Tacaíocht Rialtas na hÉireann do Phobail Éireannacha Thar Lear
Tá sé mar eochairthosaíocht ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha naisc a choinneáil agus a neartú le pobail Éireannacha thar lear. Is gné ríthábhachtach d’obair ár nAmbasáidí agus ár gConsalachtaí oibriú go dlúth leis na pobail seo.
Léirigh bunú an Aonaid um Éireannaigh Thar Lear laistigh den Roinn Gnóthaí Eachtracha in 2004 an tosaíocht ard a thugann an Rialtas do leasanna eisimirceach Éireannach. Aonad speisialaithe laistigh den Roinn is ea é, agus déanann sé comhordú ar sholáthar seirbhísí d’eisimircigh Éireannacha thar lear. Déanann an tAonad an Clár Tacaíochta d’Eisimircigh a riar. Cuireann an clár seo tacaíocht airgeadais ar fáil d’eagraíochtaí pobail deonacha agus d’eagraíochtaí pobail Éireannacha a sholáthraíonn seirbhísí do phobail Éireannacha agus go háirithe do na daoine is leochailí sna pobail sin.
Is féidir sonraí maidir leis na deontais a tugadh faoin gClár Tacaíochta d’Eisimircigh in 2009 a fháil i rannán na gcáipéisí gaolmhara thíos.
Tuilleadh eolais ar an gClár Tacaíochta d’Eisimircigh


