Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Pas Éireannach Nua

The New Irish Passport Cliffs of Moher

Léiríonn an dearadh nua cultúr na hÉireann

Tá íomhánna de shainchomharthaí tíre cáiliúla Éireannacha ar an bpas Éireannach nua-dheartha, ina measc Cruach Phádraig, Mainistir na Coille Móire agus Páirc an Chrócaigh, chomh maith le léaráidí a thaispeánann ceol agus damhsa na hÉireann, agus Cluichí Gaelacha.

Nuair a seoladh é an 30 Meán Fómhair 2013, dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore T.D: “Chuiremar an teicneolaíocht slándála is déanaí in éineacht le híomhánna sainroghnaithe chun pas a léiríonn Éire a chruthú - an cultúr, an stair, agus na daoine.

"I measc na n-íomhánna tá radharc álainn ar Aillte an Mhothair agus an tírdhreach nua feadh na Life, le hIonad Comhdhála, Baile Átha Cliath chun tosaigh agus an Teach Custaim agus Halla na Saoirse le feiceáil idir sreanga na cláirsí atá mar chuid de Dhroichead Samuel Beckett.

An Tánaiste: “Chuiremar an teicneolaíocht slándála is déanaí in éineacht le híomhánna sainroghnaithe chun pas a léiríonn Éire a chruthú”

Tá macasamhail de ghrianghraif agus líníochtaí a coimisiúnaíodh go speisialta don phas Éireannach, atáirgthe trí theicnící sainchlódóireachta a chinntíonn go bhfuil ard-slándáil ag an bpas Éireannach. Dearadh agus rinneadh an leabhar in Éirinn, ag grúpa faoi cheannas DLRS i mBré, HID Ireland as Baile na hAbhainn agus an Banc Ceannais. Beidh an dearadh nua seo ar gach pas Éireannach arna n-eisiúint ón 3 Deireadh Fómhair.

Conas cur isteach ar phas:

Uimhreacha a bhaineann leis an bPas:

Eisíodh breis agus 630,000 pas in 2012, thart ar 350,000 díobh ar dhaoine fásta.

Fuarthas 67% den líon iomlán iarratas ar phas trí Sheirbhís na bPasanna Luais.

Fuarthas os cionn 40,000 iarratas trí Sheirbhís na bPasanna Luais Thuaisceart Éireann.

Fuarthas beagnach 53,000 iarratas trí Oifig na bPasanna i Londain, an líon is airde iarratas lasmuigh den Stát.

An dara líon pasanna ba airde a eisíodh ná in Canberra (5,600 pas) agus eisíodh 5,300 pas ón Ard-Chonsalacht i Nua Eabhrac.

Mí Iúil an mhí ba ghnóthaí in 2012 nuair a eisíodh 78,000 pas agus mí na Nollag an mhí ba chiúine, le díreach os cionn 20,000 pas eisithe.