Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Athdhaingníodh tiomantas na hÉireann maidir le dul i ngleic leis an ocras agus leis an mbochtaineach

Cúnamh Éireann, Preas Ráiteas, An Afraic, 2012

D’fhógair an tAire Trádála agus Forbartha, Joe Costello TD,: "Léiríonn Buiséad an lae inniu go bhfuil Éire tiomanta i gcónaí do thacú leis na daoine is boichte ar domhan in ainneoin ár ndálaí deacra eacnamaíochta féin.

"Cuirim fáilte roimh an gcaoi ar chosain an Rialtas reatha ár maoiniú lárnach do chúnamh forbartha i mBuiséad 2013, faoi mar a cosnaíodh é i mBuiséad 2012."

"Tá sé ríthábhachtach don Rialtas aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí airgeadais atá againn féin, agus laghdaíodh buiséad cúnaimh na hÉireann faoi níos mó ná €250 milliún, nó beagnach 30%, idir 2008 agus 2011 mar fhreagra ar an ngéarchéim eacnamaíoch."

“Laghdú beag 2.5% is ea laghdú an lae inniu agus beidh sé ar ar chumas Chúnamh Éireann leanúint ar aghaidh fós ag sábháil daoine ó bhás agus todhchaí níos fearr a chinntiú do na milliúin daoine atá i gcuid de na tíortha is boichte ar domhan."

"Chomh maith le dul i ngleic le hocras agus le bochtaineacht, cuidíonn ár gclár cúnaimh chun geilleagair na dtíortha ina n-oibrímid a thógáil.  Laistigh de roinnt blianta, beidh go leor de na tíortha sin mar mhargaí agus mar chomhpháirtithe trádála againn agus a ngeilleagar ag fás go tréan, cé go mbeidh an fás sin ag teacht ó bhonn íseal. Is é ár leas a bheith ag obair i gcomhpháirtíocht leo agus tacaíocht a thabhairt dóibh is iad ar a mbealach i dtreo na síochána, na cobhsaíochta agus an rathúnais.”

"Tá an Rialtas tiomanta i gcónaí do bhaint amach sprioc 0.7% na Náisiún Aontaithe chomh luath is a thagann cobhsú agus feabhas ar ár ndálaí eacnamaíocha.  Aithnítear ar fud an domhain go bhfuil ár gclár cúnaimh ar cheann de na cláir is éifeachtaí dá bhfuil ann agus tá rún daingean agam deimhin a dhéanamh de go mbainimid amach níos mó le níos lú acmhainní trínár n-infheistíocht a dhíriú go dian ar na cláir sin a sholáthraíonn feabhsuithe dáiríre agus a chinntíonn luach ar airgead."

Nóta d’eagarthóirí: