Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cuairt Sheansaighdiúirí na hÉireann ar an gCóiré

Irish veterans and others connected to the conflict in Korea visited the site of the battle of Happy Valley, 62 years on.

Filleann seansaighdiúirí Éireannacha Chogadh na Cóiré ar an láithreacha catha

Rinne ár n-ambasáid i Súl comóradh 60 bliain ar Shos Cogaidh na Cóiré le sraith imeachtaí a bhí dírithe ar rannpháirtíocht na hÉireann i gCogadh na Cóiré. Thug seansaighdiúirí cuairt in athuair ar láithreacha catha agus glac siad páirt i searmanas tiomnaithe le haghaidh leachta chuimhneacháin nua.

I mí Aibreáin 2013 chuir an Ambasáid i Súl in éineacht le Cumann an Somme, Tuaisceart Éireann, Cumann na hÉireann um Chóiré agus Cumann Raidhfil Ríoga Uladh cuimhneachán in airde dóibh siúd a bhásaigh i gCogadh na Cóiré arbh as Éirinn iad. Ghlac dhá sheansaighdiúir déag ón gCogadh a rugadh in Éirinn* páirt sa searmanas tiomnaithe agus thug siad cuairt ar na láithreacha catha inar throid siad.

Cúlra

Tháinig deireadh leis an gCogadh ar Leithinis na Cóiré i 1953, tar éis dhá bhliain idirbheartaíochta agus os cionn trí bliana easaontachta.  Ní raibh Éire mar bhall de na Náisiúin Aontaithe le linn an Chogaidh agus níor cuireadh aon trúpaí as Éirinn chun troda go hoifigiúil. Mar sin féin, throid go leor Éireannach agus daoine d’oidhreacht na hÉireann faoi bhratach na Náisiún Aontaithe – le fórsaí na Breataine agus SAM den chuid is mó, ach le fórsaí na hAstráile, Cheanada agus na Nua-Shéalainne chomh maith. D’fhulaing na daoine reiligiúnacha sin as Éirinn a bhí i láthair tráth thionscnamh na cogaíochta cruatan mór agus bás.

Cuairt ar na Láithreacha Catha

Don chuid is mó de na cuairteoirí, ba é seo a gcéad turas go dtí an Chóiré ó bhí an Cogadh ann. Thug siad cuairt ar chuimhneacháin Ghleann Gloster a thugann Cath Imjin – ‘An Léirscrios Ó Thuaidh de Súl’ inar throid roinnt acu, chun cuimhne. Chuir siad a n-ómós in iúl chomh maith ag Reilig na Náisiún Aontaithe i mBusan, áit a bhfuil go leor dá gcuid comrádaithe adhlactha.

Ba í an chuid ba chorraithí den chuairt ná an suíomh inar tharla cath Happy Valley. Maraíodh, goineadh agus chuaigh 157 fear ar iarraidh ó Reisimint na hÉireann le linn an chatha sin, ina choinnigh Fir Raidhfil Ríoga Uladh siar Fórsaí na Síne a bhí ag déanamh orthu chun le go bhféadfaí Súl a fholmhú. 62 bliain ina dhiaidh sin chuimhnigh na fir ar a gcairde nach bhfuil leo a thuilleadh agus ar an uafás a chonaic siad le linn an chúlaithe. Bhí beirt iníon na bhfear a bhásaigh agus iad i mbun cogaíochta in éineacht leo.

Leacht Chuimhneachán Thiomnaithe

In aimsir an-chosúil le haimsir na hÉireann, nochtadh leacht chuimhneacháin dóibh siúd as Éirinn agus d’oidhreacht na hÉireann a bhásaigh agus iad i mbun seirbhíse faoi na Náisiúin Aontaithe nó mar neamhchomhraiceoirí , ag Láthair Chuimhneacháin na Cóiré. I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí Misinéirí Cholm Cille agus Cumann Anglacánach na Croise Naofa (An Chóiré), dhá Ord a bhfuil naisc láidre acu le hÉireann, a d’fhulaing go mór le linn an Chogaidh.

Is cuid thábhachtach de stair na hÉireann í an rannpháirteachas sa Chogadh agus an ceangal láidir idir Éirinn agus an Chóiré a aithint. Tá leacht chuimhneacháin thiomnaithe oiriúnach chun ómós a léiriú do na fir agus na mná a throid agus a d’fhulaing sa choimhlint uafásach sin.

*Bhí cuairt na seansaighdiúirí mar chuid de chlár Athchúirte Seansaighdiúirí an Chomhlathas arna mhaoiniú ag an Aireacht um Tírghráthóirí agus Ghnóthaí Seansaighdiúirí sa Chóiré.

Ghnéithe Eile

Léigh faoi ghnéithe eile ar an obair a dhéanaimid anseo ag baile agus thar lear.