Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Figiúirí Consalachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála do 2013

Consalachta, Taisteal, Preas Ráiteas, Éireann, 2013

 

Thug an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cúnamh do níos mó ná 1,500 Éireannach thar lear in 2013. Léiríonn sé sin méadú 6.5 faoin gcéad ó 2012, ag leanúint leis an treocht atá ag ardú le blianta beaga anuas.

Tharla an líon is mó cásanna consalachta sa Spáinn, agus an Astráil, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Bhreatain, Ceanada, an Fhrainc, an Téalainn, an Phortaingéil, na hÉimíríochtaí Aontaithe Arabacha agus na hOileáin Fhilipíneacha ina dhiaidh sin.

Chláraigh an Roinn níos mó ná 5,000 duine le haghaidh saoránacht na hÉireann trí Chlárúchán Breitheanna Coigríche, figiúr ar dóigh go dtiocfaidh ardú go 8,000 air nuair a bheidh na hiarratais go léir próiseáilte.

Sholáthair an Roinn níos mó ná 3,000 litir saoirse d’Éireannaigh a bhí ag pósadh nó ag tabhairt faoi pháirtnéireacht shibhialta thar lear, ardú 12 faoin gcéad i gcomparáid le 2012. Ba iad na tíortha is mó a raibh tóir orthu ná an Iodáil, an Spáinn, an Ghearmáin, Málta agus Albain. Féadfaidh daoine iarratas a dhéanamh ar líne don tseirbhís seo ag www.dfa.ie.

D’fhíordheimhnigh foireann na Roinne níos mó na 55,000 doiciméad Éireannach mar teastais oideachais, doiciméid dhlíthiúla agus doiciméid cuideachta, ardú 10 faoin gcéad, go leor acu sin a bhí ag teastáil chun fostaíocht a dhaingniú nó d’idirbhearta maoine nó tráchtála.

Maidir leis na figiúirí sin, dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, T.D.,:

“Tá ár bhfoireann agus ár n-oifigí ar fud an domhain agus Rannán Consalachta na Roinne ar fáil agus gníomhach 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 365 lá in aghaidh na bliana chun cabhrú le hÉireannaigh agus lena muintir a mbíonn deacrachtaí acu thar lear.  Mholfainn do shaoránaigh na hÉireann a bhfuil sé i gceist acu dul ag taisteal árachas taistil a fháil, a bpas a choinneáil cothrom le dáta, an Ambasáid Éireannach is gaire dóibh a thabhairt ar aird agus clárú ar líne le gur féidir linn teagmháil a dhéanamh leat i gcás géarchéime nó éigeandála.”

Leag an Tánaiste béim ar an tábhacht a bhaineann le clárú leis an Roinn sula dtéann tú ag taisteal thar lear, ag leagan béim faoi leith ar chomh tábhachtach is atá an t-eolas sin nuair atáthar ag freagairt do ghéarchéimeanna ar scála mór nó do thubaistí nádúrtha:

“Tá sé ríthábhachtach a bheith in ann teagmháil a dhéanamh le hÉireannaigh sna limistéir a bhí i gceist. Cabhraíonn sé linn cúnamh a thabhairt láithreach.  Mholfainn do shaoránaigh na hÉireann comhairle taistil atá dírithe ar thíortha faoi leith a lorg, agus an treoir a bhaineann le taisteal sábháilte thar lear a léamh. Tá siad ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne.

“Féadfaidh taidhleoirí Éireannacha tacaíocht agus cúnamh a thabhairt do shaoránaigh agus dá dteaghlaigh, cáipéisíocht taistil éigeandála a eisiúint, agus cabhrú idirchaidreamh a dhéanamh leis na húdaráis áitiúla, go háirithe má bhíonn bac teanga i gceist.”

Rinneadh an tseirbhís taistil ar láithreán Gréasáin na Roinne a nuashonrú i gcaitheamh 2013 agus choinnigh ambasáidí teagmháil le hÉireannaigh i gcásanna, lena n-áirítear Buamáil Bhostúin in Aibreán agus Tíofún Haiyan sna hOileáin Fhilipíneacha.  Thug oifigigh Chonsalachta sa Vín, Köln agus Vársá cúnamh d’Éireannaigh a d’fhreastail ar chluichí peile idirnáisiúnta.

Nóta d’Eagarthóirí:

 

 

 

Tá na figiúirí thuas amhail an 31 Nollaig 2013.