Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Foréigean sa Úcráin Cáinte ag an Tánaiste

 

Freastalóidh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore T.D., ar chruinniú urghnách d’Airí Gnóthaí Eachtracha an AE sa Bhruiséil amárach leis an ngéarchéim sa Úcráin atá ag dul in olcas a phlé.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an Tánaiste:

“Tá uafás orm faoin bhforéigean is deireanaí a bhris amach inné ina dtuairiscítear gur maraíodh breis agus scór duine agus gur gortaíodh na céadta. Tá a bhfuil ar siúl san Úcráin á leanúint agam le himní atá ag dul i méid.

Amárach freastalóidh mé ar an gComhairle Ghnóthaí Eachtracha urghnách sa Bhruiséil leis an ngéarchéim atá ag dul in olcas a phlé. Tá an AE tar éis foirmiú rialtais nua agus uileghabhálach, dul chun cinn ar leasú bunreachtúil agus ullmhú do thoghcháin uachtaránachta daonlathacha a aithint mar na príomhghnéithe a theastaíonn leis an tsíocháin a chur i réim in athuair.

Bhí baint ghníomhach ag an AE ó thús leis an gcuardach do réiteach síochánta agus idirbheartaíochta don ghéarchéim a éascú. Chuireamar béim ar oibleagáidí na n-údarás cearta bunúsacha mhuintir na hÚcráine a chosaint agus a urramú agus chuireamar in iúl go gcaithfí réiteach daonlathach a lorg trí phlé cuimsitheach. Tá an tArd-Ionadaí Ashton tar éis cúpla cuairt a thabhairt ar Kiev chun tacú leis seo.

Is léir nach féidir le húsáid na láimhe láidre, cuma cé a bhíonn ina bun, an ghéarchéim pholaitiúil san Úcráin a réiteach. Tá sé ríthábhachtach go ngníomhófaí láithreach leis an teannas atá ag dul i méid a mhaolú. Tá freagracht roinnte ag an dá thaobh muinín a neartú agus na cúinsí a chruthú atá riachtanach le bealach chun cinn a aimsiú trí phlé sa pharlaimint seachas achrann ar na sráideanna. Cuirfidh tuilleadh doirteadh fola leis an ngéarchéim thromchúiseach seo agus déanfaidh sé níos deacra fós é teacht ar réiteach polaitiúil, a bhfuil gach taobh tiomanta ina leith a deir siad.

Tá freagracht ar leith ar an Uachtarán Yanukovych agus ar a Rialtas dul i ngleic le ceannairí an fhreasúra go práinneach agus gach is féidir a dhéanamh leis an tsíocháin a chur i réim in athuair.”