Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Kevin O'Malley, Ambasadóir Nua na Stát Aontaithe chun na hÉireann

H.E. Mr. Kevin F. O’Malley, Ambassador of the USA, presenting his Letter of Credence to the President at Áras an Uachtaráin

A.S. an tUasal Kevin O’Malley ag cur a dhintiúr i láthair an Uachtaráin

Chas an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, le hAmbasadóir nua na Stát Aontaithe chun na hÉireann, Kevin O’Malley, chun plé a dhéanamh ar chaidreamh trádála idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe; ar Thuaisceart Éireann, agus ar athchóiriú an chórais inimirce.

Ambassador O'Malley and Minister Flanagan

Ag labhairt tar éis a gcruinnithe sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, dúirt an tAire Flanagan:

“Tá caidreamh iontach ag Éirinn lenár gcairde i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is caidreamh ilghnéitheach é a bhfuil an cairdeas ina shaintréith de. Le linn ár gcruinnithe, luaigh an tAmbasadóir O’Malley agus mé féin go leor de na tosaíochtaí atá comónta eadrainn.

“Phléamar conas an caidreamh trádála agus eacnamaíoch atá againn a neartú tuilleadh, chomh maith leis an tábhacht atá le feabhas a chur ar na naisc idir mhuintir na hÉireann agus muintir Mheiriceá trí mhalartuithe oideachais agus cultúir a eagrú.

“Phléamar chomh maith na forbairtí is déanaí maidir le Tuaisceart Éireann, áit a raibh agus a mbeidh ról na Stát Aontaithe go hiomlán ríthábhachtach, go háirithe agus sinn ag ullmhú do chainteanna atá dírithe ar an deacracht pholaitiúil reatha a réiteach.

“Chuir mé béim chomh maith ar an tábhacht atá leagtha ag an Rialtas ar athchóiriú chóras inimirce na Stát Aontaithe agus mhínigh mé dó mar a théann saol ár saoránach thar lear nach bhfuil cáipéisí inimirce acu i gcion ar a lán teaghlach in Éirinn.

“Bhí ríméad orm an chéad chruinniú oifigiúil a reáchtáil leis an Ambasadóir O’Malley, agus a bheith i láthair níos luaithe inniu ag a shearmanas dintiúr leis an Uachtarán Ó hUigín. Bhí mé i Washington DC chomh maith an tseachtain seo caite nuair a ghlac sé a mhionn os comhair an Leas-Uachtaráin Biden – ócáid iontach ina labhair an Leas-Uachtarán Biden go ceanúil ar Éirinn agus ar a oidhreacht Éireannach.

Minister Flanagan with Ambassador O’Malley and Ireland’s Ambassador to the US, Anne Anderson, in Washington

“I bhfianaise réimse agus doimhneacht ár gcaidreamh leis na Stáit Aontaithe agus i bhfianaise na gcomhthosaíochtaí agus na gcomhspriocanna atá aitheanta againn, táim féin agus mo Roinn ag súil le bheith ag obair go dlúth leis an Ambasadóir O’Malley le linn a thréimhse oifige.”