Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Lá Fhéile Pádraig

Déantar Lá Fhéile Pádraig agus cad atá i gceist le bheith i d'Éireannach a cheiliúradh ar fud an domhain; an spiorad, an diongbháilteacht, an chruthaitheacht agus an tréith ar leith sin a idirdhealaíonn muid ó dhaoine eile. Tá cumas iontach ag Éirinn agus gach bliain, baineann an líonra Ambasáidí leas as Lá Fhéile Pádraig chun a léiriú don domhan cad is féidir linne a dhéanamh.

Lá Fhéile Pádraig 2013

I mbliana, d’oibrigh ár bhfoireann sna hAmbasáidí le gníomhaireachtaí stáit na hÉireann chun na nithe seo a leanas a eagrú:

  • 180 imeacht oifigiúil le breis agus 84,000 duine i láthair
  • 87 cruinniú polaitíochta ardleibhéil
  • 20 cuairt dírithe ar thrádáil chuig comhpháirtithe nua agus seanbhunaithe
  • 70 cruinniú le cuideachtaí
  • 45 ‘Glasú’ ar láithreáin domhanda mór le rá

Thar thréimhse Lá Fhéile Pádraig, chuaigh na hiarrachtaí sin i bhfeidhm ar na milliúin daoine ar fud an domhain, agus chuir sin le próifíl na hÉireann agus d’fheabhsaigh sin ár gcáil idirnáisiúnta.

An raibh a fhios agat? I mbliana den chéad uair riamh a d’iompaigh iontas an tseansaoil (Pirimidí Giza) glas do Lá Fhéile Pádraig.

Cad a dhéanaimid

Ceann de na láidreachtaí atá againn mar thír ná muintir na hÉireann féin agus le linn thréimhse Lá Fhéile Pádraig, cuireann cuairteanna ó Airí Rialtais leis an obair leanúnach a bhíonn ar siúl ag an líonra Ambasáidí agus gníomhaireachtaí stáit chun cur le feasacht agus le misneach in téarnamh geilleagrach na hÉireann, chomh maith leis an méid is féidir linn a thairiscint mar náisiún a léiriú.

Glacann Airí páirt i raon imeachtaí éagsúla, lena n-áirítear cruinnithe maidir le trádáil, turasóireacht agus deiseanna infheistíochta, agallaimh na meán, imeachtaí líonraithe, agus cruinnithe déthaobhacha le hAirí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, mar aon le himeachtaí ardphróifíle eile mar shearmanais Glasaithe.

An raibh a fhios agat? Thug an Taoiseach, an Tánaiste agus 18 aire cuairt ar 21 tír ar fud an domhain chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig.

Ár ngeilleagar a fhás

Tugann an fócas ar Éirinn ar Lá Fhéile Pádraig deis iontach dúinn a léiriú don domhan go bhfuil an tír seo oscailte agus ar fáil chun dul i mbun gnó. Cuidíonn cuairteanna ó Airí agus imeachtaí chur chun cinn chun caidrimh a chothú le margaí nua, infheistíocht agus turasóireacht a spreagadh, deiseanna a chruthú do ghnólachtaí Éireannacha agus an teachtaireacht a sheachadadh go bhfuil Éirinn chun téarnamh geilleagrach a chinntiú.

An raibh a fhios agat? D’iompaigh Stocmhalartán Nua-Eabhrac glas nuair a reáchtáladh Lá na hÉireann ann, cruinniú mullaigh gnó idirnáisiúnta ag ar léiríodh deiseanna infheistíochta in Éirinn.

Ár gcultúr a roinnt

Déanaimid ceiliúradh ar ár gcultúr agus ar ár n-oidhreacht shaibhir agus táimid bródúil as an tionchar atá ag ár gcultúr ar litríocht, ealaín agus ar cheol an domhain. Is deis iontach é Lá Fhéile Pádraig dúinne ár gcultúr a roinnt le daoine eile, go háirithe i dtíortha nach bhfuil an oiread sin eolais ar fáil iontu maidir le hÉirinn. Oibríonn foireann ár nAmbasáidí go dlúth le Cultúr Éireann chun imeachtaí cultúir a léiriú thart ar Lá Fhéile Pádraig, ag tarraingt aird mhór dhearfach ar chultúr na hÉireann agus ar Éirinn mar áit chun cuairt a thabhairt uirthi, chun staidéar inti agus chun dul i mbun gnó ann.

An raibh a fhios agat? Lean féile Lá Fhéile Pádraig Vienna ar feadh sé lá agus áiríodh ann slua mór de dhamhsóirí Gaelacha gan choinne i gcóras iarnróid faoi thalamh na cathrach.

Buíochas a ghlacadh

Is tréimhse iontach é Lá Fhéile Pádraig d’Éirinn chun dul le dteagmháil le comhpháirtithe fadtéarmacha, cairde, eagraíochtaí deonacha agus pobail agus pobail Éireannach ar fud an domhain agus buíochas a ghlacadh leo as an tacaíocht leanúnach a thugann siad agus an méid a chuireann siad leis an tír seo.

An raibh a fhios agat? Seoladh aip agus ríomhleabhar Stair na hÉireann i 100 rud mar bhronntanas saor in aisce ó Éirinn don domhan le haghaidh Lá Fhéile Pádraig.