Gnó a Thosú
Fiontraíocht Éireann – An Clár Start in Ireland
Tá roinnt tacaíochtaí cláir agus airgeadais ar fáil do dhuine ar bith ar mian leo gnó a chur ar bun in Éirinn. Reáchtálann Fiontraíocht Éireann an clár Start in Ireland a dhéanann iarracht daoine ó thar lear, idir Éireannaigh agus daoine nach Éireannaigh iad, a mhealladh le gnó a chur ar bun in Éirinn.
IDA Ireland
Má rialaítear an chuideachta a bhfuil sé beartaithe agatsa a bhunú in Éirinn ó lasmuigh d’Éirinn, d’fheadfadh go gcáileofá do chúnamh ó IDA Ireland. Tá an IDA freagrach as Infheistíocht Dhíreach Eachtrach a mhealladh agus tacú léi.