláinte phoiblí agus cosaint an tomhaltóra chomh maith.
Ar cheist stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach dúirt an tAire go raibh "forála nua tábhachtach sa Chonradh a chiallaíodh go bhféadfadh aon saoránach scríobh chuig aon cheann de na hinstitúidí den Aontas Eorpach (m.sh. Pairlimint na hEorpa, an Choimisiún, An Cúirt Bhreithiúnais nó Comhairle na nAirí) i nGaeilge agus gur trí mheán na Gaeilge a thabharfaí freagra."
Dúirt an tAire go raibh cóipeanna den leagan Gaeilge de Chonradh Amstardam curtha ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha chuig leabharlainn sa Ghaeltacht agus príomh-leabharlainn ar fud na tíre. Is féidir leagan Gaeilge den Chonradh a léamh chomh maith ar láithreán gréasáin na Roinne ag http://www.irlgov.ie/iveagh. Tá an leabhar ar díol in Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, Sráid Theach Laighean.
Chuir an tAire i gcuimhne gur fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha Achoimre ar an bPáipéar Bán ar Chonradh Amstardam ag tús mí Feabhra.. Féadfaí an Achoimre a fháil saor-in-aisce fós ach é a iarraidh ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Is féidir glaoch a chur ar an uimhir guthán seo a leanas; (01) 408-2358. Tá cóipeanna den Achoimre - as Gaeilge agus as Béarla - curtha ag gach leabharlann phoiblí sa tír.Top

