Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Éire Dhomhanda: Straitéis na hÉireann don Afraic go dtí 2025

Sheol an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Simon Coveney, T.D., agus an tAire don Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta Ciarán Cannon, T.D., Straitéis úr an Rialtais don Afraic ar an 28 Samhain 2019.

Ag tógáil ar theagmhálacha fadbhunaithe na hÉireann leis an Afraic, agus mar chuid den tionscnamh Éire Dhomhanda, tá an Straitéis seo mar thaca faoi leathnú láithreacht taidhleoireachta na hÉireann ar an mór-roinn. Osclófar trí Ambasáid nua de chuid na hÉireann i dTuaisceart agus in Iarthar na hAfraice. Iarrfaidh Éire stádas Breathnóra Chomhlaigh ag Comhphobal na dTíortha Portaingéilise, ar tíortha Afracacha iad bunús a chuid ball.

Le ‘Éire Dhomhanda: Straitéis na hÉireann don Afraic go dtí 2025’, déanfaidh Éire na comhpháirtíochtaí polaitíochta le tíortha agus institiúidí na hAfraice a neartú. Cuirfear creata i bhfeidhm d’fhonn borradh a chur faoi thrádáil agus infheistíocht. Faoi 2025, déanfar líon na gComhaltachtaí a bheidh ar fáil do mhic léinn iarchéime ón Afraic a dhúbailt. Forbróidh Éire deiseanna úra le haghaidh naisc chultúrtha níos láidre.

Tarraingíonn an Straitéis aird ar a thábhachtaí atá ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach i dtaca leis an gcaidreamh le tíortha na hAfraice a neartú, agus léirítear tiomantas na hÉireann do chomhoibriú níos dlúithe le comhpháirtithe an Aontais Eorpaigh agus na hAfraice chun bonneagar polaitiúil níos uaillmhianaí agus níos éifeachtaí a fhorbairt chun taca a chur faoi chomhpháirtíocht neartaithe idir an tAontas Eorpach agus an Afraic. Cuirfidh Éire freisin le teagmhálacha le comhpháirtithe Afracacha trí institiúidí iltaobhacha, amhail na Náisiúin Aontaithe.

Straitéis na hÉireann don Afraic go dtí 2025

|