Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Achainí déanta ag Gilmore suaimhneas a choinneáil i dTuaisceart Éireann

Tá achainí déanta ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Eamon Gilmore, T.D., ar cheannairí polaitíochta agus pobail i mBéal Feirste foréigean a sheachaint an deireadh seachtaine seo.

Thug an Tánaiste ar aird go bhfuil dul chun cinn déanta le laethanta beaga anuas ó thug an  Cathaoirleach a bheidh ar chainteanna amach anseo, Richard Haass, cuairt thairbheach ar Thuaisceart Éireann agus ó thug an tOrd Oráisteach geallúint go mbeadh siad páirteach sa phróiseas sin. 

Dúirt sé áfach, nach féidir fanacht go dtosódh na cainteanna san fhómhar chun an teannas i gceantair a bhaineann leis an dá thaobh a mhaolú.  

“Caithfear tús a chur leis an obair sin anois agus caithfear an mí-shuaimhneas leanúnach a rinne cuid mhór damáiste do chúrsaí infheistíochta agus fostaíochta níos luaithe i mbliana a sheachaint” a dúirt Gilmore.

“Thar aon ní eile, caithfidh gach duine tacaíocht a thabhairt don dlí agus don PSNI a bhfuil an cúram orthu an dlí a chur i bhfeidhm.”