ríomhPhasanna PR
Ghlac an tAire Gnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern T.D., seilbh ar an 18 Aibreán 2006 ar na chéad ríomhPhasanna, ina raibh sonraí bithmhéadracha. Is cloch mhíle é seachadadh an lín bhig seo de phasanna samplacha i ndul chun cinn na hÉireann i leith táirgeadh iomlán ríomhPhasanna.
Shoiléirigh an tAire freisin an gá atá ann sraith cionta nua a thabhairt isteach maidir le taisteal ar phas Éireannach bréagach agus ghlac an Rialtas le reachtaíocht nua an tseachtain seo caite ina bhfuil seo ar fáil. Cuirfidh an reachtaíocht bheartaithe i láthair sraith cionta agus pionós a thabharfaidh slándáil bhreise do dhaoine a bhfuil pas Éireannach acu.
Tagann an reachtaíocht nua pas ag tráth nuair atá líon na bpasanna Éireannacha níos airde ná riamh. Tá líon na bpasanna sa chéad cheathrú den bhliain suas 11.5% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna an bhliain roimhe sin. Eisíodh níos mó ná 680,000 pas anuraidh.
Tá na ríomhPhasanna nua á dtástáil go neamhspleách san Ísiltír faoi láthair. An bhliain seo chugainn, déanfar tástáil ar na pasanna nua freisin in áiseanna Stáit de chuid na Stáit Aontaithe Mheiriceá i Virginia le cinntiú go mbaineann siad sonraíochtaí na Stát Aontaithe amach.
Faoi chlár tarscaoilte víosa na Stát Aontaithe, caithfidh tíortha rannpháirteacha táirgeadh iomlán a dhéanamh de phasanna bithmhéadracha roimh 26 Deireadh Fómhair, 2006. Tá impleachtaí suntasacha aige seo d'Éirinn. Tá sé measta gur thug saoránaigh na hÉireann 500,000 cuairt ar na Stáit Aontaithe anuraidh, agus ciallaíonn sé sin gurb í Éire ceann de na tíortha atá i measc na deich gcinn is mó cuairteoirí don tír sin. Bhí formhór na gcuairteanna seo gan víosa.
Dúirt an tAire: “Tá mé lánchinnte go mbainfidh Éire spriocdháta na Stát Aontaithe amach. Caithfidh mé a threisiú nach mbeidh éifeacht ar phasanna Éireannacha a táirgeadh roimh spriocdháta mhí Dheireadh Fómhair. Níl ach na pasanna sin a eisíodh tar éis 26 de mhí Dheireadh Fómhair na bliana seo clúdaithe faoi na rialacháin nua.
“Cé go mbreathnóidh an pas bithmhéadrach nua an-chosúil leis an seancheann, beidh micrishlis daingnithe istigh aige ina mbeidh íomha dhigiteach de d'aghaidh agus sonraí teagmhála an choinneálaí pas mar a fheictear iad ar an leathanach sonraí. Is féidir an mhicrishlis a léamh ag smachtuithe teorainneacha. Níl aon phleananna ag an Rialtas, ag an bpointe seo, priontaí méire a chur san áireamh.
D'fhógair an tAire freisin gur aontaigh an Rialtas ar reachtaíocht nua pas a thabhairt isteach san Oireachtas i mbliana. Forálfaidh an reachtaíocht do rialú agus eisiú pasanna, chomh maith le stóras agus úsáid sonraí bithmhéadracha bailithe ag Oifig na bPasanna. Mhaígh an tAire go bhfuil sé tábhachtach do shaoránaigh a bheith cinnte go stóráltar a leithéid de shonraí go sábháilte agus go rialaítear a úsáid i gceart de réir reachtaíochta, rite ag an Oireachtas.
Dúirt an tAire: "ann le reachtaíocht pas a thuiscint agus aird an phobail maidir le rialacháin phas ag dul i méid. Teastaíonn príomhreachtaíocht uainn sa limistéar seo chun an Oifig Pas a chosaint ó dhúshláin dhleathacha.
“Tá Éire aitheanta go hidirnáisiúnta mar thír a bhfuil ceann de na hard-dhoiciméid phas aige sa domhan. Méadóidh an reachtaíocht bheartaithe an muinín atá ag an bpobal idirnáisiúnta cheana féin inár bpasanna.
D'fhógair an tAire freisin go raibh ardú 11.5% i líon na bpasanna a eisíodh in Éirinn sa chéad cheathrú de 2006.
Sna chéad trí mhí de 2006, eisíodh 136,677 pas sna hOifigí Pas i mBaile Brigín, Baile Átha Cliath agus Corcaigh. Don tréimhse chéanna i 2005, ba é an figiúr ná 122,570. Eisíodh 549,543 pas san iomlán i 2005, le 130,000 sa bhreis eisithe ag misin taidhleoireachta Éireannacha thar lear.
Dúirt an tAire: “Cuirim fáilte roimh an ardú suntasach in iarratais phas. Tá mé sásta ach go háirithe go raibh ardú 5.5% i líon na n-iarratasóirí atá ag úsáid áis na bPasanna Luais. Agus úsáid á baint as an modh éifeachtach agus éasca seo, is féidir le daoine a n-iarratais phas a dhéanamh ag an Oifig na bPasanna agus a bpasanna a fháil taobh istigh de deich lá oibre.
“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an bhfoireann in Oifigí na bPasanna i mBaile Brigín, i mBaile Átha Cliath, agus i gCorcaigh as an méid obair chrua a rinne siad i gcónaí, agus bliain eile suntasach i mbliana de líon na bpasanna a eisítear, is cosúil."
Tabhair faoi deara:
Is é an dáta sceidealaithe do chríochnú an tionscnaimh bhithmhéadraigh ná lár mhí Dheireadh Fómhair 2006. Measann an Roinn go mbeidh costas de €8.8 milliún i 2006 i gceist agus an ríomhPhas Éireannach ag teacht isteach. Is páirtnéireacht é an tionscnamh idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus BearingPoint Ireland Ltd.
Is dul chun cinn suntasach í an teicneolaíocht seo i ndeimhniú
aitheantais agus slándála, ag cur ar fáil nasc níos láidre idir an
indibhidiúil agus a (h)aitheantas ná na córais thraidisiúnta a
bhraitheann go hiomlán ar aitheantas amharcach. Neartóidh sé
próiséas eisiúna na bpasanna trí chosaint sa bhreis a sholáthar i
gcoinne iarratais chalaoiseacha.
De réir mar a chuirtear áiseanna léite pasanna bithmhéadracha i
bhfeidhm de réir a chéile ag aerfoirt thar lear, neartóidh an
teicneolaíocht nua slándáil teorainneacha agus luathóidh sé
gluaiseacht phaisinéirí trí aerfoirt.
Comhshnaidhmeann an pas bithmhéadrach líon de ghnéithe slándála
tábhachtacha atá deartha chun céannacht an choinneálaí a
chosaint. Úsáidtear cód speisialta chun sonraí a scríobh don
mhicrishlis, tá an tslis cosanta ag "eochair" shlán leictreonach
agus oibríonn cód breise rochtana i gcoinne cúléisteacht
leictreonach nó "scimeáil" eolais ar an micrishlis.

