Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Comhdháil Ghnó Mheicsiceo-Bhaile Átha Cliath

Pictured is Tánaiste & Minister for Foreign Affairs Eamon Gilmore TD speaking on the first day of the Mexico-Dublin Business Conference which runs from the 1-2 May. Photo Chris Bellew / Copyright Fennell Photography 2014

Díríonn an Tánaiste ar acmhainneacht na hÉireann mar gheata chun na hEorpa do ghnólachtaí Mheiriceá Laidinigh atá ag iarraidh infheistíocht agus leathnú a dhéanamh

Dhírigh an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, T.D., ar acmhainneacht na hÉireann mar gheata chun na hEorpa do ghnólachtaí Mheiriceá Laidinigh a bhí ag iarraidh infheistíocht agus leathnú a dhéanamh.

Agus príomhaitheasc á thabhairt aige do cheannairí gnó as Meicsiceo a bhí ag freastal ar an gcéad Chomhdháil Ghnó Mheicsiceo-Bhaile Átha Cliath, dúirt an Tánaiste:

“Tá breis agus 1,000 cuideachta thar lear tar éis Éire a roghnú mar bhonn straitéiseach san Eoraip. Tá ocht as na deich gcuideachta ICT domhanda is mó, naoi gcinn as na deich gcuideachta cógaisíochta domhanda is mó, agus gach ceann de na deich gcuideachta ar líne is mó ar domhan bunaithe in Éirinn. Rangaigh staidéir neamhspleácha Éire sa gcéad áit ar domhan mar gheall ar sholúbthacht agus ar inoiriúnaitheacht ár bhfórsa oibre agus Baile Átha Cliath mar an chathair is fearr ar domhan dá caipiteal daonna.

“Tá téarnamh inbhuanaithe ar siúl in Éirinn agus 5,000 jab nua á gcruthú gach mí. Bhí onnmhairithe agus infheistíocht isteach lárnach sa téarnamh seo, agus tá an Rialtas meáite ar na beartais agus ar an timpeallacht rialála a d’éascaigh an cur chuige cruthaitheach agus seachtrach seo a choinneáil.

Is í Meicsiceo an comhpháirtí trádála is mó atá ag Éirinn i Meiriceá Laidineach. D’onnmhairigh Éire luach €690 milliún d’earraí go Meicsiceo in 2013, beagnach trí uaire luach ár n-onnmhairithe in 2000. Tá cuideachtaí Éireannacha – sna hearnálacha pacáistithe agus agraibhia agus níos mó agus níos mó anois san eitlíocht – ag breathnú ar Mheicsiceo do chomhpháirtíochtaí atá lárnach d’oscailt mhargaí nua agus d’fhorbairt chaidreamh trádála nua. Tá cuideachtaí as Meicsiceo ar lorg comhpháirtithe nua freisin d’infheistíocht agus do chomhoibriú. Ba mhaith liom a cheapadh go bhfaighidh sibhse amach, sibhse a thaistil go Baile Átha Cliath, gurb í Éire a bheidh ina geata chun na hEorpa díobh”.

President Michael D Higgins with President Enrique Pena Nieto, President of Mexico at the Palacio Nacional in Mexico City on the second day of the Presidents 12 day official visit to Mexico, El Salvador and Costa Rica. photo Chris Bellew /Copyright Fennell Photography 2013

Tá caidreamh idir Éire agus Meicsiceo ag dul i méid go láidir, go háirithe le cuairt Uachtarán na hÉireann, Michael D Higgins ar Mheicsiceo an bhliain seo caite. Beidh Comhdháil Ghnó na seachtaine seo ina céim thábhachtach i bhforbairt chaidreamh déthaobhach Mheicsiceo-na hÉireann.

Minister Costello and Secretario Meade

Tabharfaidh an tAire Trádála agus Forbartha, Joe Costello T.D., a sheol an Fóram Trádála Mheiriceá Laidinigh le deireanaí, tionscnamh de chuid Chumann Onnmhaireoirí na hÉireann, aitheasc do thoscairí freisin i dTeach Uíbh Eachach ar an Aoine, 2 Bealtaine.

Mheall an Chomhdháil Ghnó Mheicsiceo-Bhaile Átha Cliath, ar thionscnamh é de chuid Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Oisín Quinn, suim láidir ó phobail ghnó i Meicsiceo agus in Éirinn.

Pictured is, from left, Mexican Ambassador to Ireland, Carlos Garcia De Alba, Dublin’s Lord Mayor Oisin Quinn, Tainaiste & Minister for Foreign Affairs Eamon Gilmore TD, H.E. Sonja Hyland, Irish Ambassador to Mexico and Ramiro Hernandez, Mayor of Guadalajara on the first day of the Mexico-Dublin Business Conference which runs from the 1-2 May.