Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Deir an Tánaiste go gcaithfear cásanna Bhaile Uí Mhurchú a iniúchadh

Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, Tánaiste Eamon Gilmore, Preas Ráiteas, Tuaisceart Éireann, 2014

 

Labhair an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, TD, inniu leis an Státrúnaí do Thuaisceart Éireann, Theresa Villiers MP, tar éis a fógra nach gceapfaidh Rialtas na Breataine painéal de chineál Hillsborough le hathbhreithniú a dhéanamh ar chásanna Bhaile Uí Mhurchú.

Tar éis a chomhrá leis an Státrúnaí dúirt an Tánaiste:

"Chuir mé in iúl go soiléir don Státrúnaí go bhfuil díomá ar Rialtas na hÉireann faoi chinneadh an Státrúnaí gan painéal athbhreithnithe a bhunú chun na himeachtaí a tharla i mBaile Uí Mhurchú i Lúnasa 1971, ina bhfuair aon duine dhéag bás, a iniúchadh. Tá na teaghlaigh ag fanacht daichead is a trí bliana ar chuntas neamhspleách ar céard a tharla dá ndaoine muinteartha. Is tréimhse rófhada í seo.

"Tá Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann ar aon fhocal faoin tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar riachtanais na n-íospartach uile. Ciallaíonn sé seo gur gá déileáil le heachtraí mar Bhaile Uí Mhurchú agus cásanna eile báis tráth a raibh fórsaí Stáit, nó go bhféadfadh go raibh fórsaí Stáit bainteach leo, taobh istigh d’achar ama agus ar bhealach a chomhlíonann caighdeáin chearta daonna idirnáisiúnta."

 

CRÍOCH

An Phreasoifig

29 Aibreán 2014