Seolann an tAire Flanagan Tuarascáil an 250 Onnmhaireoir is Fearr
03 September 2014
An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, T.D., ag seoladh foilseacháin an 250 Onnmhaireoir is Fearr de chuid Chumann Onnmhaireoirí na hÉireann
Seoladh Foilseacháin 'An 250 Onnmhaireoir is Fearr’ de chuid an IEA in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann
Tuairimí ón Aire Charlie Flanagan T.D., Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, 3 Meán Fómhair 2014
A Dhaoine Uaisle,
Ar dtús ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Cumann Onnmhaireoirí na hÉireann (IEA) faoi chuireadh a thabhairt dom Eagrán 2014 den 250 Onnmhaireoir Is Fearr in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann a sheoladh. Tugaim ar aird gur cineál traidisiúin anois é go seolfadh an tAire Gnóthaí Eachtracha an foilseachán tábhachtach seo agus is mór agam leanúint leis an gcleachtas seo.
Tá mé ar an eolas le fada faoin ról tábhachtach atá ag an IEA agus tacaíocht á tabhairt dá bhaill agus a n-onnmhairí á leathnú amach go dtí margaí nua agus reatha agus trí chomhairle onnmhairithe, cúnamh agus seirbhísí teicniúla a chur ar fáil agus iad i mbun trádála go hidirnáisiúnta.
Is deimhniú breise é an foilseachán atá á sheoladh ar maidin ar fheidhmíocht shármhaith na gcuideachtaí onnmhairithe is fearr ar oileán na hÉireann. Cuireann sé léiriú an-mhaith ar fáil ar na hearnálacha is mó atá ag rannchuidiú go láidir le téarnamh eacnamaíochta na hÉireann.
Ní haon áibhéil a rá go bhfuil fás onnmhairí ar príomh-thiománaí ár ndul chun cinn eacnamaíochta. Tá leibhéil onnmhairí ag an leibhéal is airde riamh, cuid shuntasach níos airde ná an bhuaic réamh-ghéarchéime i 2007. Bhí barrachas ag comhardú ár n-íocaíochtaí i gcónaí in 2013, don cheathrú bhliain as a chéile. Is láidriú ar ár ngeilleagar baile a bhí mar thoradh air seo agus titim dá bharr de bheagnach 4% ar an ndífhostaíocht ó 2012.
Bhí ról lárnach ag ár gcuideachtaí onnmhairithe sa téarnamh seo, á n-éascú go cumasach ag an IEA. Tá a fhios agam go raibh caidreamh oibre an-dlúth ag mo Roinnse leis an gCumann agus táimid ag súil le coinneáil orainn ag obair leo agus leo siúd go léir atá ag iarraidh margaí onnmhairí na hÉireann a fhorbairt.
Tá tacú le hiarrachtaí cuideachtaí Éireannacha chun an trádáil a leathnú i margaí idirnáisiúnta lárnach d’obair mo Roinne agus do bheartas eacnamaíoch an Rialtais níos leithne. Chuige seo leanann mo Roinn ag obair go dlúth le Ranna Rialtais eile agus le gníomhaireachtaí Stáit, an úsáid is fearr á baint as ár líonra Ambasáide lenár sreabhadh idirnáisiúnta trádála, turasóireachta agus infheistíochta a fhás go dtí a lán-acmhainneacht.
Tugann an Chomhairle Trádála Onnmhairithe, a bhfuil mise im chathaoireach uirthi, raon príomhaisteoirí eacnamaíocha le chéile, lena n-áirítear Ranna Rialtais eile, gníomhaireachtaí Stáit agus ionadaithe ón earnáil phríobháideach atá dírithe ar onnmhairí, chun Straitéis Infheistíochta, Turasóireachta agus Trádála an Rialtais a fhorbairt agus a fheidhmiú. Is rannpháirtí gníomhach é Simon McKeever, ar ndóigh, san ETC agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis as a thiomantas agus a rannchuidiú leanúnach d’obair an ETC.
Déanann an Chomhairle Trádála Onnmhairithe maoirseacht ar an díocas chun onnmhairí Éireannacha a fhás. Beidh cuid agaibh ar an eolas go díreach faoin ról lárnach a bhíonn ag mo Roinn agus ag an líonra Ambasáide i gcur chun cinn onnmhairí Éireannacha. In ár bhfiche is a seacht dtír de mhargaí tosaíochta tugann Foirne Margaidh Áitiúla, faoi chathaoirleacht an Ambasadóra, ionadaithe na gníomhaireachta Stáit ar an láthair le chéile. Oibríonn na Foirne seo go dlúth lena chéile chun trádáil, turasóireacht agus infheistíocht a uasmhéadú agus chun tacú le cuideachtaí de chuile chineál atá ag iarraidh an trádáil a leathnú agus a ngnó thar lear a fhás. Taobh amuigh de na margaí tosaíochta seo is í an Ambasáid an t-aon láithreacht Stáit ar an láthair de ghnáth ag obair chun tacú lenár gcuspóirí eacnamaíocha agus trádála agus bíonn ár bhfoireann taidhleoireachta sna tíortha seo réidh le comhairle a thabhairt agus le tacú le gnólachtaí Éireannacha atá ag iarraidh an trádáil a mhéadú.
Níos luaithe i mbliana thug an Roinn seo agamsa Athbhreithniú ar Straitéis an Rialtais maidir le Trádáil, Turasóireacht agus Infheistíocht chun críche, an príomhchreat do chur chuige an Rialtais maidir le cur chun cinn onnmhairí sa tréimhse dár críoch 2015. Dheimhnigh an tAthbreithniú ár sprioc chun 150,000 post nua a chruthú bainteach go díreach le fiontair onnmhairithe agus lenár gcuspóir méadú 33 faoin gcéad ar luach onnmhairí ag cuideachtaí dúchasacha a bhfuil cúnamh gníomhaireachta Stáit acu a bhaint amach.
Léirigh an tAthbhreithniú freisin diongbháilteacht an Rialtais go mbeadh Éire in ann leas a bhaint as deiseanna onnmhairithe a eascraíonn i margaí nua agus i margaí atá ag teacht chun cinn. Ba cheann de na mórchúinsí é seo laistiar dár gcinneadh ocht misean taidhleoireachta nua a oscailt thar lear i 2014, lena n-áirítear Ambasáidí i mBangkok, Jacárta agus Nairobi agus Consalachtaí i Hong Kong, Sao Paulo agus Austin. Tá misin trádála thar lear agus imeachtaí Lá Fhéile Pádraig, á dtreorú ag Airí Rialtais, ar na bealaí tábhachtacha eile ina dtacaíonn an Rialtas le cuideachtaí Éireannacha chun a bhfeidhmíocht onnmhairithe a mhéadú.
Is obair an-dúshlánach é ach tá muinín agam go bhfuil bonn daingean againn anois, sa mbaile agus thar lear, ar ar féidir linn ár dtéarnamh a neartú tuilleadh sa gcaoi go mbíonn sé le brath ar fud na sochaí agus ag ár muintir uile.
Ach táimid anseo inniu le hómós a thabhairt do chuideachtaí onnmhairithe na hÉireann a bhfuil ról ríthábhachtach acu i dtéarnamh na hÉireann a thiomáint chun cinn. Is mian liom aitheantas a thabhairt do rannchuidiú gach aon cheann de na cuideachtaí a bhfuil ionadaíocht anseo acu.
Molaim na cuideachtaí go léir atá ar liosta an 250 Onnmhaireoir is Fearr do 2014. Cuireann sé mórtas orainn freisin na cuideachtaí dúchasacha Éireannacha a fheiceáil atá tar éis teacht chun a bheith ina n-oibríochtaí ardchaighdeáin ar eol gurb iad is fearr ina réimsí siúd, go háirithe san earnáil bia agus dí.
Ba mhaith liom go háirithe comhghairdeas a dhéanamh le Google ar ainmníodh iad mar an chuideachta onnmhairithe is fearr in Éirinn i 2014. Ó uair a hoscailte i 2013 agus 100 fostaí acu, tá oibríocht Google in Éirinn tar éis fás go dtí go bhfuil sé ar an gceann is mó lasmuigh de na Stáit Aontaithe, a fhórsa oibre méadaithe faoi fiche agus le linn an phróisis seo é tagtha chun a bheith ina ghné lárnach de thírdhreach onnmhairithe na hÉireann. Is léiriúchán an fás seo ar earnáil tionsclaíoch a bhí freagrach as suas le €50bn onnmhairí in 2012 agus a bhfuil breis agus 36,000 duine fostaithe inti.
Ar an gcaoi chéanna, is teist í ar thairiscint domhanda na hÉireann gur roghnaigh an oiread sin de na cuideachtaí is mó agus is fearr aithne orthu ar domhan Éire a bheith ina mol dá n-oibríochtaí Eorpacha, cibé i réimsí mar ICT nó sna heolaíochtaí saoil. Tá an chosúlacht air go leanfaidh an patrún seo agus tuairiscí ón IDA gur fhás infheistíocht don chéad leath de 2014 ag an luas ba láidre go dtí seo, breis agus 100 infheistíocht faighte sa chéad sé mhí de 2014 i gcomparáid le 70 ag an am céanna anuraidh.
Dóibh siúd atá suite in Éirinn le deireanaí ba mhaith liom an deis seo a thapú chun fáilte a chur romhaibh agus le tiomantas an Rialtais a dhearbhú chun tacú le bhur n-iarrachtaí bhur ngnó a fhorbairt agus cur le feidhmíocht onnmhairithe na hÉireann.
Ar deireadh, ba mhaith liom tréaslú arís le Cumann Onnmhaireoirí na hÉireann as an bhfoilseachán sármhaith seo a chuireann béim ar an obair den scoth atá á déanamh ag onnmhaireoirí na hÉireann agus téarnamh na hÉireann treoraithe ag onnmhairí á threisiú acu. Táim cinnte go mbeidh sé ina thagairt úsáideach dóibh siúd atá ag plé lenár n-earnáil onnmhairithe.
Trí mo Roinn agus tríd ár líonra Ambasáide tá mé ag súil le leanúint leis an obair chun tacú leis an IEA agus leo siúd go léir atá ag obair chun margaí onnmhairithe na hÉireann a fhorbairt.
Go raibh míle maith agaibh go léir.