Fáiltíonn an Tánaiste roimh fás ar onnmhairí tráchtearraí
14 April 2014
Tá an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, T.D., tar éis fáilte a chur roimh na figiúirí trádála is deireanaí de chuid an CSO do mhí Feabhra, a léiríonn gur tháinig méadú de 3 faoin gcéad, nó €168 milliún ar onnmhairí tráchtearraí, i gcomparáid le Feabhra 2013.
Thagair an Tánaiste don tús láidir a bhí ann in 2014, agus méadú de 4.6 faoin gcéad á léiriú ag onnmhairí tráchtearraí atá coigeartaithe de réir séasúir don bhliain go dtí seo – Eanáir go Feabhra 2014 – thar an tréimhse chéanna in 2013. Léirigh sé ardú ar dhíolacháin ó €13. 8 billiún go €14.4 billiún.
Thug an Tánaiste ar aird gur méaduithe de 15 faoin gcéad ar onnmhairí bia agus ainmhithe beo, 14 faoin gcéad ar olaí riachtanacha agus 4 faoin gcéad i gceimiceáin orgánacha, na príomhthiománaithe den fheidhmíocht onnmhairithe láidir i bhFeabhra.
Ag trácht ar na figiúirí, dúirt an Tánaiste:
“Ag teacht i ndiaidh réamhaisnéis an ESRI maidir le fás 3.5 faoin gcéad ar OTN i mbliana, is comhartha breise iad figiúirí trádála an lae inniu go bhfuil geilleagar na hÉireann ag teacht chuige féin go maith. Tá ag éirí le fócas an Rialtais seo ar an ngeilleagar a chur ag obair, trádáil a mhéadú agus jabanna a chruthú. Tá fócas dian comhordaithe coinnithe againn air seo tríd an bPlean Gnímh maidir le Poist, Bealaí chun na hOibre agus an Chomhairle Trádála Onnmhairithe.
“Tá fás onnmhairithe láidir ag cuidiú linn chun ár dtéarnamh a thiomáint agus jabanna maithe a chruthú sa mbaile. Tá 5,000 jab ar an meán á gcruthú gach mí, agus an dífhostaíocht tite le 21 mí i ndiaidh a chéile. Mar Chathaoirleach na Comhairle Trádála Onnmhairithe leanfaidh mé orm a chinntiú go bhfuil comhordú dlúth á dhéanamh ag ár líonra ambasáide, ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí Stáit chun tacú lenár gcuideachtaí onnmhairithe le leanúint orthu ag baint gnó nua amach agus ag cruthú jabanna sa bhliain atá romhainn.”
Agus na figiúirí neamhchoigeartaithe d’Fheabhra 2014 á gcur i gcomparáid le Feabhra 2013, mhéadaigh luach onnmhairí de €168 milliún go €6.78 billiún. Léiríonn na figiúirí atá coigeartaithe de réir séasúir méadú de 3.7% go €7.232 billiún.
Agus iad ceangailte le laghdú ar onnmhairí coigeartaithe de réir séasúir de €69 milliún (-2%) go €4.02 billiún, mhéadaigh an barrachas trádála coigeartaithe de réir séasúir de €127 milliún (+4%) go €3.21 billiún.
CRÍOCH
An Phreasoifig
14 Aibreán 2014