Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Tánaiste in éineacht leis an Uachtarán Uí Uigín ar chuairt Stáit

Tánaiste to accompany President Higgins on historic State Visit

Tá an chéad chuairt Stáit ag Ceann Stáit na hÉireann ar an Ríocht Aontaithe á reáchtáil beagnach trí bliana ó thug an Bhanríon Eilís II cuairt ar Éirinn i mBealtaine 2011

Beidh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, T.D., in éineacht leis an Uachtarán agus le Sabina Uí Uigín ar chuairt chuig an Ríocht Aontaithe an tseachtain seo. Tá an chuairt á reáchtáil beagnach trí bliana tar éis don Bhanríon Eilís II cuairt a thabhairt ar Éirinn i mBealtaine 2011.

Is clochmhíle i gcaidreamh na Breataine-na hÉireann í an Chuairt Stáit, ó 8-11 Aibreán, agus is deis í machnamh a dhéanamh ar láidreacht agus doimhneacht ár gcaidrimh leis an gcomharsa is cóngaraí dúinn.

Thar aon rud eile, is deis í an chuairt seo an iliomad nasc idir an Bhreatain agus Éire a cheiliúradh. Tá ár gcaidreamh polaitiúil,  ár gcomhpháirtíocht eacnamaíoch agus ár naisc chultúrtha níos láidre ná riamh, agus bonntacaíocht acu ó phobal Éireannach atá beo agus faoi bhláth.

Ireland and Britain are more connected than you think.