Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Misean Trádála chuig an Aifric Theas agus an Nigéir

Sentinel Fuel Products contract signing Cape Town

Misean Trádála chuig an Aifric Theas agus an Nigéir

Mar chuid de Straitéis na hAifrice, oibrímid chun  infheistíocht agus trádáil déthaobhach idir Éirinn agus tíortha san Aifric a mhéadú.

I Samhain 2013, i rith mhisean trádála Fiontar Éireann faoi stiúir an Aire Trádála agus Forbartha Joe Costello, dhaingnigh cuideachtaí Éireannacha conarthaí nua arbh fhiú os cionn €7m iad agus chruthaigh siad comhaontais ghnó shuntasacha.

Léiríonn na conarthaí sin na deiseanna atá ag fás do chuideachtaí Éireannacha i réigiún na hAfraice Fo-Shaháraí, atá ag forbairt.

Bhí 37 cuideachta as Éireann páirteach sa mhisean trádála, lenar áiríodh Sentinel Fuel Products as Maigh Eo, Chevron Training & Recruitment as Loch Garman agus Kerry Group, chomh maith le Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath. Fiontar Éireann a d’eagraigh é i ndlúthchomhpháirtíocht leis an Roinn agus leis na hAmbasáidí in Pretoria agus Abuja.

Is í an Afraic Theas an mol eacnamaíoch agus an tairseach chuig an Afraic Fho-Shahárach - margadh ina bhfuil os cionn 900 milliún duine.

An Nigéir an tír leis an líon is mó daoine san Afraic. Tá an ráta Olltáirgeachta Intíre 7% in aghaidh na bliana ann agus is margadh tábhachtach é atá ag teacht chun cinn in Iarthar na hAfraice.

Ag labhairt dó in Lagos dúirt an tAire Costello:

“Misean thar a bheith rathúil a bhí anseo, maidir leis an gnó a daingníodh agus na naisc nua a rinneadh agus na daoine nua ar cuireadh aithne orthu. Is mór an t-údar misnigh é go bhfuil cuideachtaí as Éirinn ag dul i mbun gnó nua san Afraic Theas, agus is rud thar a bheith sásúil é féachaint ar Fhiontar Éireann ag oibriú le cuideachtaí nuálacha Éireannacha chun cabhrú leo tosú amach i margaí atá ag forbairt, mar shampla an Nigéir.

Tá mo Roinnse, an líonra Ambasáidí agus na Gníomhaireachtaí Stáit ag oibriú go dlúth le chéile lena chinntiú go dtiocfaidh fás leanúnach ar na honnmhairí Éireannacha chuig na margaí seo atá ag éirí níos tábhachtaí - agus mar sin ag cruthú agus ag cothabháil post in Éirinn”.