Leanaí
Is rud mór é í leanaí a shocrú isteach agus tú ag smaoineamh ar bhogadh.

AnRoinn Leanaí agus Gnóthaí Óige atá freagrach as príomhréimsí beartais agus soláthair do leanaí, do dhaoine óga agus do theaghlaigh agus an Roinn Oideachais agus Scileanna atá freagrach as oideachas agus oiliúint.
Cuireann an tseirbhís Eolas do Shaoranaigh a lán eolais atá úsáideach ar fáil maidir le bogadh go scoileanna in Éirinn ó thar lear, go Bunscoil agus go Meánscoil.
Na Luathbhlianta (Réamhscolaíocht)
Is é 6 an aois scoile éigeantach in Éirinn agus tá gach cineál oideachais réamh-bhunscoile roghnach. Ach is féidir leanaí ó aois a 4 a chlárú i ranganna naíonán i mbunscoileanna. Freastalaíonn beagnach 40% de leanaí 4 bliana d’aois agus is beag nach bhfreastalaíonn gach leanbh 5 bliana d’aois ar an mbunscoil áit a gcuirtear luathoideachas ar fáil i ranganna naíonán.
Ta an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige freagrach as príomhréimsí beartais agus soláthair do leanaí, do dhaoine oga agus do theaghlaigh lena n-áirítear cúram leanaí sna luathbhlianta agus an bhliain réamhscoile saor in aisce faoin gClár Cúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE).
Is é Tusla an ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach agus cuireann sí raon seirbhísí ar fáil do leanaí lena n-áirítear eolas ar réamhscoileanna, ar ghrúpaí súgartha, ar naíolanna, creiseanna, agus ar sheirbhísí comhchosúla don dream faoi bhun a 6.
Leanaí a théann ar Scoil
Tá oideachas éigeantach do leanaí in Éirinn ó aois a sé go sé bliana déag nó go mbeidh trí bliana oideachais dara leibhéal críochnaithe ag daltaí.
Tá áis chuardaigh Find a School ar fud na tíre ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar a láithreán gréasáin.
Iar-mheánoideachas
Cuimsíonn an earnáil oideachais tríú leibhéal in Éirinn ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta, agus coláistí oideachais – ar a dtugtar institiúidí ardoideachais nó HEIanna. Tugann an tseirbhís Eolas do Shaoránaigh eolas cuimsitheach faoi na Roghanna Tríú Leibhéal atá ar fáil agus cén chaoi le rochtain a fháil orthu agus tú ag bogadh go hÉirinn. Áirítear san eolas seo rátaí, rialacha, aitheantas cáilíochtaí agus conas iarratas a dhéanamh.
Is féidir eolas ar dheiseanna breisoideachas agusardoideachas agus oiliúna dóibh siúd a bhfuil an scoil fágtha acu a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Foghlaim tuilleadh faoi Roghanna Oiliúna.