Cearta Daonna

Cearta Daonna agus Earnáil na Slándála

Is céim den bhunriachtanas maidir le síocháin shuthain inbhuanaithe a chothú go mbeadh cultúr an mheasa ar chearta daonna á chothú in earnáil na slándála.  Chuir an ARC ciste ar fáil i rith na bliana 2008 ionas go bhféadfadh triúr oifigeach sinsearach as Arm Náisiúnta Thíomóir-Leste (FDTL) páirt a ghlacadh i gcúrsa oiliúna ar Chearta Sibhialta in Oibríochtaí Taca Síochána, arna eagrú ag na Buan-Óglaigh in Éirinn.

Líonra Shlándáil an Duine

Is é atá i Líonra Shlándáil an Duine grúpa tíortha trasréigiúnach a chothaíonn caidreamh faoi réimse ceisteanna a bhaineann le slándáil an duine.  Tá roghnaithe ag Éirinn, ina Cathaoirleach di ar LSD ar feadh na tréimhse 2008/9, Foréigean Bunaithe ar Inscne a shocrú mar théama tús áite na bliana seo.  Is é Aonad Ceart Daonna na Roinne Gnóthaí Eachtracha a bhíonn chun tosaigh maidir le páirt na hÉireann in LSD agus tá comhobair dhlúth idir an tAonad sin agus an ARC maidir le cruinniú Airí Líonra Shlándáil an Duine.  Beidh an cruinniú ar siúl i rith mí Bealtaine 2009 agus beidh an bhéim ar fheabhas maidir le cur i bhfeidhm Rún Uimhir 1325 Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe faoi Chúrsaí Ban, Síocháin agus Slándáil.


Comhdháil faoi Chearta Daonna

I rith mí Feabhra 2009, d'eagraigh muintir Finucane comhdháil idirnáisiúnta faoi chearta daonna i gcomóradh cothrom fiche bliain ó dúnmaraíodh Pat Finucane.  Bhí d'aidhm leis an gcomhdháil go mbainfí lón teagaisc as ar foghlaimíodh ón gcoinbhleacht agus ó chúrsaí tar éis na coinbhleachta i dTuaisceart Éireann, go háirithe maidir le cearta daonna a chaomhnú i gcásanna coinbhleachta sibhialta.  Bhí mar chuid den chomhdháil cíorad ar an ról atá ag dlíodóirí, ar an úsáid is féidir a bhaint as an dlí d'fhonn cearta an duine aonair a chosaint le linn coinbhleachta sibhialta agus sa sochaí iarchoinbhleachta, agus ar cheist an chlaonpháirteachais.  Chuir an ARC ciste ar fáil do British Irish Watch, a rinne comhordú agus bainistíocht ar an gcomhdháil.  Tá breis eolais ar fáil anseo: http://madden-finucane.com/conference2009february14.pdf

 

Barr

Nithe Gaolmhara

Naisc Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Ailt Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Cáipéisí Gaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.
Barr