Óráid an Tánaiste chuig Comhlachas Tráchtála na Stát Aontaithe
15 May 2014
An Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, le Mark Redmond (Príomhfheidhmeannach) agus Louise Phelan (Uachtarán), Chomhlachas Tráchtála na S.A.M
Cuireann sé áthas ar leith orm a bheith anseo inniu chun bualadh le baill an Chomhlachais agus a gcuid aíonna, daoine a gcuireann gach duine díobh go mór leis an gcaidreamh fuinniúil geilleagrach atá idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe. Tá an caidreamh seo lárnach do shláinte gheilleagrach na hÉireann agus tugann an lá inniu deis mhaith dúinn an caidreamh a cheiliúradh agus machnamh a dhéanamh ar na bealaí ar féidir cur leis sa todhchaí.
Is léiriú é neart an chaidrimh gheilleagraigh atá idir an dá thír ar na ceangail níos leithne stairiúla, chultúrtha agus pholaitiúla atá eadrainn. Tá an caidreamh sin tógtha ar bhunchloch rí-láidir comhthuisceana agus muiníne ina chéile, ar chomhleas agus ar chleamhnacht nach beag. Is caidreamh a bhíonn ag forbairt i gcónaí an caidreamh sin eadrainn – ag glacadh i gcónaí leis na gnéithe is nua-aimseartha dár sochaí chomh maith leis na gnéithe is traidisiúnta, caidreamh a bhíonn i gcónaí ag cruthú deiseanna nua don dá thaobh.
Mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cuireann sé ríméad orm a bheith lárnach sa chaidreamh tábhachtach seo. Is iomaí sin cuairt atá tugtha agam ar na Stáit Aontaithe ó ghlac mé cúraim na hoifige seo orm féin. Thaisteal mé go Washington agus go Nua-Eabhrac, go dtí Atlanta agus go New Orleans agus tá mé ag súil go mór le filleadh ar Nua-Eabhrac arís i Meán Fómhair.
Idir an dá linn bím i dteagmháil go rialta le cairde sna Stáit Aontaithe agus bíonn céad míle fáilte rompu anseo i gcónaí. Bhí áthas ar leith orm bualadh leis an toscaireacht ardleibhéil a tháinig anseo as Texas le gairid, áit a n-osclófar an Ard-Consalacht is nuaí de chuid na hÉireann go luath.
An mhí seo caite bhí sé de phribhléid agam a bheith i m’óstach don Fheisire John Lewis as Georgia, ag Teach Uíbh Eachach, nuair a thug sé léacht inspioráideach ar ghluaiseacht cearta sibhialta na Stáit Aontaithe agus ar an tionchar a bhí ag aici ar an domhan mór.
Bhí áthas orm go raibh roinnt de bhaill an Chomhlachais atá anseo inniu in ann a bheith i láthair ag an ócáid. Thug an Feisire Lewis chun cuimhne ina aitheasc an caidreamh leithleach a bhí idir Dhónall Ó Conaill agus Frederick Douglass, daonfhuascailteoir na Stáit Aontaithe, a thug cuairt ar Éirinn i 1845, duine ar imir an muintearas dlúth a bhí aige le Dónall Ó Conaill tionchar mór ar a chuid oibre.
Chuir mé fáilte an tráthnóna sin i dTeach Uíbh Eachach roimh gariníonacha den tríú glún le Dónall Ó Chonaill agus le Frederick Douglass, a bhfuil dlúthchaidreamh idir an dá theaghlach díobh go dtí an lá inniu. Bhí comhrá thar a bheith spéisiúil againn ag an ócáid faoi na bealaí inar thug na hiarrachtaí chun comhionannas agus ceartas sóisialta a bhaint amach sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn tacaíocht dá chéile. Sampla eile de réimse, doimhneacht agus éagsúlacht an mhuintearais atá idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe.
Tá tábhacht ag baint lenár gcaidrimh idirnáisiúnta. Agus le trí bliana anuas nó mar sin b’éigean dúinn níos mó oibre a chur isteach sna caidrimh sheachtracha ar mhaithe le cáil na hÉireann a athshlánú i ndiaidh na géarchéime geilleagraí.
Sna trí bliana sin tá dul chun cinn suntasach déanta againn chun an ceann is fearr a fháil ar an ngéarchéim gheilleagrach sin a fuaireamar le hoidhreacht in 2011 agus chun ár gcaidrimh le tíortha eile a athshlánú, a láidriú agus a athnuachan, agus go háirithe leis na Stáit Aontaithe, cara maith a chaith go cothrom linn i gcónaí.
Tá dul chun cinn mór déanta againn chun an geilleagar seo a thabhairt slán – tá na bainc cobhsaithe, tá eagar agus ord curtha ar chúrsaí airgeadais phoiblí agus d’éirigh linn an Clár EU/IMF a fhágáil gan líne creidmheasa réamhchúraim. Bhí dramhstádas gearrtha ar bhannaí na tíre mar gheall ar an méid a tharla ach anois tá grád infheistíochta tugtha dóibh ag na mórghníomhaireachtaí rátála ar fad agus tá áit na hÉireann ar na margaí caipitil ar ais ar a gnáth-sheasamh. Is ionann toradh ár gcuid bannaí inniu agus beagán os cionn 2.6% (2.63%).
Táimid ag déanamh dul chun cinn leanúnach sa téarnamh náisiúnta agus tá comharthaí níos mó ann go bhfuil téarnamh níos inbhuanaithe agus níos leithne sa gheilleagar ag teacht chun cinn, agus feabhas suntasach ar na huimhreacha fostaíochta, áit ar cruthaíodh 61,000 post sa bhliain atá caite.
Dá bharr sin tá titim tosaithe ag teacht ar na leibhéil dífhostaíochta agus is é 11.7 faoin gcéad an ráta caighdeánaithe dífhostaíochta is déanaí – an ráta is ísle le cúig bliana, anuas ó bhuaic 15 faoin gcéad.
Cé go bhfuilimid ag dul sa treo ceart tá an dífhostaíocht fós ró-ard agus is é cruthú post an phríomhthosaíocht i gcónaí. Sin an fáth go bhfuil 2014 ainmnithe againn mar Bhliain na bPost agus táimid ag leanúint réimse straitéisí sa rialtas chun an timpeallacht cheart a fhorbairt le haghaidh cruthú post.
Mar chuid den straitéis sin chuireamar mórchlár spreagtha i bhfeidhm in 2012 a chuir infheistíocht caipitil bhreise ar fáil chun tacú leis an infheistíocht sa bhonneagar agus san fhostaíocht.
Níos luaithe an tseachtain seo d’fhógraíomar céim a ceathair den chlár seo a chuirfidh €200 milliún breise ar fáil le hinfheistiú i dtionscadail nua thar réimse earnálacha, lena n-áirítear scéimeanna bóithre agus scéimeanna tithíochta sóisialta. Beidh an méid seo sa bhreis ar an €3.3 billiún d’infheistíocht caipitil a chuirfidh an Státchiste ar fáil i mbliana.
Ar cheann de na dúshláin is mó atá againn tá gníomhaíocht chothromaithe a chur ar ais ar fud an gheilleagair. Mar is eol daoibh, nuair a phléasc an bolgán tithíochta anseo scriosadh an earnáil tógála. Fágann sé sin gur iar-oibrí tógála é duine as gach cúigear de na daoine atá dífhostaithe.
Chun tacú le téarnamh na hearnála tógála d’fhoilsigh an Rialtas, díreach an tseachtain seo, Straitéis nua don earnáil tógála arna cheapadh chun an t-aschur tithíochta a mhéadú a thrí oiread faoi 2020 agus ar an gcaoi sin 60,000 post a chruthú san earnáil tógála.
Leagfar an bhéim sa todhchaí ar théarnamh an gheilleagair a thabhairt chun críche, poist a chruthú agus tír níos fearr a dhéanamh d’Éirinn i ndiaidh na géarchéime.
Cé gur iomaí dúshlán atá fós ann, tríd is tríd in 2014 táimid in áit i bhfad níos fearr agus níos dóchasaí.
Is mian liom an méid tábhachtach a chuireann Infheistíocht Dhíreach Eachtrach le geilleagar na tíre go ginearálta agus i gcruthú post go háirithe, a aithint. Is as na Stáit Aontaithe a thagann an chuid is mó den Infheistíocht Dhíreach Eachtrach sin – 72 faoi gcéad in 2013 – agus arís glacaim buíochas leo sin atá anseo inniu agus a bhfuil baint acu leis an infheistíocht sin.
Tá an Rialtas tiomanta don chomhpháirtíocht sin. Táimid tiomanta leis a chinntiú go bhfanfaidh Éire ina tír tharraingteach don Infheistíocht Dhíreach Eachtrach, trínár gcumas iomaíochta a chaomhnú, trí leanúint leis an infheistíocht i gcúrsaí taighde agus forbartha agus trí réimeas cánach corparáide oscailte, trédhearcach, seasmhach agus iomaíoch a chaomhnú.
Ag an bpointe seo ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt do Bharry O’ Leary, Príomhfheidhmeannach an IDA, atá ag éirí as a phost. Tuigim go mbronnfaidh Comhlachas Tráchtála na Stát Aontaithe gradam ar Barry san iarnóin mar aitheantas ar an obair thábhachtach atá déanta aige chun breis forbartha a dhéanamh ar an gcaidreamh geilleagrach idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe. Tá an gradam seo a chinn sibh a bhronnadh air inniu tuilte go maith aige. Bhí Barry ina cheannasaí ar an IDA nuair nach raibh rudaí go maith, nuair ba mhór iad riachtanais na tíre agus nuair a bhí acmhainní gann agus níor chlis sé orainn. Is mian liom buíochas a ghlacadh leis as a bhfuil déanta aige agus guím gach rath air sa todhchaí.
Tá aird á díriú ar cheist na cánach idirnáisiúnta sa gheilleagar domhanda agus is ceart go mbeadh. Is léir gur ceist dhomhanda í dianphleanáil cánach a éilíonn freagairt dhomhanda chomhordaithe.
Tá Éire páirteach ar bhonn cuiditheach a bhfuil cuspóirí cinnte aige laistigh den OECD agus den AE ar mhaithe le réitigh ar na fadhbanna idirnáisiúnta seo a aimsiú. Míníodh cur chuige na hÉireann sa réimse seo go soiléir sa Straitéis Cánach idirnáisiúnta a foilsíodh ar uair an bhuiséid is déanaí agus is ar an mbonn sin a mbímid ag plé le comhpháirtithe sna Stáit Aontaithe agus thairis sin.
Maidir leis sin, tá ról gníomhach á ghlacadh ag Éirinn i dtionscadal Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS) an OECD. Féachann an tionscadal BEPS le cearta cáinithe a ailíniú níos fearr le gníomhaíochtaí suntasacha na gcuideachtaí. Beidh dúshláin i BEPS do na tíortha ar fad atá páirteach sa phróiseas. Ach ag cur san áireamh scála oibríochtaí chuideachtaí ilnáisiúnta na Stát Aontaithe sa tír seo tá na féidearthachtaí ann go bhféadfadh cuid de na leasaithe ar rialacha bheartas cánach idirnáisiúnta atá á bplé faoi láthair a bheith chun leasa na hÉireann.
Tá mé cinnte nach gá dom a chur i gcuimhne don lucht éisteachta seo go bhfuil an Rialtas go hiomlán tiomanta don ráta 12.5 faoin gcéad agus do réimeas cánach soiléir, intuartha a bheith againn, a chomhlíonann dea-chleachtais idirnáisiúnta.
Creidim, chomh maith, gur ceart go mbainfeadh an tsoiléire agus an intuarthacht chéanna le caidreamh tionsclaíoch. Agus mé ag taisteal thar lear is minic a chuirtear ceist orm faoin gcaoi ar éirigh le hÉirinn coigeartú geilleagrach chomh mór sin a dhéanamh agus ag an am céanna dlúthpháirtíocht shóisialta agus síocháin thionscail a chaomhnú. Ní mór dúinn a chinntiú go bhfanfaidh sé amhlaidh. An tseachtain seo, d’fhógair an tAire Bruton an rún atá aige, ar aon dul le Clár an Rialtais, leasú a dhéanamh ar reachtaíocht caidrimh thionscail ar mhaithe le soiléiriú a dhéanamh ar cheist dlí atá tagtha chun solais sa réimse seo. Tá a fhios agam go bhfuil comhairliúchán leathan déanta ag an Aire le páirtithe leasmhara agus a chuid moltaí á gcur le chéile agus creidim go bhfuil cothromaíocht mhaith sna moltaí sin aige agus ag an am céanna go dtabharfaidh siad soiléire sa réimse seo atá tábhachtach le haghaidh fostóirí agus fostaithe araon.
Mar Aire Gnóthaí Eachtracha, tá sé de rún agam leanúint ag obair chun an comhchaidreamh idir Éirinn agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a neartú agus a leathnú. Chuige sin, tá an Roinn, faoi cheannas Ambasadóir Anderson, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar a cuid oibre, ina dtugtar chun cuimhne an doimhneacht agus an fuinneamh neamhghnách atá ag baint leis an gcaidreamh idir Éirinn agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tuigimid doimhneacht agus leithead na nasc atá eadrainn. Leanfaimid orainn ag obair chun cur le hardchaighdeán na hidirghníomhaíochta sin.
Is timpeallacht atá cairdiúil le hÉirinn ar gach bealach atá i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá leibhéil fíor-ard dea-mhéine eadrainn, teanga choiteann agus luachanna comhpháirteacha cultúrtha.
Agus fós tuigimid gur féidir níos mó a dhéanamh chun teacht i dtír ar na féidearthachtaí ar fad. De réir mar a fheabhsaíonn an geilleagar anseo, tá cistí suntasacha infheistíochta ann atá imithe i méid le cúpla bliain anuas agus atá anois ar thóir oscailtí agus dá réir sin, tá réimse nua féidearthachtaí ann d’Éirinn.
Tá an cumas sa Chomhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Thrasatlantach (TTIP) a bheith ina céim mhór chun tosaigh sa chaidreamh idir an AE agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá iarrachtaí ollmhóra á ndéanamh ar an dá thaobh den Atlantach leis na comhchainteanna TTIP.
Faoi cheann cúig bliana beidh deiseanna ar fáil i ngeilleagar Stáit Aontaithe Mheiriceá nach éasca a thuar sa lá inniu. Chun teacht i dtír orthu ní mór go mbeadh pearsanra agus líonraí i bhfeidhm a bheidh ar an airdeall chun leas a bhaint as na deiseanna de réir mar a thagann siad aníos.
Teastaíonn daoine den chumas ceart a bhfuil dlúth-cheangail acu le gnó i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá gá freisin leis na struchtúir agus an meon aigne leis an gcomhoibriú is dlúithe a chinntiú sna gníomhaireachtaí agus sa tseirbhís taidhleoireachta.
Agus ní an obair atá ar siúl againn le chéile a threisiú tríd an méid oscailteachta agus idirghníomhaíochta is mó is féidir le líonraí tiomanta agus fuinniúla ar nós sibh féin.
Mar sin, cé go bhfuil an comhchaidreamh seo follasach ar go leor bealaí, d’fhéadfadh an taithí dul amú a chur orainn. Ní féidir glacadh leis go mairfidh sé gan cothú.
Ní mór an comhchaidreamh a athnuachan go leanúnach agus ní mór don dá rialtas acmhainní agus infheistíocht dá réir a chur isteach ann.
Tá céim thábhachtach tógtha againne chun é sin a dhéanamh trí Ard-Chonsalacht nua a oscailt in Texas, chomh maith le hoifig ag Fiontraíocht Éireann agus an IDA. Agus leanfaimid orainn ag cothú ár gcomhchaidrimh.
Tá aird ar leith tugtha agam i mo chuid oibre ar chás a dhéanamh faoi na hÉireannaigh atá gan cáipéisí inimirce. Fad a bhíomar ag obair chun cás a dhéanamh le haghaidh leasaithe inimirce i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rith sé liom arís agus arís eile an raidhse dea-thola atá á roinnt idir an dá phobal.
Mar fhocal scoir, is mian liom aitheantas a thabhairt do thacaíocht an Chomhlachais agus a chuid comhchuideachtaí i leith tionscadal pobail in Éirinn; bíodh sé trí uaireanta deonacha a chur ar fáil, trí thiomsú airgid i measc fostaithe nó trí shíntiúis. Is infheistíocht luachmhar í seo i gcaipiteal sóisialta agus glacaim buíochas libh dá bharr.
Tá súil agam go leanfaimid ar aghaidh ag obair in éineacht libh ar fad ar mhaithe le comhchaidreamh fiú níos láidre a thógáil idir Éirinn agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tugann ócáidí mar seo deis dúinn na naisc atá eadrainn a cheiliúradh agus ag an am céanna tugtar deis breathnú romhainn agus pleanáil a dhéanamh. Creidim go bhfuil go leor sa todhchaí ar féidir a bheith ag súil leis.
Míle buíochas
DEIREADH