Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Maoiniú agus soláthairtí éigeandála ceadaithe do na hOileáin Fhilipíneacha

Maoiniú, Preas Ráiteas, An Áise agus an Aigéine, 2012

D'fhógair an tAire Trádála agus Forbartha, Joe Costello T.D., inniu go bhfuil Éire ag cur €125,000 agus 32 tona soláthairtí éigeandála ar fáil chun cabhrú le teaghlaigh a fágadh gan dídean mar gheall ar an tíofún a bhuail na hOileáin Fhilipíneacha an tseachtain seo caite.

Mar gheall ar an méid damáiste agus scriosta a rinne Tíofún Bopha, ní raibh de rogha ag an Uachtarán Benigno Aquino III ach staid éigeandála a fhógairt. Tá bia, uisce agus foscadh ag teastáil go géar ó na pobail atá buailte.

Dúirt an tAire Costello:

"Tá Plan Ireland agus Christian Aid Ireland ag freagairt go práinneach don ghéarchéim i Réigiúin Mindanao agus Davao.  Tugadh cead do na heagraíochtaí sin €125,000 a tharraingt ó mhaoiniú a bhí réamhcheadaithe ag Cúnamh Éireann d'fhonn aghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha na dteaghlach atá buailte.

Ina theannta sin, tá údarás tugtha agam 400 campa teaghlaigh, 300 piocóid agus spád agus 15,000 barra gallúnaí a aeraistriú ón stoc atá ag Éirinn in Iosta Freagartha Daonnúla na NA sa Mhalaeisia.  Cuirfidh an t-aeraistriú sin tacaíocht éigeandála ar fáil do 400 teaghlach atá ag fulaingt go dona.  Tabharfaidh Plan Ireland amach na hábhair seo nuair a shroichfidh siad an tír.

Ina theannta sin, déanfar ball amháin de Chór Mearfhreagartha na hÉireann a imscaradh chuig na hOileáin Fhilipíneacha chun tacú le hobair Chiste Éigeandála Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí chun an soláthar uisce agus sláintíochta a fheabhsú. Tá m'fhoireann i dteagmháil an t-am ar fad leis na gníomhaireachtaí NA atá ag freagairt don éigeandáil. Coinneoimid súil ghéar ar an gcás, trínár nAmbasáid i Singeapór.”

Chun tuilleadh eolais a fháil nó agallamh a iarraidh leis an Aire Costello, téigh i dteagmháil le Fionnuala Quinlan, Preasoifigeach, Cúnamh Éireann, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ar 01-4082653 nó 0879099975.  www.irishaid.ie