Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Glasú Domhanda do Lá Fhéile Pádraig 2014

Niagara Falls, Tourism Ireland’s Global Greening St Patricks Day, 2014

Ó láithreán íocónach Petra san Iordáin, go Niagara Falls agus Table Mountain, déanfaidh cairde na hÉireann ar fud an domhain Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh.

Iompóidh an Státchiste i gcathair ársa Petra san Iordáin, ar Láithreán Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO é, mar aon le rampa sciála Holmenkollen in Oslo, glas don chéad uair ar Lá Fhéile Pádraig 2014, nuair a théann siad i bpáirt le Glasú Domhanda 2014 Thurasóireacht Éireann.

Fágann an tionscnamh bliantúil de chuid Turasóireacht Éireann, le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, go n-iompaíonn mórchuid críoch-chomharthaí mór le rá agus láithreán íocónacha ar fud an domhain glas thart ar Lá Fhéile Pádraig. Is comhartha é an Glasú Domhanda ar an gcaidreamh atá bainte amach le pobail an diaspóra agus leis na comhpháirtíochtaí níos nuaí atá cruthaithe againn ar fud an domhain.

Is é an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, agus an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Leo Varadkar, mar aon le Niall Gibbons, CEO Thurasóireacht Éireann, a d’fhógair an sceideal don Ghlasú Domhanda do Lá Fhéile Pádraig 2014 ar 12 Feabhra 2014.

Is léiriú ar chairdeas é gach uile Glasú mar aon le cuireadh oscailte teacht ar cuairt go hÉirinn.

Ag labhairt dó ag an seoladh dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Eamon Gilmore:

"Tá sé simplí, spreagúil agus tógálach, mar a bhíonn na smaointe is fearr. Ach is toradh freisin é ar obair mhór chrua dhiscréideach, agus réitíonn an bealach do níos mó oibre chrua fós – is é sin an aird a tugadh ar an nGlasú Domhanda a iompú ina naisc níos doimhne le pobail ar fud an domhain agus cuairteoirí breise ag tarraingt ar Éirinn.

Tá níos mó i gceist leis an nGlasú seo ná poiblíocht amháin agus ba mhaith liom béim a chur air sin. Is comhartha iad na Glasuithe de chaidreamh atá cruthaithe againn idir Éire agus pobail an Diaspóra sin againne agus, níos mó agus níos mó, le tíortha mórthimpeall an domhain a ghlacann páirt sa Ghlasú Domhanda as spiorad an chairdis, an ómóis agus na comhpháirtíochta.”

Is deis ar leith gan sárú é Lá Fhéile Pádraig chun Éire a chur chun cinn ar fud an domhain, go háirithe ó thaobh turasóireachta, ach freisin chun daoine a spreagadh le staidéar a dhéanamh in Éirinn agus infheistíocht a dhéanamh inti, agus le sárthaispeántas a thabhairt ar chuideachtaí, táirgí, seirbhísí, bia agus dí na hÉireann.

Cuirfidh tionscnamh Ghlasú Domhanda Thurasóireacht Éireann leis an gclár níos leithne de thaisteal Aireachta do thréimhse Lá Fhéile Pádraig 2014 atá dírithe ar thrádáil agus ar infheistíocht, clár a fhógrófar go luath.”

Liosta de Ghlasú Domhanda Thurasóireacht Éireann – tá réiltín ar Ghlasuithe céad uaire

Great Britain

United States

Canada

Austria

Belgium

Czech Republic

France

Germany

Italy

Malta

Monaco

Netherlands

Norway

Slovenia

Spain

Switzerland

Australia

New Zealand

Jordan

Egypt

India

South Africa

Tuilleadh eolais

Léigh Nótaí an Tánaiste