Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Áitíonn an tAire Sherlock ar ghnólachtaí súil a chaitheamh ó Thuaidh agus ó Dheas

Aire Stáit Sean Sherlock, Trádáil, Preas Ráiteas, Tuaisceart Éireann, Éireann, 2014
Minister Sherlock pictured with Margaret Hearty and Aidan Gough of InterTradeIreland

Sa phictiúr tá an tAire Sherlock in éineacht le Margaret Hearty agus Aidan Gough ó Idir-Thrádáil Éireann ina gcuid oifigí san Iúir, an 22 Iúil 2014

 

Deontais agus tacaíocht atá ar fáil ar bhonn uile-oileánda chun cur le honnmhairithe

 

Tá éilithe ag an Aire atá freagrach as Forbairt, Cur Chun Cinn Trádála agus Comhoibriú Thuaidh/Theas, Seán Sherlock, ar ghnólachtaí úsáid a bhaint as na meicníochtaí tacaíochta atá ar fáil don lucht gnó trí Idir-Thrádáil Éireann.

“Tá líon deontas agus meicníochtaí tacaíochta ar fáil do ghnólachtaí ar bhonn uile-oileánda" a dúirt an tAire Sherlock, le linn a chuairte le gairid ar na hoifigí san Iúir chun tabhairt faoi phléití ardleibhéil le hIdir-Thrádáil Éireann.

“Tá an clár Fusion atá á thairiscint ag Idir-Thrádáil Éireann in ann cuidiú le cuideachtaí a bheith chun tosaigh ar an gcoimhlint trí dhul i gcomhpháirtíocht le hinstitiúid tríú leibhéil agus trí úsáid a bhaint as saineolas speisialaithe”.

Tugann an clár céimithe, aistriú eolais agus stair chruthaithe de smaointeoireacht ghnó le chéile ar bhonn conartha 12 mí nó 18 mí.

“Téann na pacáistí tacaíochta ó £44,250/€52,800 sa réimse táirge nua/forbairt seirbhíse go £31,000/€37,000 i réimse an phróisis feabhsúcháin,” a dúirt an tAire Sherlock.

“Ar an meán, baineann gach cuideachta a ghlacann páirt sa chlár FUSION leas as díolachán ar luach os cionn £1 mhilliún nó coigilteas éifeachtúlachtaí sna trí bliana tar éis an tionscadail.”

Tá Idir-Thrádáil Éireann ag cuidiú le cuideachtaí agus le lucht taighde as Éirinn agus as Tuaisceart Éireann dul i mbun an chomhoibrithe i Horizon 2020. Is ionann Horizon 2020 agus 8ú Creatchlár an Choimisiúin Eorpaigh, a ndearna an tAire Sherlock idirbheartú ina leith ina ról mar Aire Taighde agus Nuála, agus déanfar beagnach €80 billiún a infheistiú i dtaighde agus í nuáil san Eoraip thar thréimhse 6 bliana chun poist agus fás a threisiú.

“Cuireann Horizon 2020 fís nua i láthair i ndáil le taighde agus nuáil san Eoraip i dtimpeallacht eacnamaíoch a bhfuil athrú thar na bearta tagtha uirthi – ag líonadh an bhearna idir taighde agus an margadh trí chuidiú le fiontair nuálach, lena n-áirítear SME-anna, chun a ndul chun cinn eolaíochta agus teicneolaíochta a fhorbairt i dtáirgí agus seirbhísí inmharthana le fíoracmhainneacht tráchtála a bhaint amach,” a dúirt an tAire Sherlock.

Chuir an tAire Sherlock béim freisin ar thacaíocht neamhairgeadais atá ar fáil trí chláir Idir-Thrádáil Éireann ar nós Acumen a chuidíonn le SME-anna a ngnó a chur chun cinn ar oileán na hÉireann trí dhíriú ar mhargaí nua tras-teorann.

“Tá gach tionscal agus SME ar an eolas nach cabhair airgeadais atá riachtanach i gcónaí," a dúirt an tAire Sherlock.

“Tá an cuidiú atá ar fáil chun dul chun cinn a dhéanamh ar an mbóthar ceart chomh tábhachtach is atá aon mhaoiniú atá amuigh ansin,” a dúirt an tAire Sherlock.

“Trí thacaíocht ar nós cláir taighde margaidh agus cláir céimithe a thairiscint agus trí dheiseanna nua a aithint, tá réimsí móra leasa ar fáil a mbeidh ar ár gcumas cur le honnmhairithe.”

 

An Phreasoifig
8 Lúnasa 2014

 

Nóta chuig Eagarthóirí

Le tuilleadh eolais a fháil, féach www.intertradeireland.com