Cúnamh Forbartha Coigríche - Cúnamh Éireann

Is é Cúnamh Éireann clár cúnaimh an Rialtais do roinnt de na tíortha is boichte ar domhan. Tá sé ina rannóg den Roinn Gnóthaí Eachtracha.  

An cuspóir uileghabhálach atá ag Cúnamh Éireann ná bochtaineacht a laghdú ar fud an domhain. Chuige seo, tacaímid le cláir forbartha i mbreis is nócha de na tíortha is boichte ar domhan, ag díriú go háirithe ar an Afraic fho-Shahárach. Dírítear an tacaíocht ar na hearnálacha sóisialta amhail cúram sláinte bunúsach, an comhrac i gcoinne VEID agus bunoideachas.

Tá suíomh gréasáin tiomnaithe ag Cúnamh Éireann a thugann treoir chuimsitheach maidir le clár cúnaimh choigríche na hÉireann.

Sa bhliain 2008 cuirfidh Éire €914 milliún ar fáil mar chúnamh forbartha coigríche  (CFC).

D’fhás CFC na hÉireann go suntasach le deich mbliana anuas agus méadóidh sé níos mó sna blianta amach romhainn. Tá an Rialtas tiomanta an sprioc NA a shroicheadh a bhaineann le 0.7% den OTN a bheith á chaitheamh ar chúnamh forbartha oifigiúil faoin mbliain 2012.

Mar spriocanna eatramhacha, shroicheamar 0.5% sa bhliain 2007 agus sroichfimid  0.6% sa bhliain 2010.

Ag glacadh leis go mbeidh na leibhéil reatha fáis OTN ann, caithfear isteach is amach le €1.4 billiún sa bhliain sin ar fhorbairt, agus dá bhrí sin beidh Éire ar cheann de na tíortha is flaithiúla i measc dheontóirí an domhain.

I mí Mheán Fómhair 2006 d’fhoilsigh Éire an chéad Pháipéar Bán um Chúnamh Éireann. Leagann sé seo amach ár bpolasaí reatha agus an treo a ghlacfaidh an clár cúnamh amach anseo.  

Barr

Nithe Gaolmhara

Naisc Ghaolmhara

Cáipéisí Gaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.
Barr