Clárúchán Saoránach
×
Tá do nasc leis an gClárú Saoránach imithe in éag. Cuir isteach do chuid sonraí arís, le do thoil, chun d'iarratas a chur i gcrích.
Rachaidh do nasc leis an gClárú Saoránach in éag faoi cheann 5 nóiméad mura ndéanfar aon ghníomhaíocht eile. Beidh ort do chuid sonraí a chur isteach arís chun d'iarratas a chur i gcrích.

Tabhair faoi deara le do thoil

Is do shaoránaigh Éireannacha amháin atá an Clárú Saoránaigh.

Tugann saoránaigh Éireannacha atá ag taisteal nó a bhfuil cónaí orthu thar lear faoi Chlárú Saoránaigh, go háirithe má bhíonn siad ag taisteal go háiteanna a mbaineann rioscaí arda leo. Nuair a chláraíonn tú linn, beimid in ann dul i dteagmháil leat má tharlaíonn aon ghéarchéim gan choinne nó éigeandáil teaghlaigh nuair atá tú thar lear. Más gá, beimid in ann aon chúnamh atá uaitse nó ó do theaghlach in Éirinn a thabhairt. Ní choinneoimid do shonraí ach ar feadh tréimhse do thurais thar lear. Más maith leat go mbainfí do shonraí den liosta, cuir sin in iúl dúinn i ríomhphost chuig traveladvice@dfa.ie ón seoladh ríomhphoist a d’úsáid tú nuair a chláraigh tú.

Téarmaí agus Coinníollacha

Ní mór duit na Téarmaí agus Coinníollacha a léamh sula féidir leat leanúint ar aghaidh agus do mhionsonraí taistil a chlárú leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Ráiteas Ginearálta na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Tá an tsaoráid Cláraithe Ar Líne seo do Shaoránaigh á reáchtáil agus á rialú ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Glactar leis go bhfuil na Téarmaí agus Coinníollacha seo glactha ag úsáideoirí na saoráide cláraithe do shaoránaigh. Ní mór duit mar sin na Téarmaí agus Coinníollacha a léamh sula féidir leat leanúint ar aghaidh agus do mhionsonraí taistil a chlárú leis an Roinn.

Ráiteas Príobháideachais

Urramaíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cearta na n-úsáideoirí. Nuair a chuireann úsáideoir faisnéis ar fáil dúinn go deonach, úsáidfear na sonraí sin do na críocha a soláthraíodh iad agus dóibh sin amháin, agus ní thabharfar na sonraí sin d’aon tríú páirtí, ach amháin sa chás go gcuirtear faisnéis ar fáil go sonrach le húsáid i gcás cúnamh éigeandála do shaoránaigh na hÉireann thar lear.

Ní chuirtear aon fhaisnéis phearsanta in iúl dúinn maidir le féachaint ginearálta ar an ngréasán cé go mbíonn faisnéis staidrimh áirithe ar fáil dúinn via ár soláthróir seirbhísí idirlín. Áirítear ar an bhfaisnéis sin seoladh loighciúil an fhreastalaí atá in úsáid agat, an t-ainm fearainn barrleibhéil óna ndéanann tú rochtain ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, etc), an cineál brabhsálaí a bhíonn in úsáid agat, dáta agus am a ndéanann tú rochtain ar ár suíomh agus an seoladh Idirlín a úsáideadh chun nascadh chuig ár suíomh.

Baintear leas as roinnt den fhaisnéis thuas chun staidrimh achoimre a chruthú, a cheadaíonn dúinn an líon cuairteoirí chuig ár suíomh a mheas, na leathanaigh is minice a ndéantar rochtain orthu a aithint. Baintear leas as na staidrimh sin chun go mbeidh ár suíomh chomh éasca agus is féidir le húsáid ag an úsáideoir.

Athruithe ar an Ráiteas Príobháideachais seo

Foirchoimeádaimid an ceart an ráiteas seo a leasú ag aon dáta sa todhchaí. Cuirfear aon athruithe a dhéanfar in airde ar an leathanach seo.

Cosaint Sonraí

Caithfear le do chuid mionsonraí pearsanta leis an gcaighdeán is airde slándála agus rúndachta, go dian de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.

Baineann Cosaint Sonraí le cosaint ar do cheart bunúsach ar phríobháideachas agus ar do cheart rialú a bheith agatsa ar mar a úsáidtear d'fhaisnéis phearsanta. Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ina rialaitheoir sonraí cláraithe faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí.

Úsáidfear gach faisnéis a chuirfear faoi bhráid na Roinne tríd an saoráid cláraithe do shaoránaigh ar líne chun teagmháil a dhéanamh leat agus sin amháin in imthosca eisceachtúla nó i gcásanna éigeandála agus tú ag taisteal thar lear. D’fhonn teagmháil a dhéanamh leat i gcúinsí eisceachtúla nó i gcásanna éigeandála agus tú ag taisteal thar lear a bhainfear úsáid as aon fhaisnéis a thugtar don Roinn tríd an tsaoráid clárúcháin saoránach ar líne. Má chónaíonn tú thar lear agus má thug tú le fios ar an bhfoirm chlárúcháin gur mian leat a bheith san áireamh ar liosta seoltaí na hAmbasáide/na Consalachta, déanfaidh an Ambasáid/an Chonsalacht sa tír sin teagmháil leat maidir le faisnéis agus ábhair is díol spéise do shaoránaigh na hÉireann sa tír sin.

Is é an tosaíocht atá againne sábháilteacht agus leas ár saoránach agus i gcás géarchéime d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh sé riachtanach do chuid faisnéise a thabhairt do thríú páirtí. Ní cheadófaí aon phróiseáil nó nochtadh faisnéise iomchuí eile ach amháin sna himthosca dá dtagraítear thuas.

Glactar le clárú an tríú páirtí agus próiseáiltear sin ar an mbonn tuisceana go bhfuil cead tugtha ag an tríú páirtí lena mbaineann a gcuid mionsonraí a bheith cláraithe leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Próiseáiltear mionsonraí i ndáil le do neasghaol ar an mbonn tuisceana go bhfuil an cead sin faighte ón duine/ ó na daoine sin sula ndéantar an clárú.

Ní choimeádfar sonraí níos faide ná mar is gá d’fhonn na cúise a tugadh iad.

Féadfar do chuid faisnéise a úsáid d’fhonn staidrimh chun ár seirbhís faisnéise do shaoránaigh a fheabhsú.

Trí leanúint ar aghaidh agus an Suíomh seo a úsáid toilíonn tú na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú a phróiseáil mar chuid den tsaoráid chláraithe (lena n-áirítear sonraí a bheadh á sholáthar agat i ndáil le Tríú Páirtí), de réir ár mbeartas príobháideachais. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar an ábhar seo ar an láithreán gréasáin seo a leanas: www.dataprotection.ie

Clásal Séanta

An Roinn Gnóthaí Eachtracha & Trádála a choimeádfaidh an fhaisnéis a chuireann úsáideoirí na saoráide clárúcháin ar líne ar fáil chun críocha teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála.

Tabharfar an fhaisnéis a thabharfar faoi bhráid nuair a dhéantar an clárú chuig Ambasáid na hÉireann nó chuig Consalacht atá creidiúnaithe chuig do cheann scríbe agus coimeádfar an fhaisnéis iontu sin. An t-aon chuspóir atá leis an bhfaisnéis sin a choimeád nó a úsáid ná chun teagmháil a dhéanamh leat más gá agus/nó má iarrann do neasteaghlach orainn sin a dhéanamh, i gcás éigeandála nó géarchéime, nó má thug tú le fios ar an bhfoirm chlárúcháin gur mian leat d’ainm a chur ar liosta seoltaí na hAmbasáide/na Consalachta.

Chun cuidiú leat ar an mbealach is fearr is féidir, féadfaidh an Ambasáid/an Chonsalacht/an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála do chuid mionsonraí a thabhairt do thríú páirtithe a mbeadh muid ag comhoibriú leo i gcás éigeandála. Trí ghlacadh leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo aontaíonn tú leis na nithe seo a leanas ach go háirithe:

  • Féadfaidh an Ambasáid/an Chonsalacht/an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála mo sheoladh, m’uimhir fóin agus Ríomhphost a thabhairt do thríú páirtithe i ndáil le haon éigeandáil a tharlódh sa tír le linn dom a bheith ar cuairt inti agus nuair is gá sin chun mo shaol agus mo shláinte a chosaint.
  • Féadfaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála teagmháil a dhéanamh le mo neasghaol má bhreithnítear sin a bheith cuí agus riachtanach i gcás éigeandála.
  • Ní hionann clárú agus uiríoll nó barántas go rachaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i dteagmháil le húsáideoir na saoráide ar líne. Breithneoidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cibé an ionann cás ar leith agus cás éigeandála agus cibé, i ngach imthosca, an gá teagmháil a dhéanamh le húsáideoir na saoráide.
  • Coimeádann úsáideoirí na saoráide ar líne freagracht as a socruithe taistil féin agus a sábháilteacht phearsanta. Ní choimeádfar an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ná a gcuid oifigeach freagrach as aon ghortú, cailliúint nó damáiste a tharlaíonn do dhuine a chláraíonn tríd an tsaoráid seo, cibé a ndéanann an Roinn teagmháil leis nó léi nó nach ndéanann mar fhreagra ar chás éigeandála;

Ní ghlacann an fhoirm seo ach le huasmhéid de 250 carachtar in aghaidh an réimse

+
+
Ainmnigh teagmhálaí éigeandála nach mbeidh i do chuideachta ar an turas seo, le do thoil.
Tá stádas ard slándála ag do cheann scríbe agus molaimid duit do chuid sonraí iomlána a chlárú linn.
Ó am go chéile, d'fhéadfadh an Roinn, an Ambasáid nó an Chonsalacht dul i dteagmháil leat maidir le faisnéis agus ábhair spéise a bhaineann leis an tír ina bhfuil cónaí ort thar lear.
Is féidir leat do chuid sonraí a chlárú anois, nó b'fhéidir gur mhaith leat tuilleadh eolais faoi do thuras a thabhairt dúinn

Eolas Pearsanta

Moltar do shaoránaigh Éireannacha árachas cuimsitheach taistil agus leighis a fháil roimh thaisteal thar lear dóibh.

Sonraí Teagmhála

+
+

Sonraí na hEagraíochta nó an Fhostóra:

Más ag taisteal le grúpa nó club atá tú, líon isteach an chuid seo le do thoil.
+
Faisnéis bhreise a mheasann tú a bheith ábhartha.