Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Misean trádála chun na Tuirce

The Tánaiste met Turkish Foreign Minister Ahmet Davutoglu at the start of the Trade Mission to Turkey

Áiríodh ar an Misean Trádála cruinnithe polaitíochta ardleibhéil agus margaí a bheith á ndéanamh agus deiseanna líonraithe do chuideachtaí na hÉireann.

Léiríonn misean trádála a rinne Fiontraíocht Éireann chun na Tuirce le déanaí an cur chuige comhordaithe atá againn maidir le honnmhairiú a spreagadh agus teachtaireacht láidir a sheachadadh ó thaobh téarnamh geilleagrach na hÉireann.

Thaisteal an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, T.D. chun na Tuirce ón 7-10 Aibreán 2013, é i gceannas ar mhisean trádála de chuid Fhiontraíocht Éireann ar 24 cuideachta onnmhairithe Éireannach nuálach. Mar chuid den chuairt bhí cruinnithe ardleibhéal le hairí rialtais tábhachtacha sa Tuirc agus le gníomhaireachtaí stáit agus tugadh deis do na cuideachtaí Éireannacha a bhí ann cur i láthair a dhéanamh, dul i mbun trádála agus a bheith páirteach in imeachtaí líonraithe.

Fógraíodh luach os cionn €30m de ghnó nua ar an misean trádála, lena n-áirítear misean i gcomhar idir ESBI agus comhpháirtí de chuid na Tuirce, Unit Group, chun stáisiún cumhachta a oibriú agus a chothabháil gar do chathair Istanbul. In Ankara, d’oscail an Tánaiste oifigí nua an PM Group, cuideachta dúchasach de chuid na hÉireann a bhfuil cáil idirnáisiúnta láidir acu. Mar cheannródaithe sna hearnálacha fuinnimh, innealtóireachta agus comhairleoireachta a bhí ag díriú ar thuilleadh deiseanna sa Tuirc, ghlac an PM Group agus ESBI páirt i gcruinnithe, faoi stiúir an Tánaiste, in éineacht le hAirí Fuinnimh, Eolaíochta, Tionsclaíoch agus Teicneolaíochta na Tuirce, ag léiriú saineolas earnálach na hÉireann.

Príomhchuspóir de chuid an mhisin na hearnálacha atá ag teacht chun cinn a bhrú ar aghaidh mar sheirbhísí teileachumarsáide, cógaisíochta agus airgeadais agus is seirbhísí iad sin a bhfuil ardchumas ag cuideachtaí na hÉireann iontu.

D’fhógair Kells Stainless agus Combilift margaí nua suntasacha freisin i rith an mhisin trádála. Cé go bhfuil na cuideachtaí sin i mbun feidhme sa Tuirc le roinnt ama anois, ba deis a bhí sa mhisean do dhaoine/chuideachtaí a bhí ag iarraidh dul isteach sa mhargadh casadh le rogha cliaint a d'fhéadfadh a bheith acu agus le comhpháirtithe áitiúla, arna roghnú go cúramach ag Fiontraíocht Éireann.

Príomhchuspóir de chuid an mhisin na hearnálacha atá ag teacht chun cinn a bhrú ar aghaidh mar sheirbhísí teileachumarsáide, cógaisíochta agus airgeadais agus is seirbhísí iad sin a bhfuil ardchumas ag cuideachtaí na hÉireann iontu. Mar chuid den mhisean, shínigh Cumann Onnmhaireoirí na hÉireann meamram tuisceana le Comhthionól Onnmhaireoirí na Tuirce chun an caidreamh gnó agus trádála idir an dá thír a threisiú. Beidh na teagmhálacha a rinneadh ar an turas sin ríthábhachtach chun forbairt a dhéanamh ar an gcaidreamh sin sna blianta atá amach romhainn.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Tánaiste i ndiaidh an Mhisin Trádála: “D’oibrigh ár nAmbasáid sa Tuirc, Fiontraíocht Éireann agus go deimhin baill den Líonra Éireannach Domhanda atá bunaithe in Ankara agus in Istanbul le chéile chun clár a sheachadadh a dhírigh ar chur an méid agus is féidir le deiseanna agus próifíl ghnó na hÉireann, chomh maith le teachtaireacht láidir a sheachadadh de théarnamh geilleagrach na hÉireann chuig Rialtas na Tuirce agus don phobal gnó ansin. Luaigh gach cuideachta a labhair an Tánaiste leo an tábhacht atá le rannpháirtíocht ardleibhéil ón Rialtas chun cuidiú le cuideachtaí na hÉireann gnó a bhaint amach thar lear. Is pribhléid d’aon Aire é an deis a bheith aige/aici ionadaíocht a dhéanamh ar chuid de na cuideachtaí is bríomhaire, is nuálaí agus is iomaíoch de chuid na hÉireann thar lear”.

Ghnéithe Eile

Léigh faoi ghnéithe eile ar an obair a dhéanaimid anseo ag baile agus thar lear.