Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cad é an bealach is fearr chun Pas Éireannach a fháil?

Seirbhís na bPasanna Luais

Is é an córas Passport Express an córas is tapa, is saoire agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar do phas. Déan iarratas trí d’oifig an phoist áitiúil, in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann, agus tá sé mar aidhm ag an Seirbhís na bPasanna pasanna a bheith ar ais chugat taobh istigh de 10 lá oibre ón am a fhaightear iarratais a bheidh comhlánaithe go hiomlán d’fhormhór iarratasóirí. Ná bain úsáid as an modh seo má tá do phas de dhíth ort i dtráth níos lú ná deich lá oibre. Má tá tú ag déanamh iarratais den chéad uair nó má tú ag fáil pas nua mar gheall ar leabhair caillte nó goidte, d’fhéadfadh go mbeadh suas le 15 lá oibre san am próiseála.

Seirbhís na bPasanna Luais

 

Getting your Irish Passport Infographic

An dteastaíonn sé uait níos luaithe ná deich lá?

Tá córas coinní pasanna ar líne ar fáil d’aga slánúcháin ag na hOifigí Pasanna i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Leis seo bíonn custaiméirí in ann sliotán ama a chur in áirithe do choinne sula dtéann siad chomh fada leis an oifig ag sábháil am ó tharla nach mbeidh orthu dul sa chiú ag Oifig na bPasanna. Tugtar tosaíocht sa chóras do dhaoine a bhfuil riachtanais taistil práinneacha acu. Moltar do gach duine eile úsáid a bhaint as Seirbhís na bPasanna Luais. Déan áirithint ag ár seirbhís coinní do phasanna.

Ag taisteal laistigh de 48 uair an chloig?

Ceadóidh clár píolótach Mear-Athnuachana atá bunaithe ag oifig na bpasanna i mBaile Átha Cliath ar Shráid Theach Laighean do phasanna a athnuachan laistigh d’aon lá amháin – trí choinne amháin – do shaoránaigh a bhfuil fadhb le pas acu ag an nóiméad deiridh. Beidh 20 coinne ar fáil gach lá go dtí Deireadh Fómhair 2014. Is féidir coinní a dhéanamh ó 2.30pm an lá roimhe trí chuairt a thabhairt ar sheirbhís coinní do phasanna.

I gcás fíoréigeandála ar nós bás thar lear, cuireann an tSeirbhís Pasanna seirbhís éigeandála ar fáil. Glaoigh ar 01-6711633 le do thoil.

Ag cónaí thar lear?

Déan teagmháil leis an Ambasáid Éireannach is gaire duit.

Cad é an bealach is fearr chun pas a fháil? Is é an córas Seirbhís na bPasanna Luais an córas is tapa, is saoire agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar do phas.

Seachain trioblóid

Is é an samhradh an t-am is gnóthaí sa bhliain – faighimid os cionn 23,000 iarratas in aghaidh na seachtaine. Dá bhrí sin is féidir leat am agus trioblóid a shábháil trí iarratas a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Déanaimid iarracht gach glaoch chuig Oifig na bPasanna a fhreagairt, ach is féidir leat am a shábháil trí fhéachaint ar na ceisteanna is coitianta a chuirtear maidir le pasanna.

Cá rachaidh mé?

Baile Átha Cliath

Oifig na bPasanna,
Sráid Theach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.

Teil. +353 1 671 1633

Feidhmíonn an oifig i mBaile Átha Cliath faoi láthair ar bhonn coinní ón 9am go 4.50pm, Luan go hAoine. Cuir coinne in áirithe linn le do thoil.

Féach ar Oifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath ar léarscáil níos mó.

Corcaigh

Oifig na bPasanna,
1a an Meal Theas,
Corcaigh.

Teil. +353 21 494 4700

Feidhmíonn an oifig i gCorcaigh faoi láthair ar bhonn coinní ón 9am go 4.50pm, Luan go hAoine. Cuir coinne in áirithe linn le do thoil.

Faigh tuilleadh eolais ar líne

Láithreán gréasáin

Cuireann ár láithreán gréasáin treoir chuimsitheach ar an gcóras pasanna, seirbhís mheabhrúcháin, coinní áirithinte agus ceisteanna a chuirtear go minic ar fáil.

Twitter

Sheol Oifig na bPasanna cuntas Twitter ag @PassportIRL - lean é chun tuilleadh eolais a fháil mar aon leis an eolas is deireanaí go rialta