Aitheasc don Chomhdháil ar Ais-Imirce
16 September 2014Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann
“Home is where the heart is” – Comhdháil ar Ais-Imirce
An tAire Jimmy Deenihan T.D., Printworks, Caisleán Bhaile Átha Cliath, 16 Meán Fómhair 2014
A Dhaoine Uaisle,
Tá teachtaireacht shimplí anseo agam inniu – táimid ag iarraidh deiseanna a chur ar fáil dár ndaoine óga chun teacht abhaile.
Is mór an pléisiúr dom a bheith libh anseo ar maidin leis an gComhdháil de chuid na Comhairle Náisiúnta Óige ar ais-imirce a oscailt.
Mar chéad Aire don Diaspora de chuid na hÉireann ba mhaith liom tréaslú leis an gComhairle Náisiúnta Óige as an gcomhdháil seo a eagrú a chuirfidh tuilleadh smaointe agus moltaí ar fáil dár n-athbhreithniú straitéise ar eisimirce.
Sna blianta beaga deireanacha seo chonacthas líon mór dár ndaoine óga ag fágáil na tíre seo, cuid acu mar gur bhraith siad nach raibh an dara rogha acu, cuid le cur lena dtaithí agus lena roghanna a fheabhsú, agus cuid eile toisc go raibh dúshláin nua uathu. Léiríonn figiúirí ón CSO le deireanaí gur tháinig laghdú ar an eisimirce sa dá mhí dhéag dheireanacha den chéad uair le seacht mbliana. Cé go bhfáiltítear roimh an laghdú seo tá sé suimiúil a thabhairt ar aird gur céimithe tríú leibhéal iad 47% díobh siúd a d’imigh agus bhí a bhformhór fostaithe nó ag staidéar
Táthar ann a dhearfadh gur chuidigh an t-imeacht seo leis an tír a chur ar a cosa arís trí líon na ndaoine a bhí ag lorg oibre a laghdú. Léiríonn na staitisticí go raibh cuid mhór díobh sin a d’imigh fostaithe cheana agus gur fhágadar poist anseo le deiseanna níos fearr a lorg. Is í an fhírinne go bhfuil cuid mhór dár ndaoine óga thar lear anois.
Cruthóidh easpa óige na tíre fadhbanna amach anseo agus is gá aghaidh a thabhairt air seo anois. Is gá dúinn na daoine óga seo lena scileanna nua, a dtaithí agus a muinín nuafhaighte, a spreagadh le filleadh ar Éirinn agus páirt a ghlacadh i bhforbairt an chineál sochaí ar mhaith linn go léir cónaí inti.
Leis na daoine seo a mhealladh ar ais caithfimid deiseanna a chur ar fáil dóibh ina réimsí agus ina ngairmeacha roghnaithe. Is é cruthú post príomhthosaíocht an Rialtais le roinnt blianta anuas agus tá ag éirí leis. Cé go bhfuil sí ag leibhéal ard i gcónaí, leibhéal nach féidir glacadh leis, tá an dífhostaíocht ag titim – ó bhuaic de 15.1% go luath i 2012 go dtí an figiúr is deireanaí de 11.2% an mhí seo caite. Tá an fhiontraíocht á cothú agus tá tionsclaíocht baile á forbairt. Tá creidmheas ar fáil sa deireadh thiar agus na bainc ag tosú ag tabhairt iasachtaí arís. Tá an chuid is measa de bhlianta na déine curtha dínn againn agus is féidir linn a fheiceáil anois go raibh toradh maith ar an gcoigeartú fioscach seo, cé go raibh sé crua.
Tá an Rialtas, trína Ranna agus a Ghníomhaireachtaí, ag déanamh machnaimh níos cruthaithí ná riamh ar an gcaoi le tionsclaíocht dúchasach a fhorbairt, le hInfheistíocht Dhíreach Iasachta a spreagadh agus leis an ngeilleagar a choinneáil agus a fhás ar bhonn inbhuanaithe. Cinntíonn Pleananna Gníomhaíochta Leantacha maidir le Poist fócas tras-rialtais ar an obair atá le déanamh agus chinntigh go bhfuil beartais chruthú jabanna i gcroílár clár oibre Ranna.
Sampla amháin de seo is ea Bliain an Dearaidh Éireannaigh 2015 atá le seoladh go luath. Tá an tionscnamh seo, a cruthaíodh ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda deireanach, neadaithe go daingean anois i bPlean Gníomhaíochta 2014 do Jabanna agus beidh sé réidh le seoladh go luath. Is dianiarracht spreagúil é a chuireann dearadh na hÉireann, thar speictream an-leathan, os comhair an tsaoil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. I mbliana, déanfaimid sárthaispeántas ar gach gné de dhearadh na hÉireann ar bhealaí nua agus cruthaitheacha, le fócas daingean ar an earnáil a fhorbairt, dearadh a neadú i dtionsclaíocht agus jabanna nua agus inbhuanaithe a chruthú.
In éineacht le cruthú jabanna, tá gach iarracht déanta athoiliúint agus athscileáil a chur orthu sin a chaill a bpoist agus tacú le haistrithe a bhíonn deacair go minic, ó earnáil amháin go eile. Is é “Skills to Work” feachtas an Rialtais le go mbeidh sé níos éasca ag cuardaitheoirí poist agus ag fostóirí a bheith ar an eolas faoi cé na tionscnaimh scileanna Rialtais atá ar fáil dóibh.
Tá leasú oideachais agus ath-ailíniú ar an mbonn scileanna a theastaíonn le freastal ar an margadh post go hard ar chlár an Rialtais freisin. Tá na hathruithe ar chóras na bpointí a thugann pointí bónais dóibh siúd a dhéanann matamaitic ag an ardleibhéal tar éis spreagadh suntasach a thabhairt do dhaltaí cheana aghaidh a thabhairt air seo. Léiríonn torthaí Ardteistiméireachta le deireanaí ardú ar líon na ndaoine a bhfuil mata Ardleibhéil á dhéanamh acu ó tugadh isteach é agus an rogha níos airde á ghlacadh ag 27% i 2014 i gcomparáid le 16% trí bliana ó shin. Is forbairt spreagúil é seo ag cur san áireamh go bhfuil ganntanas scileanna á thuar in ICT agus i ngairmeacha STEM eile, ní in Éirinn amháin ach ar fud an AE.
Is buille mór dár sochaí oiread sin daoine óga a chailliúint de bharr eisimirce. Caillimid a nuálaíocht, a gcruthaitheacht agus a gcumas dúshlán norm agus smaointe seanbhunaithe a thabhairt. Tá sé ríthábhachtach go spreagfaimis oiread acu seo agus is féidir chun teacht ar ais go hÉirinn. Teastaíonn a smaointeoireacht úr uainn.
Tá sé dosheachanta go socróidh roinnt acu síos ina mbailte nua agus go gcuirfidh siad, mar a rinne cuid mhór Éireannach rompu, le pobail Éireannacha ar fud an domhain. Cuireann sé seo tacaíocht luachmhar ar fáil freisin d’Éirinn.
Tá an t-ádh linn go bhfuil Éireannaigh ar fud an domhain nár dhearmad riamh cérbh as iad. Oibríonn cuid mhór de na daoine seo go ciúin ar son na hÉireann, tacaíocht á tabhairt dóibh siúd atá leochaileach, Éire á cur chun cinn mar áit le cuairt a thabhairt uirthi nó gnó a dhéanamh inti. Tá cion tairbhe fadtréimhseach déanta ag cuid acu don tsíocháin ar an oileán seo agus tá tabhartais airgeadais shubstainteacha déanta ag daoine eile chun cuidiú le hearnálacha sláinte agus oideachais na hÉireann. Cuidíonn roinnt mhaith dár Diaspora go rialta lenár líonra Ambasáide agus le Gníomhaireachtaí Stáit ina gcuid oibre ó lá go lá lena n-áirítear cuidiú le Misin Trádála agus go háirithe thart ar thréimhse Lá Fhéile Pádraig.
Bunaíodh an Líonra Domhanda Éireannach tar éis an chéad Fhóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain i Farmleigh in 2009. Tá tuairim is 350 de na hÉireannaigh is mó tionchair ar domhan nó daoine atá bainteach le hÉirinn lonnaithe i mbeagnach 40 tír, ag an Líonra seo anois. Is acmhainn ollmhór í seo atá ar fáil don tír agus is mór againn í. Bearna amháin sa Líonra seo is ea easpa glórtha óga agus is mian liom féachaint cén chaoi ar féidir é seo a leigheas. Caithfear aghaidh a thabhairt freisin ar an neamhchothroime inscne sa Líonra.
Tá cuid mhór de na daoine óga a chuaigh ar imirce le deireanaí tar éis dul isteach i gcuid mhór de na líonraí Éireannacha eile mórthimpeall an domhain, bíodh teacht le chéile gnó, spóirt, cultúrtha nó sóisialta i gceist. Cuireann na líonraí seo bonn tacaíochta láidir ar fáil d’imircigh nua-thagtha, aghaidh chairdiúil fáilteacha á cur ar fáil agus deiseanna gnó nó poist i roinnt mhaith cásanna. Is mór agam na líonraí seo faoi bhláth mar shampla iad siúd do mhúinteoirí Éireannacha sa RA, na Géanna Fiáine a chuireann líonra ar fáil d’eolaithe Éireannacha, an Líonra Gnó Idirnáisiúnta Éireannach agus an Irish Network USA. Cuideoidh roinnt de na líonraí seo le forbairt an chéad ghlúin eile den Líonra Domhanda Éireannach, leanúntas cobhsaí tacaíochta agus saineolais á sholáthar a bheidh ar fáil ag Éirinn.
Ba líonra ríthábhachtach thar lear é Cumann Lúthchleas Gael, go háirithe le blianta beaga anuas. Bhí CLG gar do mo chroí ar feadh mo shaoil agus chruthaigh sé go minic mar an chéad áit ar thug roinnt mhaith eisimirceach nua aghaidh uirthi ar áit strainséara a bhaint amach dóibh. Bhí an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála in ann dul i bpáirt le CLG, tríd an gClár Tacaíochta d’Eisimircigh, chun cuidiú leis na tacaíochtaí a fhás agus a fhorbairt, idir spóirt agus sóisialta, a chuireann an Cumann ar fáil d’eisimircigh ag gach céim dá dturas saoil, ach go háirithe dár ndaoine óga. Agus tá mé thar a bheith sásta go bhfuil foirne CLG againn ar fud na cruinne, agus ní sna háiteanna traidisiúnta amháin ina mbíodh Éireannaigh, ach freisin i láithreacha níos faide ó bhaile – tá foirne againn anois, leithéidí Ceiltigh Myanmar agus Gaeil na hAfraice Theas!
Caithfear fáilte a chur freisin roimh chinneadh CLG, trí Chumann Imreoirí Gael, ceist mheabhairshláinte agus an riachtanas aire a thabhairt don mheabhairshláinte a thógáil. Cuireann an feachtas meabhairshláinte d’imreoirí contae, “Ní dathanna an chontae amháin a bhíonn á gcaitheamh againn” béim ar an bhfíric gur féidir le fadhbanna meabhairshláinte dul i bhfeidhm ar dhaoine ar bith agus spreagann sé daoine óga chun cabhair a lorg má bhíonn siad ag streachailt le ceisteanna dá leithéid. Tá mé ag súil freisin le torthaí suirbhé Tionscadail Imirceach Crosscare ar mheabhairshláinte eisimirceach Éireannach le deireanaí agus molaim iad faoi thabhairt faoin tionscnamh seo.
Cuireann an Clár Tacaíochta d’Eisimircigh maoiniú ar fáil d’eagraíochtaí ar fud an domhain a chuireann tacaíocht ar fáil d’Éireannaigh. Tá réimse leathan sna heagraíochtaí seo ó ghrúpaí de lucht an phinsin i Londain go Lárionad Eisimirceach Ceanadach Éireannach i Toronto go grúpa a thacaíonn le Teaghlaigh Éireannacha i Perth. Cuireann gach ceann de na grúpaí seo, agus líon ollmhór eagraíochtaí idir eatarthu, líonra tacaíochta ríthábhachtach ar fáil do phobail Éireannacha. Tá a fhios againn go maith an gá atá le tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí a chuireann cúnamh ar fáil do dhaoine óga a d’fhéadfadh a bheith ag mothú scoite nó leochaileach ina dtimpeallacht nua. Tá cuid de na cláir a dtugaimid maoiniú dóibh dírithe go sonrach ar dhaoine óga agus ar theaghlaigh óga agus iad á gcur féin in oiriúint agus ag imeascadh ina mbailte nua, pé fhad a roghnaíonn siad fanacht ann.
Tá sé tábhachtach go ndéanaimid machnamh go straitéiseach, agus go gcinntímid go ndéanaimid gach is féidir linn chun fanacht i dteagmháil lenár ndaoine óga agus chun iad a spreagadh le filleadh ar Éirinn. Níl aon amhras ann ach go gcaithfidh an Rialtas cumarsáid éifeachtach a bheith aige lenár ndaoine óga a tógadh an Aois na Faisnéise. Tá sé seo fíor in Éirinn agus mórthimpeall an domhain. Tháinig an t-athrú chomh tapa sin nár choinníomar suas leis ar bhealach. Déanfaimid ár gcumarsáid le hÉireannaigh óga thar lear a fheabhsú. Chun é seo a dhéanamh caithfimid cumarsáid a dhéanamh leo ar na bealaí a ndéanann siad cumarsáid lena chéile.
Is í ár sprioc, nuair a bheartaíonn daoine aistriú ar ais abhaile, an t-aistriú a dhéanamh chomh réidh agus chomh fáilteach agus is féidir. Tá gach réimse den phróiseas seo á scrúdú againn lena n-áirítear; rochtain a chur ar fáil ar eolas agus ar sheirbhísí, teidlíochtaí leasa shóisialaigh, rialacháin bainteach le cónaitheacht, malartú ceadúnas tiomána, agus aitheantas scileanna agus cáilíochtaí. Cé go mb’fhéidir nach bhfuil sé indéanta roinnt de na rialacháin atá ann a athrú, tabharfaimid dúshlán gach ceann de na constaicí agus bainfimid as na bacainní nuair is féidir. Is maith liom tuairisc a thabhairt, tar éis obair a rinne ár nAmbasáid i gCeanada, an Roinn Iompair, Turasóireacht & Spóirt agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, go bhfuil próiseas ar siúl leis an gcéad cheann de na dúshláin sin a chur ar ceal agus dul chun cinn á dhéanamh ar aitheantas do cheadúnas tiomána Éireannach i gcúigí áirithe i gCeanada, agus socruithe dá réir le déanamh i ndlínsí eile i gCeanada amach anseo. Tá na saincheisteanna praiticiúla seo tábhachtach do dhaoine atá ag dul ar imirce agus dóibh siúd atá ag beartú filleadh. Tá mé ag iarraidh níos mó a fháil amach faoi na saincheisteanna seo agus iad a réiteach nuair is féidir.
Nuair a bhreathnaím thart ar an seomra anseo i gCaisleán Bhaile Átha Cliath tugann sé an-mhisneach dom oiread saineolaithe a fheiceáil is atá anseo lena gcuid ama agus a nglórtha a thabhairt ar ábhar atá chomh tábhachtach leis seo. Spreagaim sibh bhur ndearcthaí agus bhur dtuairimí a roinnt go macánta. Tá athbhreithniú á dhéanamh againn faoi láthair ar bheartas diaspóra an Rialtais agus tá mé ag súil le bheith ábalta roinnt de na dearcthaí, na smaointí agus na moltaí a thagann as comhdháil an lae inniu a ionchorprú ann. Tríd an díospóireacht seo a thosú tá tús á chur againn le comhrá a bheadh dodhéanta roinnt blianta ó shin. Mar náisiún léiríomar ár dteacht aniar agus ár láidreacht agus tréimhse an-deacair á cur isteach againn. Féadfaimid anois breathnú romhainn sa todhchaí, fáilte abhaile a chur roimh cuid mhór díobh siúd a d’imigh agus a bheith ag súil le hoibriú leo siúd a fhanann thar lear agus iad ag teacht chun a bheith ina gcéad ghlúin eile den diaspóra Éireannach.
Is tús comhrá riachtanach é seo. Ní chuirfear deireadh leis inniu ach is mian liom a bheith páirteach ann. Is saincheist í a bhfuil tábhacht náisiúnta léi filleadh eisimirceach óga Éireannacha – is féidir é a bhaint amach –cuirimis i gcrích é.
Go raibh míle maith agaibh go léir.