Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tacaíonn Eamon Gilmore le rannpháirtíocht na hÉireann i bhFórsa Breathnóireachta Díscoir na NA

Tá tacaíocht láidir léirithe ag an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, T.D., d’imscaradh thrúpaí na hÉireann chuig na Náisiúin Aontaithe in Arda Golan sa tSiria.

Ag labhairt dó inniu sa Dáil maidir leis an imscaradh atá beartaithe, dúirt an Tánaiste:

“Is ionann an rún atá os comhair na Dála agus cuid de chóras an Ghlais Thriaraigh, faoina mbraitheann imscaradh Óglaigh na hÉireann thar lear ar Shainordú na Náisiúin Aontaithe, ar Chinneadh Rialtais agus ar rún na Dála.

Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun tacaíocht láidir do cheadú an rúin atá os comhair na Dála a athdhearbhú.  Bhí mé obair go dlúth leis an Aire Shatter maidir leis an iarratas seo agus tacaím go hiomlán le himscaradh na meithle ó Óglaigh na hÉireann chuig Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF) atá beartaithe.”

Dúirt an Tánaiste:

“Is mian liom an deis seo a thapú le mo chuid dea-mhéine a chur in iúl do chomhaltaí Óglaigh na hÉireann a bheidh á n-imscaradh ar an misean seo.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as a gcuid seirbhíse don tír seo, do na Náisiúin Aontaithe agus as a gcuid seirbhíse i leith na síochána.”

Labhróidh an Tánaiste le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Ban Ki-moon tráthnóna chun é sin a dheimhniú, i ndiaidh do Dháil Éireann an t-imscaradh a cheadú inniu, déanfar meitheal ó Bhuan-Óglaigh na hÉireann a imscaradh chun seirbheáil mar Fhórsa Cúltaca le misean Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF).

Glacfaidh an Tánaiste buíochas leis an Ard-Rúnaí maidir le hiarrachtaí leanúnacha na Náisiúin Aontaithe chun a chinntiú go bhfuil na réamhchúraimí ar fad is féidir a thógáil á dtógáil ó thaobh sábháilteacht agus slándáil Pearsanra na Náisiúin Aontaithe a chinntiú.

Tá a bhuíochas curtha in iúl cheana féin ag an Ard-Rúnaí don Tánaiste as an méid a chuireann Éire le  Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe. Léirigh sé ómós freisin do thiomantas fadsheasmhach na hÉireann d’fheachtas síochánaíochta na Náisiúin Aontaithe agus do chaighdeán fhórsa síochánaíochta na hÉireann.

D’athdhearbhaigh Ban Ki-moon an tábhacht a bhain le láithreacht fhórsaí síochánaíochta de chuid na hÉireann in Arda Golan ó thaobh téarmaí seasmhachta agus inchreidteacht mhisean Fhórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF).

Agus é ag tagairt do stair rannpháirtíochta na hÉireann ó thaobh na síochánaíochta, dúirt Gilmore:

“Is ionann rannpháirtíochta mhisin síochánaíochta na Náisiún Aontaithe agus cuid lánpháirtiúil  dár dtiomantas agus dár mbeartas eachtrach i leith síocháin agus slándáil idirnáisiúnta.

Creidim go bhfuil na Náisiúin Aontaithe chomh láidir agus chomh héifeachtach agus a chuireann na ballstáit ar a chumas a bheith, agus tá mise thar a bheith sásta go bhfuil ar chumas na hÉireann cur go suntasach le seasmhacht a thabhairt chun an réigiúin seo agus láithreacht na Náisiún Aontaithe a threisiú ansin.

Ba mhaith liom mo thiomantas daingean a athdhearbhú do mheicníocht Ghlas Triarach na hÉireann ar a mbraitheann an t-imscaradh seo .

Tugann an pobal tacaíocht thar na bearta don ‘ghlas triarach' agus is dúshraith ríthábhachtach é do rannpháirtíocht phearsanra míleata na hÉireann in oibríochtaí thar lear. Tá seirbhís mhaith tugtha aige don Stát, tríd an dlisteanú is fearr is féidir a sholáthar don mhéid atá á dhéanamh ag Óglaigh na hÉireann don síochánaíocht  idirnáisiúnta.

Tá mé cinnte dearfa go bhfuil sainordú na Náisiún Aontaithe ríthábhachtach má tá misean síochánaíochta le bheith éifeachtach ó thaobh a chuid spriocanna a bhaint amach.”

Cuirfidh an Tánaiste in iúl don Ard-Rúnaí go bhfuil tacaíocht láidir léirithe ag líon tíortha dó maidir le rannpháirtíocht na hÉireann san UNDOF. Tá áthas air freisin go bhfuil sé léirithe ag líon tíortha, ag eascairt as sin, go ndéanfaidh siad treisiú ar an méid atá á chur acu le misin síochánaíochta na Náisiún Aontaithe sa réigiún.