Ráiteas leis an Aire Flanagan a cuireadh faoi bhráid Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe
29 September 2014
Chas an tAire Flanagan le Ban Ki Moon, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe sular thug sé a spreagaitheasc ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe
Ráiteas le hAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann, An tUasal Charlie Flanagan T.D.
a cuireadh faoi bhráid an UNGA 69,
Nua-Eabhrac,
an 29 Meán Fómhair 2014
Réamhrá
A Uachtaráin,
Is mór an onóir dom ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an gComhthionól Ginearálta seo inniu.
Ar an drochuair, tagann an cruinniú seo ag am contúirteach i stair an domhain.
Tá toscairí anseo a dhéanann ionadaíocht ar dhomhan a bhfuil dúshláin go leor roimhe le sárú.
Ach is féidir dul i ngleic leis na dúshláin seo le haontacht críche chun na dúshláin sin a shárú trí cheannaireacht dhaingean ó shárfhoras na Náisiúin Aontaithe ach go háirithe.
Go deimhin, caithfidh na Náisiúin Aontaithe a bheith mar urgharda ar na hiarrachtaí...... chun sceimhlitheoireacht a dhíothú pé áit ina mbíonn sé ag teacht i dtreis......chun flaitheas Stát a chaomhnú sa chás ina mbíonn sé faoi bhagairt.....agus chun cearta daonna agus síocháin a chur chun cinn sa chás ina mbíonn gnéithe riachtanacha de dhínit an duine agus sonas daonna in easnamh.
Sa ráiteas seo, díreoidh mé ar na coimhlintí atá ag ionsaí an Mheánoirthir agus Oirthear na hEorpa – cuirfear é seo i láthair ar bhealach a léiríonn éiteas bheartas eachtrach mo thír dhúchais féin:
- Ar an gcéad dul síos, bíonn idirphlé agus comhghéilleadh mar réiteach ar choimhlintí achrannacha idir dhaoine;
- Sa dara dul síos, bíonn ómós d’fhorlámhas an dlí agus dlúthpháirtíocht sa phobal idirnáisiúnta mar réiteach nuair a bhíonn Stát daonlathach faoi bhagairt;
- Chun cur leis sin, bíonn tiomantas láidir síochánaíochta mar réiteach agus neodracht mhíleata na hÉireann á chaomhnú ag an am céanna;
- Ina theannta sin, bíonn an ríthábhacht a bhaineann le forbairt;
- agus ar deireadh, cearta daonna a chur chun cinn – cearta mionlaigh, cearta na mban agus cearta na gcailiní óga sa domhan corrach seo.
- Cuirfidh mé tús le cúrsaí trí mo thuairimí a nochtadh ar an tábhacht a bhaineann le hathchóiriú na Náisiún Aontaithe agus le hathchóiriú a Comhairle Slándála.
Ról na Náisiún Aontaithe; Athchóiriú na Náisiún Aontaithe agus na Comhairle Slándála
A Uachtaráin,
Léirítear domhan dúinn atá faoi ionsaí ag cogadh agus ag sceimhle ar theorainneacha go leor. Le tuairiscí truamhéalacha ar mhéadú uimhreacha na dtaismeach agus na dteifeach, leis an slad atá a dhéanamh ar dhaoine neamhchiontacha, na leanaí agus na daoine soghonta san Iaráic, i nGaza agus san Úcráin agus leis na coimhlintí iomadúla eile atá chomh mór sin i gceist ar an nuacht – ar na haerthonnta, ar nuacht na teilifíse agus ar an idirlíon.
Tá na daoine a ndéanann muidne ionadaíocht orthu, muidne atá bailithe sa halla seo, tá na daoine sin ag súil go mbeidh na Náisiúin Aontaithe mar fhoinse gníomhaíochta dóibh, agus an ceart sin acu. Is rómhinic faraor, go bhfeictear institiúid dóibh a léirítear a bheith basctha agus leochaileach i gcúinsí inar chóir dó a bheith deimhneach agus láidir. Ní hé go bhfuilimid gann sna hacmhainní riachtanacha. Léiríonn mórghníomhartha iomadúla na heagraíochta go soiléir dúinn, cumas na heagraíochta chun gníomhú go héifeachtach agus go cinntitheach nuair a bhíonn an toil pholaitiúil riachtanach amhlaidh.
Chun go mbeidh na Náisiúin Aontaithe in acmhainn na dúshláin iomadúla, thromchúiseacha, chasta seo, atá chomh mór sin i gceist ag Comhthionól Ginearálta na bliana seo a shárú, ní mór don eagraíocht athbhreithniú a dhéanamh ar a modhanna oibre agus ar a tosaíochtaí. Caithfear acmhainní na heagraíochta a dhíriú ar na limistéir is mó a éilíonn cúnamh agus na hacmhainní sin a chur i bhfeidhm le hardéifeachtúlacht.
Caithfear cur chuige nua maidir le hobair na Comhairle Slándála a léiriú ach go háirithe – cur chuige a bhfuil Éire agus a comhpháirtithe sa ghrúpa Freagrachta, Comhchuibhis agus Trédhearcachta (ACT) ag cur chun cinn go láidir.
Cé gur mhian le hÉirinn ar deireadh, go ndéanfaí cumhacht crosta na Comhairle Slándála a chealú, cuireann muid fáilte mhór roimh thionscnamh na Fraince, le tacaíocht ó Mheicsiceo, chun úsáid chumhacht Bhuanchomhaltaí na Comhairle Slándála a rialáil níos fearr.
Ina theannta sin, tacaíonn Éire le hardú ar bhallraíocht na Comhairle Slándála, a thabharfaidh léargas níos gléine ar chothromaíochtaí réigiúnacha agus ar chúrsaí reatha maidir le daonra agus le láidreacht eacnamaíoch sa domhan.
An Meánoirthear
A Uachtaráin,
Tá an dúshlán a bhaineann le síocháin a bhaint amach sa Mheánoirthear chomh mór céanna agus a bhí riamh.
Mar bhallstáit, caithfear a bheith níos gníomhaí i gcuidiú leis na Náisiúin Aontaithe lena n-iarrachtaí tarrthála ríthábhachtachta sa tSiria agus chun cuidiú le réiteach a fháil ar na dúshláin mhóra dhaonnúla eile atá ag bagairt ar an réigiún i gcoitinne.
Is mian liom ómós faoi leith a léiriú do ról laochúil an UNRWA agus dá fhoireann tiomnaithe i nGaza, inar éag 11 díobh le linn na coimhlinte uafásaí ansin le gairid. Táimid go mór faoi chomaoin Pierre Krahenbuhl agus a chomhghleacaithe ar son na cabhrach, cabhair nach bhféadtar a ligean i ndearmad, a chuir siad ar fáil do mhuintir Gaza ar feadh na mblianta fada.
Tá se mar aidhm againn chun a chinntiú nach bhfillfear ar réim atréimhseach an fhoréigin, réim atá feicthe againn i nGaza agus i ndeisceart Iosrael ar trí ócáid faoi leith anois, na hócáidí is treascraí a tharla i mí Iúil agus Lúnasa. Is léir go gcuireann gach réim foréigin le dearcthaí a dhaingniú ar gach aon taobh na coimhlinte agus fós, faoi dheireadh, níl aon dream daoine is mó a éilíonn síocháin ná an dream sin a dtéann a mhalairt i gcion orthu.
Aithnítear go forleathan, chun síocháin fhadtréimhseach a bhaint amach go gcaithfear díriú go sonrach ar shaincheisteanna bunúsacha ónarbh as a d’eascair an réim foréigin is deireanaí. Caithfear na clabhsúir agus na sriantaí a bhain le Gaza ar feadh seacht mbliana anois a thabhairt chun críche. Chomh maith céanna, caithfear dearbhú nach mbeidh Iosraelaigh agus Palaistínigh faoi réir ag foréigean neamh-idirdhealaitheach – cibé an dtagann an foréigean sin i bhfoirm ionsaithe roicéid atá dírithe ar Iosrael nó i bhfoirm ionsaithe díoltais ar Ghaza ina mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha mar thoradh orthu.
Tá sé anois thar am síocháin chuimsitheach a chruthú idir mhuintir Iosrael agus mhuintir na Palaistíne.
Níl aon dul amú orainn faoi na comhréitigh dheacra agus phianmhara a bheidh san áireamh. Go bunúsach áfach, creidim féin go n-aithníonn formhór na nIosraelach agus na bPalaistíneach gurb é an réiteach dhá-Stát, réiteach atá cóir agus tugtha i gcríoch trí dhíospóireacht mar an t-aon réiteach le bunús fireannach chun síocháin agus slándáil a dhéanamh eatarthu. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar gníomhaíochtaí agus beartais a chuireann bac ar an gcuspóir sin a sheachaint.
Cé go bhfuil, ar a laghad ar bith, soiléireacht ag baint leis na comhréitigh dheacra atá riachtanach chun síocháin a shocrú idir mhuintir Iosrael agus mhuintir na Palaistíne, tá cúrsaí sa tSiria ag dul in olcas mar a léirítear faoi láthair, agus is cosúil go mbeidh dúshlán níos mó arís le sárú sa limistéar sin. In imeacht trí bliana go leith, tá ionann is 200,000 duine éagtha de bharr ghníomhaíochtaí an Stáit agus gníomhaíochtaí grúpaí míleata sa choimhlint uafásach sin. Ar deireadh thiar, ní réiteach míleata an réiteach atá ar chogadh cathartha Shiria. Áitím go láidir ar an bpobal idirnáisiúnta go huile tacaíocht iomlán a thabhairt do Thoscaire Speisialta di Mistura, agus lena iarrachtaí chun réiteach polaitiúil ata bunaithe ar phrionsabail ráiteas Ginéive a chur chun cinn.
Caithfear aghaidh a thabhairt ar shárú uafásach na bpáirtithe bainteacha ar an dlí idirnáisiúnta i gcoimhlint Shiria, agus na sáruithe sin a chur faoi bhráid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta. Caithfidh na páirtithe ar fad, a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Rúin 2164 agus 2139 na Comhairle Slándála, réimeas Assad ach go háirithe, agus deireadh a chur lena gcoisc ar iarrachtaí daonnúla tábhachtacha agus deireadh a chur le gníomhaíochtaí tarcaisneacha mar phobail a chur faoi léigear agus géilleadh a bhrú ar na daoine trí ocras agus trí ghanntanas.
Is cúis mhór imní an borradh agus an fás atá tagtha faoi antoisceachas ar fud an réigiúin agus tuigim gur cúis imní é seo do gach duine atá i láthair sa seomra seo. Cuireann an neamhdhaonnacht agus an barbarachas a léiríonn ISIS sa tSiria agus san Iaráic uafás agus scáfar ar an gcine daonna sibhialtachta i gcoitinne. Ní furasta an léirscrios agus an díláithriú atá déanta ar phobail ársa Chríostaí Thuaisceart na hIaráice a thuiscint. An dearcadh fánach gan tuilleamh a thugtar ar na dúnmharuithe is uafásaí – dícheannadh;..... foréigean gnéasach barbarach ar mhná agus ar chailíní óga;.....an t-éilliú bunúsach a bhaineann le hairm mhíleata a fhágáil i lámha leanaí;....cinedheighilt bunaithe ar eitneacht agus ar reiligiún – cibé Críostaí, Yazidi, Coirdis, Sunnaíoch, Siach nó Giúdach;.......nuair a chuirtear é seo uile le chéile, cuirtear i gcuimhne dúinn meon agus cultúr a cheapamar nach raibh le fáil ach i gcuntais staire. Léiríonn an borradh atá faoi ISIS, gníomhaíochtaí leanúnacha Al Qaeda agus an neart atá faoi fhás Boko Haram.... nach féidir leis an bpobal idirnáisiúnta lagú chomh fada agus a bhaineann le cúrsaí antoisceachais. Caithfear aontú agus gníomhú chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt seo, agus caithfear gníomhú le práinn.
An Úcráin
A Uachtaráin,
Tá cúrsaí san Úcráin ar an ngéarchéim pholaitiúil is contúirtí atá tagtha chun cinn san Eoraip leis na blianta. Tá impleachtaí troma ag na cúrsaí sin ar an inmharthanacht agus ar an méid atá i ndán don chóras idirnáisiúnta a sheasann le forlámhas an dlí. Déanann gníomhaíochtaí Chónaidhm na Rúise, sa Chrimé ar dtús agus in Oirthear na hÚcráine ina dhiaidh sin, réimse leathan comhaontuithe idirnáisiúnta a shárú.
Ar an gcéad dul síos, caithfear an foréigean uafásach a lua, foréigean a imríodh ar shibhialtaigh neamhchiontacha san Úcráin le roinnt míonna anuas agus caithfear tagairt a dhéanamh don ngéarchéim dhaonnúil thromchúiseach a tháinig ina dhiaidh.
Ní fhéadfar réiteach míleata a bheith mar réiteach ar an ngéarchéim seo. Tacaímid go láidir le hidirphlé taidhleoireachta agus fáiltímid roimh phlean síochána an Uachtaráin Poroshenko. Fuaireamar spreagadh ó chomhaontú Minsk níos luaithe an mhí seo laistigh de chreat an Ghrúpa Teagmhála. Caithfear réiteach polaitiúil inbhuanaithe a bheith bunaithe ar phrionsabal ómóis do fhlaitheas na hÚcráine, le ráthaíochtaí soiléire tugtha ar shlándáil teorann, ar grúpaí mídhleathacha go huile a dhí-armáil agus ar fhórsaí eachtracha a tharraingt siar.
Síochánaíocht agus Cothú na Síochána
A Uachtaráin,
Tá traidisiún mórtasach ag Éirinn maidir leis an bpáirt a ghlac sí i misin síochánaíochta ar fud an domhain, ó 1958 i leith. Chuir saighdiúirí na tíre seo go mór le síocháin idirnáisiúnta agus le cobhsaíocht a bhaint amach; 82 díobh a thug a saol féin ar son na cúise. Tógaim an deis seo chun na daoine sin a d’éag ar fheachtais síochánaíochta na Náisiún Aontaithe, ó tháinig an Comhthionól seo le chéile go deireadh, a ghairm agus a thabhairt chun cuimhne.
Inniu, tá tuairim is 370 duine idir fhir agus mhná ag freastal ar dhualgais síochánaíochta, a bhformhór sa Mheán Oirthear. Tá an timpeallacht ina mbíonn siad ag freastal ann faighte níos casta agus níos dúshlánaí.
I gcosúlacht le Roinn na bhFeachtas Síochánaíochta leagaimid an-bhéim ar shábháilteacht agus ar shlándáil ár bpearsanra.
Fáiltím go mór roimh ráiteas an Ard-Rúnaí, a thugann le fios go mbeidh athbhreithniú a dhéanamh ar ról síochánaíochta na Náisiún Aontaithe. Ba chóir go gcinnteodh sé seo go gcoimeádfaidh na Náisiúin Aontaithe a gcumas chun síocháin agus cobhsaíocht a chur chun cinn go hidirnáisiúnta. A Uachtaráin, bí cinnte go leanfaidh fir agus mná na hÉireann le caitheamh an bhairéid ghoirm agus mórtas acu as a seirbhís chuig na Náisiúin Aontaithe, agus iad ar thóir domhan níos fearr a chruthú.
An tseachtain seo caite, ag Cruinniú Mullaigh Síochánaíochta na Náisiún Aontaithe faoi óstáil an Ard-Rúnaí, Ban Ki Moon, agus Leas-Uachtarán na Stáit Aontaithe, Joe Biden, bhí áthas orm tionscnamh de chuid mo Rialtas féin a fhógairt, tionscnamh a sheachadfaidh clár nua chun oiliúint a chur ar choimeádaithe síochána na hAfraice. Áireofar san oiliúint, ina ndíreofar ar réimsí faoi leith lena n-áirítear sibhialtaigh a chosaint, íogaireacht inscne, cearta daonna agus oiliúint agus lóistíocht ceannaireachta.
Tá rannpháirtíocht iomlán agus chothrom na mban mar chuid riachtanach eile do thógáil sochaithe síochánta, socra. Is gníomhairí tábhachtacha iad na mná nuair a bhíonn athruithe i gceist agus caithfidh na mná feidhmiú mar phríomhphearsana sa scéal leanúnach domhanda seo. Tá toil pholaitiúil mar chuid thábhachtach i gcur chun cinn comhionannas inscne agus cumhachtú na mban. Bhí Rún 1325 na Comhairle Slándála mar chloch mhíle maidir leis an méid sin a aithint, agus léiríonn na Rúin a tháinig ina dhiaidh sin, Rún 2122 an rún is déanaí, chomh diongbháilte is atá muid rannpháirtíocht iomlán agus cumhachtaithe na mban sa bpróiseas polaitiúil a bhaint amach mar sprioc. Áirítear i gclár oibre na Náisiún Aontaithe seo, méadú riachtanach a fháiltímid roimhe, ar an bhfócas atá dírithe ar fhoréigean gnéasach le linn coimhlintí armtha. Caithfear gníomhaíochtaí láidre a dhéanamh dár dtiomantas domhanda. Teastaíonn tiomantas uainn uile anseo – fir agus mná, chun comhionannas inscne fírinneach a bhaint amach. Is tiomantas é a bhfuil Éire bródúil as agus i mí Eanáir seo chugainn seolfar ár dara Plean Náisiúnta Gníomhaíochta ar Mhná, Síocháin agus Slándáil. Níl anseo ach cuid bheag dár dtiomantas leanúnach chun a chinntiú gur féidir le mná agus le cailíní a gcumas iomlán a bhaint amach, saol atá saor ó scáth a chaitheamh, agus a nglór a bheith le cloisteáil ag an mbord nuair a bhíonn cinntí le déanamh.
Forbairt agus Iar-2015
A Uachtaráin,
Cuireann an bhagairt dhomhanda trí leathadh Ebola in Iarthar na hAfraice faoi deara dúinn nach de dhéantús an duine na dúshláin ar fad a bhíonn le sárú againn. Tá Éire gníomhach i ndíriú ar an aicíd seo sa Libéir agus i Siarra Leon. Léiríonn Rún 2177, le hurraíocht ó 130 ballstát chomh tromchúiseach is atá an fhadhb seo don domhan agus an riachtanas atá leis na Náisiúin Aontaithe gníomhú go práinneach ar an gceist seo.
Is bliain thábhachtach a bheidh in 2015, sa bhfeachtas chun deireadh a chur le fíor-ocras agus le fíorbhochtaineacht. Tá 15 mhí againn chun an oiread dul chun cinn agus is féidir a dhéanamh faoi Spriocanna Forbartha na Mílaoise, agus tá 12 mhí againn chun creat nua d’fhorbairt idirnáisiúnta a thabhairt i gcríoch. Caithfidh an creat nua seo léiriú a thabhairt ar an aistriú tábhachtach chuig forbairt inbhuanaithe, le cuspóirí soiléire, uaillmhianacha a d’fhéadfadh deireadh a chur le fíorbhochtaineacht, le hocras agus le míchothú faoi imeacht ama aon ghlúin amháin. Glacann Éire páirt ag na Náisiúin Aontaithe agus leanfar leis an bpáirt sin lenár gcomhpháirtithe ar an talamh. Dhíríomar go géar ar na scannail leanúnacha mar ocras, an cosc a chuirtear i bhfeidhm ar fhás agus ar fhorbairt leanaí, agus ar bhásmhaireacht mháthartha, nithe a tharlaíonn fós i ndomhan atá in ainm is a bheith gan ghanntanas. Is mór liom a rá, an tseachtain seo caite, gur ghlac an Chomhairle um Chearta an Duine le rún a bhí faoi cheannaireacht na hÉireann ar Bhásmhaireacht Inchoiscthe agus Galracht Leanaí faoi chúig bliana d’aois. Is uafásach an scéal é go bhfaigheann 6.6 milliún leanbh faoi chúig bliana d’aois bás gach bliain, ó chásanna inchóireáilte agus inchoiscthe den chuid is mó.
Bíonn Éire ag oibriú lena comhpháirtithe san Afraic ar an tionchar uafásach a bhaineann le hathrú aeráide, ar thalmhaíocht ghabhálaithe beaga go mór mhór, agus an tseachtain seo caite ghlacamar ballraíocht sa Chomhaontas do Thalmhaíocht Aeráide Cliste. Déardaoin seo caite, bhí me i mo chomhóstach i gcruinniú ag na Náisiúin Aontaithe chun tacú leis an Zero Hunger Challenge, togra leis an Ard-Rúnaí. Laethanta roimhe sin, i mBaile Átha Cliath, fuair mé cuireadh ó UNICEF Ireland, freastal ar ócáid ina raibh aos óg na hÉireann ag déanamh achainí orainn ár n-iarrachtaí a threisiú agus ag cur faoi deara dom ina bhfocail féin ‘It’s About Us’. Léirítear tiomantas na hÉireann do thodhchaí atá níos cothroime, níos cuimsithí agus níos inbhuanaithe do leanaí an domhain go praiticiúil trínár gclár forbartha, agus trínár n-oibreacha lenár gcomhpháirtithe san Afraic fho-Shahárach. Chomh maith leis sin, ainneoin cúinsí deacra eacnamaíocha na mblianta gairide, táimid bródúil gur shocraíomar maoiniú don chlár cabhrach. Beidh an troid i gcoinne an ocrais agus na bochtaineachta mar dhearbhphrionsabal lárnach dár mbeartas eachtrach.
Cearta Daonna
A Uachtaráin,
Léirigh imeachtaí a tharla ar fud an domhain le gairid go bhfuil saoirsí bunúsacha fós faoi bhagairt agus fós á sárú, le linn coimhlinte ach go mór mhór. Inniu, ar fud an domhain, déanann mná agus fir chróga an drochíde ar chearta daonna a thabhairt chun solais, agus seasann siad leosan atá gan ghlór nó atá faoi ghéarleanúint; áitím crógacht na gcosantóirí cearta daonna seo agus geallaim go n-oibreoidh Éire go leanúnach ar son gníomhaíocht dheimhneach an AE agus na Náisiúin Aontaithe chun tacú leo.
Mar chomhalta Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, tá iarracht déanta ag Éirinn, léargas a thabhairt ar chion tairbhe tábhachtach na sochaí sibhialta chun cearta daonna a chur chun cinn agus chun sochaithe daonlathacha a thógáil. An tseachtain seo caite, ghlac an Chomhairle, trí chomhdhearcadh, le réiteach suntasach faoi cheannaireacht na hÉireann, ag gairm ar Stáit timpeallacht chumasúcháin sábháilte a chruthú agus a chothabháil inar féidir le sochaí shibhialta feidhmiú iontu.
Cáinimid go láidir géarleanúint nó idirdhealú de gach sórt atá bunaithe ar reiligiún nó ar chreideamh. Tá an ghéarleanúint ar Chríostaithe agus ar mhionlaigh eile sa Mheánoirthear agus an t-ardú ar ionsaithe frith-Sheimíteacha le gairid i roinnt de thíortha na hEorpa ach go háirithe, mar chúiseanna imní domsa. Is go rómhinic sa stair, gur dhún an domhan a shúile nuair a bhí mionlaigh shoghonta faoi ionsaí, a bhí mar thús le coimhlint níos tromchúisí go minic.
Ag tagairt do chúrsaí níos dearfaí, mar Iar-Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, mhothaigh mé go mór faoi onóir an tseachtain seo caite agus an 3ú Prótacal Roghnach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh a dhaingniú, a athdheimhníonn tiomantas Rialtas na tíre do chearta leanaí in Éirinn a chaomhnú agus a chur chun cinn.
Conclúid
A Uachtaráin,
Mar chonclúid, creidim go bhfuil an eagraíocht iontach seo, na Náisiúin Aontaithe, nuair is éifeachtaí í ag feidhmiú, mar fhórsa chun maitheas a dhéanamh sa domhan agus go bhfuil an eagraíocht in acmhainn go leor eile a dhéanamh fós. Ba chóir go ndéanfadh an méid atá bainte amach i réimsí mar shíochánaíocht, réiteach coimhlinte, i ngníomhaíocht dhaonnúla agus forbartha, gníomhaíocht a bhfuil bród ag Éirinn aisti, ár meon inár gcomhchumas a athbheochan agus muid a spreagadh chun na dúshláin atá romhainn anois agus a bheidh romhainn amach anseo a shárú.
Go raibh maith agaibh.
CRÍOCH