Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tugann Príomh-Ionchúisitheoir ICC cuairt ar Éirinn

Chief Prosecutor of the International Criminal Court, Mrs Fatou Bensouda

Príomh-Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, Fatou Bensouda Uasal

Ar thuras go hÉirinn le déanaí, chas Príomh-Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, Fatou Bensouda Uasal, le príomhlucht déanta dlíthe agus phlé sí an tslí is féidir le hÉirinn cabhrú leis an gCúirt chun cearta daoine agus riail an dlí a chur chun cinn go hidirnáisiúnta.

Thug Príomh-Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, Fatou Bensouda Uasal, cuairt ar Éirinn an 16 agus an 17 Nollaig 2013. I rith a cúirte chas sí leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, leis an Ard-Aighne agus leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí chun tuairimí a roinnt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gCúirt. Chuir Éire a tacaíocht d’obair na Cúirte in iúl i rith an chruinnithe sin.   Tá Éire ag tacú leis an gCúirt le fada, ag féachaint uirthi mar ghné riachtanach de chóras coiriúil idirnáisiúnta a bhfuil mar aidhm aige deireadh a chur leis an gcultúr nach ngearrann pionós ar choireanna is ábhar imní tromchúiseach iad don phobal idirnáisiúnta.

Thug sí léacht an 16 Nollaig 2013 ag Acadamh Ríoga na hÉireann do lucht éisteachta a bhí comhdhéanta de bhaill den Chór Taidhleoireachta, den ghairm dlí, de bhreithiúna, d’oifigigh rialtais, den lucht acadúil agus de mhic léinn.  An Roinn sin againne agus an Coláiste Ollscoile, Corcaigh a chomhreáchtáil an léacht seo, dar teideal Current Challenges and Future Prospects. Le linn na léachta, a bhí faoi chathaoirleacht an Príomh-Bhreithimh, Susan Denham Oinigh, léirigh an tIonchúisitheoir na dúshláin reatha atá os comhair na Cúirte agus dúirt arís gur ghá do Pháirtithe Stáit le Reacht na Róimhe, a bhunaigh an Chúirt, comhoibriú leis an gCúirt agus tacú leis an gCúirt lena chinntiú go bhféadfaidh sí a cuid oibre a chur i gcrích go héifeachtach.

Labhair Fatou Bensouda Uasal le Comhchoiste an Oireachtais um Ghnóthaí Eachtracha agus Trádáil an 17 Nollaig 2013 agus bhí díospóireacht fiúntach ar roinnt saincheisteanna, lena n-áirítear ar ról na Cúirte maidir le cúinsí coinbhleachta leanúnacha.

Tá Éire ag tacú leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ó bunaíodh í, ag aithint an ról ríthábhachtach atá aici ag cinntiú meas ar an dlí coiriúil idirnáisiúnta ag an leibhéal is airde. Tacaíonn Éire leis an daingniú agus an feidhmiú is leithne is féidir ar Reacht na Róimhe, a bhunaigh an Chúirt. Go dtí seo, tá 122 stát ina bpáirtithe leis an Reacht, a leagann amach sainordú na Cúirte déileáil le coireanna idirnáisiúnta lena n-áirítear cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh.

Thart ar €800,000 a thugann Éire don Chúirt gach bliain. Ina theannta sin, thug Éire tacaíocht airgeadais d’obair na Cúirte maidir le tacú le híospartaigh agus le pobail a mbíonn tionchar ag ainghníomhartha ollmhóra orthu trí ranníocaíochtaí bliantúla le Ciste Iontaobhais na Cúirte d’Íospartaigh.

Fatou Bensouda Uasal a thug an léacht agus an Príomh-Bhreithimh, Susan Denham Oinigh a bhí ina cathaoirleach uirthi.

Chief Prosecutor of the ICC visits Ireland

Maidir leis an ICC

Reacht na Róimhe, a tháinig i bhfeidhm in 2002, a bhunaigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, atá lonnaithe san Háig. Is í an chéad bhuanchúirt choiriúil idirnáisiúnta atá bunaithe ar chonradh d’fhonn cabhrú le ceartas agus cuntasacht a chur ar fáil i ndáil leis na coireanna is mó ábhar imní iad don phobal idirnáisiúnta.