Do Shinsir Éireannacha a Rianú
Tá a lán ionad oidhreachta agus rianaithe gairmiúla in Éirinn a bhíonn ag obair le daoine ar fud an domhain ar mian leo a sinsir Éireannacha a lorg. Más mian leat tús a chur le d’eachtraíocht le beagán bleachtaireachta ar líne, áfach, b’fhéidir go mbeidh faisnéis úsáideach ar fáil saor in aisce ar na láithreáin seo a leanas, a bhfuil baint ar leith acu le hÉirinn, a chabhróidh leat tús a chur le do chuardach.
In 2009 rinne an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta athsheoladh ar an láithreán Gréasáin www.irishgenealogy.ie le cabhrú leo siúd de shliocht Éireannach cuardach a dhéanamh ar thaifid dá stair teaghlaigh. Faoi láthair tá níos mó ná 1.3m taifead ginealais na hEaglaise ar Bhaistí, ar Phóstaí agus ar Bhásanna ar fáil le hamharc orthu saor in aisce ar an láithreán, lena n-áirítear 734,000 ó Chathair Bhaile Átha Cliath agus 600,000 ó Chiarraí. Tá leideanna úsáideacha ar an láithreán freisin maidir le tús a chur le do shinsir Éireannacha a rianú.
Tá go leor taifead úsáideach sa Chartlann Náisiúnta. Is féidir cuardach saor in aisce a dhéanamh ar na taifid seo, ina measc Torthaí ó Dhaonáireamh 1911 in Éirinn agus taifead maidir leo siúd a aistríodh idir Éire agus an Astráil (1791–1853)
Tá ábhar cabhrach sa Chartlann Náisiúnta freisin maidir le conas tosú ag cuardach, faisnéis úsáideach maidir le taifid Éireannacha agus sonraí breise faoin líon mór taifead poiblí ar féidir iad a chuardach de láimh i mBaile Átha Cliath.
Cuimsíonn taifid theacht isteach Chalafort Nua-Eabhrac 25 milliún taifead agus áirítear leo sonraí cosúil le hainm, cén áit in Éirinn arb as don duine, dáta theacht isteach sa tír agus an long ar a raibh siad ag taisteal uirthi.
Liostaí Loingis na nImirceach Tá faisnéis ar an láithreán Gréasáin seo maidir le líon mór bád bán. Tá tionscadail ar leith acu, lena n-áirítear lastliostaí digiteacha na long a thug saoránaigh na hÉireann go dtí an Airgintín.
Tionscadal na gCairde atá ar Iarraidh de chuid Boston College Chruthaigh Clár an Léinn Éireannaigh in Boston College bunachar sonraí Idirlín den cholún Missing Friends a bhíodh i gcló i nuachtán an Boston Pilot ó 1831 go 1921. Fógraí arbh ea iad seo ó dhaoine a bhí ag cuardach cairde agus daoine a raibh siad mór leo a bhí ‘ar iarraidh’ tar éis dóibh dul ar imirce ó Éirinn go Meiriceá agus teagmháil leo a chailliúint. Tá 31,711 taifead sa bhunachar sonraí, agus taifead téacs de gach ceann de na fógraí san áireamh ann. Cuimsíonn an fhaisnéis sonraí maidir le cad as an duine, cén uair agus cén chaoi ar thaisteal sé nó sí chuig na Stáit Aontaithe agus, rud tábhachtach, cé hé an duine atá dá gcuardach agus an gaol atá acu leo.
Innéacs Fhógraí Báis na hÉireann Tá fógraí/ailt nuachtáin stairiúla ó gach cearn d’Éirinn ar an láithreán seo. Tá ábhar spéise ar leith ar leathanach na scéalta báis. Tá innéacs san áireamh anseo de 54,102 scéala báis a bhaineann le daoine a rugadh agus/nó a fuair bás in Éirinn, nó daoine ar ndearnadh a mbás a lua i nuachtáin na hÉireann, nó i roinnt nuachtán sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada freisin.

