Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cuairt an Uachtaráin Uí Uigín ar na Stáit Aontaithe

Visit to Chicago, Illinois & Bloomington, Indiana, USA by The President of Ireland and Sabina Higgins.
Pictured is Mayor of Chicago, Rahm Emanuel, Sabina Higgins and President Higgins.

Thug an tUachtarán Ó hUigín cuairt ar na Stáit Aontaithe ón 8 go dtí an 14 Bealtaine, áit a raibh coinní aige in Chicago, Illinois agus Bloomington, Indiana.

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigín cuairt ar na Stáit Aontaithe ón Déardaoin an 8 Bealtaine go dtí an Chéadaoin, an 14 Bealtaine. Bhí a bhean, Sabina Higgins, in éineacht leis.

Bhí dualgais phoiblí in Chicago, Illinois agus Bloomington, Indiana san áireamh sa gcuairt.

Bhuail an tUachtarán le Méara Chicago, an tUasal Rahm Emanuel agus le Gobharnóir Illinois, an tUasal Pat Quinn. Bhuail sé freisin le baill de phobal gnó Gael-Mheiriceánach Chicago ag imeacht a d’óstaigh Bord Chicago den Chiste Gael-Mheiriceánach. Thug an tUachtarán aitheasc ag imeacht a chomh-óstaigh Comhairle Chicago ar Ghnóthaí Domhanda agus an Harris School of Public Policy ag Ollscoil Chicago i gcomhar le roinnt eagraíochtaí pobail Éireannacha agus eagraíochtaí áitiúla eile.

Visit to Chicago, Illinois & Bloomington, Indiana, USA by The President of Ireland and Sabina Higgins. Pictured is President Higgins and Sabina Higgins meeting children at Gaelic Park, Chicago. Picture by Shane O'Neill / Copyright Fennell Photography 2014.

Ba ghné lárnach de chuairt an Uachtaráin a rannpháirtíocht le pobal Éireannach Chicago. Thug sé cuairt ar Chicago Gaelic Park agus ar Ionad Oidhreachta Gael-Mheiriceánach Chicago, a raibh cruinniú leis an eagraíocht Chicago Irish Immigrant Support san áireamh ann. Ag a alma mater, Ollscoil Indiana in Bloomington, thug sé an t-aitheasc ag an searmanas bronnta céime bliantúil agus bronnadh Dochtúireacht Oinigh sa Léann Daonnachtúil air.

Visit to Chicago, Illinois & Bloomington, Indiana, USA by The President of Ireland and Sabina Higgins. Pictured at Indiana University, Bloomington receiving an Honorary Degree is President Higgins and President of Indiana University, President McRobbie. Picture by Shane O'Neill / Copyright Fennell Photography 2014.

Lean an chuairt ar Twitter

#IRLPresUS14

Lean an Ambasáid sna SA (@IrelandEmbUSA), an Chonsalacht in Chicago (@IrelandChicago) agus ár gcuntas twitter (@dfatirl) le nuashonrú beo ar chuairt an Uachtaráin a fháil.