Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Feisire John Lewis ar oidhreacht ghluaiseacht Chearta Sibhialta na SA

Tánaiste and Congressman Lewis

Léacht chomórtha ar ghluaiseacht chearta sibhialta na SA agus a hoidhreacht domhanda i dTeach Uíbh Eachach

Is í gluaiseacht chearta sibhialta na SA agus a hoidhreacht domhanda a bhí mar ábhar ag aitheasc an Fheisire John Lewis, a thug ceathrú léacht chomórtha Theach Uíbh Eachach. Ba léacht chuimhneacháin tionscnaimh Dhónall Uí Chonaill / Frederick Douglass an t-imeacht freisin.

Labhair an Feisire Lewis faoin gcaidreamh uathúil idir Dónall Ó Conaill agus Frederick Douglass agus faoin gcomhchúis a bhí acu mar gur thacaigh an bheirt le díothú agus freisin don inspioráid a bhain gníomhaithe i dTuaisceart Éireann as gluaiseacht chearta sibhialta na SA, i gcaint a thug léiriú ar a dhúthracht i rith a shaoil féin i leith neamhfhoréigin agus athmhuintearais.

Bhí an Feisire Lewis i mBaile Átha Cliath mar chuid d’oilithreacht leis an Faith and Politics Institute, chun a thaithí a roinnt agus chun foghlaim ó thaithí na ndaoine sin a bhí bainteach leis an athmhuintearas in Éirinn. Bhí an Gobharnóir Martin O’Malley ó Maryland agus an Seanadóir Mazie Hirono (Hawai'i) in éineacht leis. Tháinig baill den Faith and Politics Institute le chéile le sliocht Dhónall Uí Chonaill agus Frederick Douglass, agus le gníomhaithe cearta sibhialta ó inné agus inniu don léacht chomórtha agus do phlé, an craoltóir John Bowman i gceannas.

Agus an Feisire á chur in aithne, dúirt an Tánaiste Eamon Gilmore gur ‘duine íocónach a bhí ann a bhain le paintéón na mórcheannairí i ngluaiseacht chearta sibhialta Mheiriceá’

Tánaiste – ‘Is duine íocónach é an Feisire John Lewis a bhaineann le paintéón na mórcheannairí i ngluaiseacht chearta sibhialta na SA’

Thug an Feisire Lewis, a dhéanann ionadaíocht thar ceann Stát Georgia, tiomantas Dhónall Uí Chonaill don neamhfhoiréigean, chun cuimhne, agus an chaoi a ndeachaigh sé seo i bhfeidhm ar Frederick Douglass. Dúirt sé go raibh an tiomantas céanna ag daoine eile ó Gandhi go Martin Luther King Jnr, agus rinne sé cur síos ar an gcaoi ar chloígh sé féin leis an neamhfhoiréigean, in ainneoin fíor-ghéarleanúna agus foréigin go minic.

Thug Michael Farrell, gníomhaí cearta sibhialta Éireannach agus ball den Chomhairle Stáit, chun cuimhne an inspioráid a bhain an ghluaiseacht chearta sibhialta i dTuaisceart Éireann ó ghníomhaithe na SA, go háirithe sa mhéid a foghlaimíodh ón mbeartaíocht agus ón straitéis ar ghlacadh leo i láthair brúidiúlachta i dteagmhálacha leis na húdaráis.

I seisiún ceisteanna agus freagraí leis an lucht éisteachta, thug an Feisire léargas ar a chuid oibre comhaimseartha ar athmhuintearas agus ar a thiomantas leantach do shaincheisteanna cearta sibhialta mar chlárú vótálaithe. Tugadh an tráthnóna chun críche le bronnadh deilbhíní de Frederick Douglass lena sin sean gariníon, Nettie Washington Douglass ar an bhFeisire. Tá sin sean gariníon le Dónall Ó Conaill, Ann Quinlan, sa bpictiúr anseo freisin.

Ann Quinlan John Lewis and Nettie Washington with Douglass statue