Feidhmiú an Chláir Tacaíochta d’Eisimircigh sa Bhreatain

Tá isteach is amach le 800,000 duine a rugadh in Éirinn ina gcónaí sa Bhreatain, mar aon le go leor Éireannach den dara glúin agus glúinte ina dhiaidh sin.

Faomhann an tAire Gnóthaí Eachtracha deontais faoin gClár Tacaíochta d’Eisimircigh le haghaidh eagraíochtaí atá lonnaithe sa Bhreatain i ndiaidh dó machnamh a dhéanamh ar mholtaí an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí d’Eisimircigh de chuid Rialtas na hÉireann agus Ambasáid na hÉireann i Londain. Bunaíodh an Coiste, ar a tugadh Díon roimhe seo, i 1984 le comhairle a thabhairt don Rialtas maidir le leas an phobail Éireannaigh sa Bhreatain, áit a bhfuil sé lonnaithe. Is é an príomhról atá ag an gCoiste ná moltaí a chur ar fáil don Aire maidir leis na hiarratais ar mhaoiniú a dhéanann eagraíochtaí a oibríonn leis an bpobal Éireannach sa Bhreatain.

In 2009, d’fhaomh an tAire Gnóthaí Eachtracha, an tUasal Micheál Martin T.D., deontais arbh fhiú €8.5 milliún (£7.4 milliún) ar an iomlán iad. Is féidir sonraí faoi na deontais seo a fháil i rannán na gCáipéisí Gaolmhara - féach an nasc ag bun an leathanaigh seo.

Ba chóir ceisteanna maidir le feidhmiú an chláir sa Bhreatain a sheoladh chuig Ambasáid na hÉireann i Londain.

Barr

Nithe Gaolmhara

Ailt Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.
Barr