Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ionsaithe ar Halla Cuimhneacháin na bPrintíseach i nDoire cáinte ag an Tánaiste

Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, Preas Ráiteas, Tuaisceart Éireann, 2013

Rinne an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore T.D. an ráiteas seo a leanas inniu:

"Cáinim go mór na hionsaithe uafásacha a rinneadh ar Halla Cuimhneacháin na bPrintíseach i nDoire le laethanta beaga anuas.

Tá muintir Dhoire ag baint sult as bliain ar éirigh chomh maith sin leo mar Chathair Chultúir agus rinneadh athchóiriú ar an Halla Cuimhneacháin le déanaí mar chuid d'obair na bPrintíseach don cheiliúradh seo.

Tharla na hionsaithe i nDoire i ndiaidh ionsaithe eile ar Hallaí Oráisteacha feadh Thuaisceart Éireann agus na heachtraí foréigneacha thart ar pharáid an 12ú Iúil i mBéal Feirste.

Cáinim go hiomlán na hionsaithe sin agus is é an aidhm atá leo cur le teannas seicteach agus foréigean a spreagadh ag am a bhfuilimid dírithe ar chur le sochaí i gcomhar agus infheistíocht isteach agus turasóireacht a mhealladh chuig Tuaisceart Éireann. Ba é sin an t-ábhar a díríodh orthu sna cainteanna a bhí agam leis an Rúnaí Stáit i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin. Tá an dá Rialtas agus ceannairí polaitíochta Thuaisceart Éireann diongbháilte nach mbainfidh ionsaithe den sórt sin ón obair mhaith atá á déanamh ag leibhéal an phobail."