Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Taifid Ar Líne de na saighdiúirí Éireannacha a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda seolta ag Airí

Caidreamh Idirnáisiúnta, Caidreamh Taidhleoireachta, Tánaiste Eamon Gilmore, Preas Ráiteas, Éireann, 2014
Ministers launch Online Records of Ireland’s First World War casualties

Taifid Ar Líne de na saighdiúirí Éireannacha a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda seolta ag Airí

Inniu sheol an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Eamon Gilmore T.D., in éineacht le Céad-Aire Thuaisceart Éireann an Ró-Onórach Peter D. Robinson, CTR, agus leis an Leas-Chéad Aire, Martin McGuinness, CTR, cartlann ar líne de thaifid na hÉireann maidir leis an gCéad Chogadh Domhanda.

Tá liosta sa chartlann nua dar teideal ‘Taifid Chuimhneacháin na hÉireann’ de 49,000 saighdiúir as oileán na hÉireann a fuair bás le linn an Chéad Chogadh Domhanda nó de thoradh gortuithe a fuarthas le linn catha.

D’oibrigh Google, an músaem In Flanders Fields sa Bheilg agus An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála le chéile chun an tionscadal a thabhairt chun críche.

Bhí gaolta dóibh siúd a fuair bás sa chogadh i láthair ag seoladh na cartlainne freisin.

Dúirt an Tánaiste Eamon Gilmore: “Tá ríméad orm an chartlann thábhachtach seo a sheoladh i gcomhluadar an Chéad Aire agus an Leas-Chéad-Aire.

“Cé go mbeidh an digitiú agus rochtain ar líne ina n-acmhainní saibhre i gcomhair an ghinealaigh, rud níos luachmhaire ná sin ná go mbeidh sé níos éasca anois an gníomh simplí agus tábhachtach cuimhneamh ar na daoine féin, fir agus mná Éireannacha a fuair bás le linn an Chéad Chogadh Domhanda, a dhéanamh.”

Dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann Peter Robinson: “Fáiltím go mór roimh an deis a bheith páirteach i seoladh an tionscadail stairiúil seo inniu. Tá moladh mór ag dul do Google agus don mhúsaem In Flanders Fields as an obair luachmhar seo. Anois ag tús dheich mbliana cuimhneachán lena mbaineann tábhacht don dá thír, tá súil agam go gcoinneoidh an méid a bunaíodh anseo inniu stair agus scéalta iad siúd nár tháinig ar ais ón gcogadh beo.

“Tabharfaidh an obair seo deis taifeadadh a dhéanamh ar scéalta na ndaoine atá ar lár agus rachaidh sé chun tairbhe do na glúine a bheidh ann amach anseo agus tabharfaidh sé deis dúinn ár mbuíochas a ghabháil agus aitheantas a thabhairt d’íobairt na bhfear a fuair bás ar son ár saoirse.”

Dúirt an Leas Chéad-Aire Martin McGuinness: “Throid os cionn 200,000 Éireannach sa chogadh agus maraíodh 49,000, rud a léiríonn an tionchar daonna a bhí ag an gcogadh ar oiléan na Éireann. Tá sé tábhachtach go n-insítear a scéalta pearsanta ar fad agus cinntíonn an tionscadal nuálach seo go gcuimhneofar go deo ar na saighdiúirí Éireannacha a maraíodh.

Is é toradh na comhpháirtíochta seo idir Google agus Músaem In Flanders Fields foinse iontach faisnéise do theaghlaigh, do mhic léinn agus do thaighdeoirí. Molaim Google as a n-iarrachtaí cúnamh a thabhairt an t-eolas ar fad a thabhairt le chéile agus níos mó ná sin é a bheith éasca teacht air. Mholfainn do dhaoine úsáid a bhaint as agus a gcuid scéalta a roinnt sa chaoi go mbeidh tuiscint níos fearr ag na glúine atá le teacht ar an dream a chuaigh rompu.”

Tá na taifid ar foilsíodh den chéad uair in 1923, ag liostú na saighdiúirí as Éirinn a bhásaigh sa Chéad Chogadh Domhanda ceartaithe, cothrom le dáta agus curtha ar fáil ar líne anois mar chuid den tionscadal. Is féidir na taifid a chuardach de réir ainm, áit bhreithe, céime, reisiminte, uimhir phearsanta seirbhíse, dáta báis agus áit adhlactha / chuimhneachán sa chás go mbíonn an fhaisnéis sin ar eolas.

D’oibrigh Eamonn MacAodha, Ambasadóir na hÉireann go dtí an Bheilg, go dlúth le Google agus Ieis an Músaem In Flanders Fields chun an tionscadal a thabhairt chun críche . Rinne an chuideachta ginealais, staire agus oidhreachta as Éirinn Eneclann obair chun an méid eolais a bhí ar fáil i leith na dtaismí a dhigitiú.

Dúirt John Herlihy, ceannasaí Google in Éirinn ;“Tá ríméad ar Google gur oibrigh siad i gcomhar leis an Músaem In Flanders Fields ar an tionscadal suntasach seo. Is sampla iontach é den teicneolaíocht ag feidhmiú mar fhórsa ar son na maitheasa, ag cur eolais ar fáil ar bhealach éasca agus inrochtana.”

Dúirt Piet Chielens, Comhordaitheoir an Mhúsaeim In Flanders Fields :“ Is éard atá i gceiliúradh ná taithí agus cinniúint an duine a roinnt agus machnamh a dhéanamh orthu. Ceadaíonn an ceiliúradh ar líne seo do dhaoine ar fud an domhain aitheantas a thabhairt don cheangal atá eatarthu de bharr rudaí a tharla san am atá caite.”

Ráiteas ón Taoiseach ag seoladh dhigitiú Thaifead Cuimhneacháin na hÉireann