Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Tánaiste ar chríoch Chainteanna Painéal na bPáirtithe

Tánaiste Eamon Gilmore, Preas Ráiteas, Éireann, 2013
Iveagh House, Dublin

Ráiteas ón Tánaiste ar chríoch Chainteanna Painéal na bPáirtithe

“Tá díomá orm nár tháinig na páirtithe go léir ar chomhaontú ar maidin i mBéal Feirste. Tá a fhios agam go mbeidh díomá ar go leor daoine nuair a chloisfidh siad an nuacht seo.

Ní céim siar í seo ach céim nach bhfuil tógtha go fóill. Caithfear an chéim chun cinn sin a thógáil nuair a bheidh sé ceart agus riachtanach sin a dhéanamh agus toisc go bhfuil daoine ar fud na sochaí á héileamh.

Aithním go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta taobh istigh de thréimhse ghearr maidir leis na saincheisteanna is deacra agus is conspóidí a bhíonn roimh an tsochaí i dTuaisceart Éireann. Ní mór an dul chun cinn atá déanta a chosaint anois agus tógáil air.

Is é cuspóir Rialtas na hÉireann, thar aon rud eile, a chinntiú go ndéanfaidh Tuaisceart Éireann dul chun cinn breise i dtreo athmhuintearais. Chuir mé ár dtacaíocht d’iarrachtaí na bPáirtithe go léir le linn an phróisis seo in iúl dóibh. Leanaimid orainn ag obair sa Bhliain Nua le Páirtithe Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann agus le Rialtas na Breataine. Is é an idirphlé an t-aon bhealach chun saincheisteanna deacra a réiteach agus chun an bealach chun cinn a threorú.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Dr. Richard Haass, leis an Ollamh Meghan O’Sullivan agus lena bhfoireann as a rannchuidiú leanúnach agus cuiditheach le linn na gcainteanna. Bhí tionchar ollmhór ag a gcuid oibre for-rochtana ar fud na sochaí i dTuaisceart Éireann chun spreagadh a thabhairt do dhaoine a bheith muiníneach as athrú agus ceannaireacht a éileamh le haghaidh sochaí aontaithe.

Ní mór do na Páirtithe leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach a bhfuil tús curtha acu léi.”