Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cuireann an Tánaiste tús le misean polaitíochta agus eacnamaíochta ceithre lá chun na Síne

Trádáil, Preas Ráiteas, An Áise agus an Aigéine, 2013
Tánaiste begins four day political and economic mission to China (July 2013)

Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéiseach” idir Éirinn agus an tSín

Cuirfidh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore T.D., tús inniu (Dé Máirt an 30 Iúil) le misean polaitíochta agus trádála ceithre lá chun na Síne. Tá an Tánaiste ag taisteal ar chuireadh ó Aire Eachtrach na Síne, Wang Yi, agus is é seo an chuairt is sinsearaí ó bhall den Rialtas chun na Síne ó chuaigh an Taoiseach ar cuairt ann i mí an Mhárta na bliana seo caite.

Beidh fócas láidir trádála agus infheistíochta ag an gcuairt – an chéad chuairt ag an Tánaiste ar an tSín - agus clúdófar ábhair polaitíochta agus déthaobhacha eile.

Mar an dara geilleagar is mó ar domhan, tá caidreamh láidir leis an tSín fíor-thábhachtach chun infheistíocht a mhealladh agus cur le honnmhairiú.

I mBéising, beidh cainteanna ag an Tánaiste le hAire Eachtrach na Síne, Wang Yi agus le ceannaire sinsearach ón bPáirtí Cumannach, an Cathaoirleach Yu Zhengsheng.

Díreoidh an Tánaiste ar níos mó a sheachadadh ón gComhaontú Comhpháirtíochta Straitéiseach idir Éirinn agus an tSín a glacadh i mí an Mhárta na bliana seo caite.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Tánaiste sular fhág sé:

"Is cuairt shuntasach í seo ag am ríthábhachtach i dtéarnamh eacnamaíoch na hÉireann.  Sa tréimhse ó rinneadh an Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéiseach tá dul chun cinn suntasach déanta sa chaidreamh idir Éirinn agus an tSín.

Tá luach os cionn €8 billiún sa bhliain le trádáil na hÉireann leis an tSín, agus barrachas trádála láidir i bhfabhar na hÉireann.  Tá sprioc €600 milliún onnmhairithe ag Fiontraíocht Éireann lena gcuideachtaí ar cliaint iad faoi 2016, agus ardú 19% bainte amach i rith 2012 go dtí €346m.  Is cuid riachtanach den obair atá an Rialtas a dhéanamh ar an talamh sa tSín mo chuairt ar Bhéising agus ar Shang-hai chun go gcinnteofar go mbainfear amach an sprioc sin.

Is margadh lena mbaineann tosaíocht í an tSín d’Éirinn agus tá ár gcaidreamh leis an tSín a threisiú – an dara geilleagar is mó ar domhan - ríthábhachtach dár n-onnmhaireoirí agus dár dtéarnamh eacnamaíoch ina iomláine.

Is é cuspóir mo chuairte an rannpháirtíocht pholaitiúil ardleibhéil atá riachtanach a sheachadadh maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Straitéiseach, chun tacú le cuideachtaí na hÉireann, agus chun Éire a chur chun cinn mar an áit is fearr chun infheistiú ann do ghnólachtaí na Síne ar mhian leo leathnú san Eoraip.

I measc na nithe a bheidh mé a thabhairt ar aird rochtain ar mhargadh na Síne do mhairteoil na hÉireann.  Ag leanúint ar aghaidh ó Uachtaránacht na hÉireann ar an AE ar éirigh chomh maith sin léi, beidh mé ag plé dul chun cinn ar chaidrimh an AE-na Síne, ina measc ár gcainteanna ar chearta daonna.

Ó glacadh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Straitéiseach os cionn bliana ó shin, thug seachtar Airí Rialtais de chuid na hÉireann cuairt ar an tSín ar mhisin trádála.  Ar thaobh na Síne, thug deichniúr Airí nó daoine sinsearacha eile i gcóras riaracháin na Síne cuairt ar Éirinn.

Sa bhreis ar na cruinnithe polaitíochta ardleibhéil – atá riachtanach chun trádáil agus infheistíocht a chur chun cinn i ngeilleagar a bheartaítear go lárnach mar a dhéantar sa tSín - seo a leanas clár an Tánaiste: