Foinsí Dlí Idirnáisiúnta
Réamhrá
Dlí idirnáisiúnta is ea an téarma a thugtar ar na rialacha sin a rialaíonn an caidreamh idir stáit. In ainneoin nach bhfuil aon údarás os a gcionn chun na rialacha seo a chur i bhfeidhm measann na stáit go bhfuil siad ceangailteach orthu agus is é sin an fáth a bhfuil stádas dlí acu. Má tharlaíonn sé, mar shampla, nach mian le stát géilleadh do riail faoi leith ní dhéanfaidh sé argóint nach bhfuil a leithéid de rud ann agus dlí idirnáisiúnta, ach déarfaidh sé nach bhfuil stáit an domhain ar aon intinn go bhfuil a leithéid ceangailteach orthu nó nach mbaineann an riail leis na tosca áirithe atá i gceist.
Níl dlí idirnáisiúnta cosúil le dlí náisiúnta nó dlí baile sa mhéid is nach bhfuil sé leagtha síos in aon reachtaíocht ar thug parlaimint faomhadh di. Ní bhaineann fiú conarthaí iltaobhacha le gach stát. Ní bhaineann siad ach leo siúd a cheadaíonn go mbeadh siad de ceangal orthu trína shíniú agus a dhaingniú nó trí aontú dóibh. Ar an ábhar sin tá sé níos deacra rialacha an dlí idirnáisiúnta a aithint ná dlíthe náisiúnta agus bíonn siad le fáil i bhfoinsí éagsúla.
Ordaíonn Alt 38 de Reacht na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta don Chúirt na foinsí dlí seo a leanas a úsáid agus í ag tabhairt cinntí faoi díospóidí.
"(a) coinbhinsiúin idirnáisiúnta, bídís ginearálta nó faoi chásanna faoi leith, a leagann síos rialacha ar thug na stáit atá in achrann aitheantas go sainráite dóibh;
(b) nósanna idirnáisiúnta, mar fhianaise faoi chleachtas ginearálta a ghlactar leis mar dhlí;
(c) na gnáthphrionsabail dlí a dtugann náisiúin sibhialta aitheantas dóibh;
(d) … cinntí breithiúnacha agus teagasc na ndlí-eolaithe is airde cáilíocht na náisiún éagsúla, mar bhealach tánaisteach chun rialacha dlí a chinntiú."
Conarthaí
Cé go mbíonn conarthaí déthaobhacha nó conarthaí idir dornán beag stát cosúil le conarthaí idir daoine aonair, is minic a thugtar "conarthaí reachtóireachta" ar chonarthaí ilthaobhacha ar nós Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Dhlí na Mara toisc gurb iad sin na rudaí is cóngaraí atá sa dlí idirnáisiúnta do reachtaíocht idirnáisiúnta. Glactar le gur táscairí maithe maidir le gnáthdhlí idirnáisiúnta ar ábhar iad na conarthaí iltaobhacha a nglactar go forleathan leo ar nós Coinbhinsiúin Vín faoi Dhlí na gConarthaí.
Tá gluais úsáideach sa chuid sin de shuíomh gréasáin na Náisiún Aontaithe maidir le dlí conarthaí agus mínítear a lán de na téarmaí a úsáidtear nuair a bhítear ag tagairt do chonarthaí - daingniú, aondachtas, dearbhú, is araile. Cliceáil an nasc seo a leanas chun an ghluais a rochtain.
Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun tábla na gconarthaí iltaobhacha a cuireadh i dtaisce le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe a rochtain (Bhí an tábla seo cruinn ceart ar 12 Bealtaine 2006): Tábla na gConarthaí (PDF 298kb). Tabhair faoi ndeara le do thoil nach bhfuil conarthaí a rinneadh roimh 26 Iúil 1945 sa tábla seo ná conarthaí ar cuireadh deireadh leo.
Nós agus Gnáthamh Stáit
Mura bhfuil aon conradh ann faoi chaidreamh dhá stát nó níos mó faoi ábhar ar bith, is é an rud atá tábhachtach ná an fhianaise atá ann go bhfuil stáit ar aon aigne faoin dlí ar chóir a bheith ann, nó i mbeagán focal, cleachtas stát mar aon leis an aitheantas go bhfuil cleachtas áirithe de dhualgas orthu. Má tá a leithéid de chleachtas agus de chomhaontú forleathan go leor is féidir glacadh leis mar ghnás dlí idirnáisiúnta.
Is féidir fianaise faoi ghnásanna a fháil sna foinsí seo a leanas: comhfhreagras taidhleoireachta, tuairimí comhairleoirí oifigiúla, ráitis rialtas, rúin Comhthionóil Ghinearálta na Náisiún Aontaithe, tagairtí a rinne rialtais faoi dhréachtaí a chuir an Coimisiún um Dhlí Idirnáisiúnta ar fáil, cinntí cúirteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta. Braitheann meas na creidiúnachta ar chóir a thabhairt do ráiteas faoi leith, áfach, ar na cúinsí inar tugadh é - rud a bhaineann i gcónaí le fianaise ar bith.
Cliceáil anseo le do thoil chun ráitis a rinne Éire faoi shaincheisteanna idirnáisiúnta dlíthiúla áirithe a rochtain. Áirítear "cinntí breithiúnacha" in Alt 38 de Reacht na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta mar mhodhanna tánaisteacha chun cinntí a dhéanamh maidir le rialacha dlí.
Ach gan trácht ar chinntí comhlachtaí breithiúnacha idirnáisiúnta is féidir a rá gurb ionann cinntí cúirte náisiúnta uaireanta agus tuairim na cúirte sin faoi céard é an dlí idirnáisiúnta maidir le hábhar faoi leith. Níorbh fhiú mórán an meas a thabharfaí ar a leithéid de chinneadh ó thaobh dlí idirnáisiúnta de ach amháin má tá seasamh an-ard ag an gcúirt sin agus go bhfuil an cheist dlí idirnáisiúnta in gné lárnach den chás gur measadh go cúramach í. Ar an ábhar sin bhí tionchar ar fhorbairt nó léirmhíniú an dlí idirnáisiúnta ag cinntí tábhachtacha Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe (ar nós cás na bliana 1900, The Paquete Habana), Teach na dTiarnaí (cásanna ar nós Pinochet Case) agus Chúirt Uachtarach na hÉireann (ar nós Rialtas Cheanada v an Binse Achomhairc Fostaíochta).
Lena chois sin féadfaidh cinnte cúirteanna náisiúnta fianaise a thabhairt faoi chleachtas an stáit maidir le hábhar faoi leith. I gcás tábhachtach luath, The Lotus (1927) scrúdaigh an Bhuan-Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta cinntí cúirteanna náisiúnta na Fraince le fáil amach an nós a bhí ag stát na Fraince maidir leis an ábhar a bhí faoi chaibidil.
Chun samplaí a fháil faoi bhreithiúnais cúirte na hÉireann a bhaineann le cúrsaí dlí idirnáisiúnta ,cliceáil anseo nasc le “Cásdlí na hÉireann” doiciméad.

