Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógraíonn an Tánaiste ceapachán Niall Burgess do phost an Ard-Rúnaí

Tánaiste Eamon Gilmore, Preas Ráiteas, Éireann, 2014

 

D’fhógair an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, T.D. gur cheadaigh an Rialtas inniu ceapachán Niall Burgess Uasal do phost Ard-Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Beidh feidhm le ceapachán an Uasail Burgess ó 30 Aibreán 2014.

Bhí Niall Burgess ina Ard-Stiúrthóir ar an Rannóg Angla-Éireannach sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ó Lúnasa 2010.

Bhí sé mar Ard-Chonsal ar Éirinn i Nua Eabhrac ó Bhealtaine 2007. Sular ghlac sé leis an ról sin bhí sé ina Stiúrthóir ar an Rannóg Angla-Éireannach den Roinn Gnóthaí Eachtracha le freagracht as gnóthaí polaitiúla sa tréimhse roimh bhunú Fheidhmeannacht Thuaisceart Éireann i mBealtaine 2007.

D’oibrigh sé leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i Chicago, Nua Eabhrac, sa Ghinéiv agus sa Bhruiséil le Rúnaíocht na Comhairle den Aontas Eorpach.

Rugadh an tUasal Burgess i mBaile Átha Cliath agus cuireadh oiliúint mar sheandálaí air ar dtús. Tá sé pósta le Marie Morgan agus tá beirt pháistí acu.

Rinne an Tánaiste comhghairdeas leis an Uasal Burgess as ucht a cheapacháin: “Ó ceapadh mise d’oibrigh mé go dlúth le Niall ar shaincheisteanna criticiúla a bhaineann le Tuaisceart Éireann agus lenár gcaidreamh leis na SA. Is mór agam a chuid eolais, taithí agus tiomantais don Roinn agus d’Éirinn. Tá mé ag súil le bheith ag obair leis ina cháil mar Ard-Rúnaí agus guím gach rath air sa ról.”

Tiocfaidh an tUasal Burgess i gcomharbacht ar an Uasal David Cooney, a dtagann a théarma mar Ard-Rúnaí chun críche ar 29 Aibreán, 2014.

Ghabh an Tánaiste buíochas leis an Uasal Cooney: “Ba mhór agam comhairle agus tacaíocht luachmhar David Cooney i rith mo thréimhse oifige. Is fostaí ar leith sa tseirbhís phoiblí é a léirigh tiomantas gan teip d’Éirinn le linn a shaol oibre sa Roinn.”