Ríomhphasanna: Ceisteanna Coitianta

CEISTEANNA COITIANTA

An Pas Leictreonach (ríomhphas)

Céard is pas leictreonach ann?

Tá pas Leictreonach mar an gcéanna le pas traidisiúnta ach go bhfuil ciorcad beag slánaithe  (nó “slis”) leabaithe i leathanach an ghrianghraf.  Coinneoidh an slis go sábháilte eolas beathaisnéiseach ar leathanach sonraí an phas agus íomhá digiteach den ghrianghraf a éascóidh úsáid teicneolaíocht aitheantais aghaidhe ag bealaigh isteach.

Ciallaíonn an teicneolaíocht slise gur féidir an t-eolas a stóráiltear ar Phas Leictreonach a léamh le léitheoirí slise ar leith nuair atá siad gar dó.  Úsáideann an slis teicneolaíocht an sínithe dhigitigh chun údaracht na sonraí atá stóráilte ar an slis a dhearbhú. 

Céard is bithmhéadracht ann? Cén ceann a mbeidh an ríomhphas nua ag úsáid?

Baineann Teicneolaíocht Bhithmhéadrach úsáid as na gnéithe bitheolaíocha ar leith atá againn go léir.  Samplaí de aitheantais bhithmhéadracha ná tomhaiseanna agus gnéithe aghaidhe, méarlorg agus pátrúin inteacháin.

Éascóidh an ríomhphas Éireannach tomhaiseanna aghaidhe a úsáidfear le teicneolaíocht aitheantais aghaidhe chun aitheantas an iompróra a dhearbhú.  San am i láthair níl aon phleananna ag Rialtas na hÉireann méarlorg a chur san áireamh sa phas.

Cén fáth an roghnófaí bithmhéadracht aghaidhe?

Roghnaigh an eagraíocht idirnáisiúnta eitleoireachta sibhialta (International Civil Aviation Organisation - ICAO) bithmhéadracht aghaidhe mar an phríomh-bhithmhéadracht is feiliúnaí i gcomhair pasanna tar éis staidéar domhain a dhéanamh.

Cén chaoi a bhfaighfidh tú mo bhithmhéadracht aghaidhe?

Beidh Oifig na bPasanna in Éirinn ábalta grianghraif pas d'ardchaighdeán a úsáid chun bithmhéadracht aghaidhe a thaifead.  Míníonn na treoirlínte grianghraf a eisíonn oifig na bpas cén cineál grianghraf atá inghlactha.  Tá na treoirlínte seo bunaithe ar chaighdeáin a nglactar leo go hidirnáisiúnta.  Tá sé tábhachtach do dhaoine atá ag déanamh iarratas ar phas na treoirlínte a leanúint go cúramach mar go gcuirfear moill ar iarratais ar phasanna mura sásaíonn na grianghraif na caighdeáin riachtanacha.

An bhfuil Éire ceangailte ag an Rialachán nua de chuid Choimisiún an AE a deir go mbeidh ar Bhaill Stát méarlorg a bheith ina gcuid Ríomhphasanna faoi Mheitheamh 2009?

Níl Éire ceangailte ag an rialachán seo os rud é go bhfuil an rialachán mar chuid de fhorbairt acquis Schengen, nach bhfuil Éire ag glacadh páirt ann. Níl sé i gceist ag an Rialtas an dara aithneoir bithmhéadracht (méarlorg) a chur ar ár Ríomhphasanna. Leanaimid, áfach, ag oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún ar fhorbairt na gcaighdeán.

Cén fáth an bhfuil Éire ag tabhairt bithmhéadracht isteach inár bpasanna?

Tá Éire ag cur bithmhéadracht ina phasanna chun:

  • na caighdeáin idirnáisiúnta is déanaí a bunaíodh i gcomhair cáipéisí taistil slán, a chomhlíonadh
  • a chinntiú gur féidir le saoránaigh na hÉireann leanúint ag baint buntáiste as saorthaisteal víosa chuig na Stáit Aontaithe
  • cabhrú troid i gcoinne calaois agus brionnú pas
  • éascú a dhéanamh ar smachtanna teorann níos láidre agus de réir a chéile, seiceáil inimirce uathoibríoch.

An féidir pas a eisíodh roimhe sin a úsáid i gcomhair taistil chomh fada is atá sé fós bailí?

Is féidir.   Is féidir pasanna a eisíodh roimhe sin agus atá fós bailí a úsáid chun taisteal.

An mbeidh duine in ann rochtain a fháil ar an eolas atá ar an tslis nó é a léamh i ngan fhios domsa?

Tugtar scimeáil nó cúléisteacht ar an gcineál seo rochtain neamhúdaraithe.

Beidh gléasanna sa ríomhphas Éireannach chun scimeáil agus cúléisteacht shonraí a sheachaint.  (Úsáidfear Rialúchán Bunúsach Rochtana).  I gcás an phas leictreonaigh, ní mór carachtair ón zón priontáilte inléite ag meaisín a bheith léite ar dtús chun an glas a bhaint den tslis chun é a léamh.  Mar sin, nuair a thugtar pas leictreonach do chigire, ní mór don chigire na línte priontáilte sonraí a scanadh chun go mbeidh ar a c(h)umas na sonraí ar an slis a léamh.  

An féidir an t-eolas ar an tslis a athrú agus cén chaoi a bhfuil an t-eolas cosanta ó rochtain ó léitheoir údaraithe?

Beidh teicneolaíocht an Bhonneagair Eochrach Poiblí, a chuireann an glas ar an tslis ionas nach féidir é a athrú, á úsáid ar na pasanna nua.  Cinntíonn sé freisin nach féidir le léitheoir neamhúdaraithe rochtain a fháil ar an slis, ag cur leibhéal slándála níos airde ar fáil don phas.   

Céard a bheidh stóráilte ar an tslis sa bpas?

Beidh íomhá digiteach aghaidhe agus sonraí pearsanta shealbhóra an phas, atá le feiceáil ar leathanach na sonraí, ar an tslis.

Barr

Nithe Gaolmhara

Naisc Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Ailt Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Cáipéisí Gaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.
Barr