Tugann an tAire Donohue teachtaireacht tacaíochta chuig an Albáin
9/1/14
Dúirt an tAire Gnóthaí Eorpacha, Paschal Donohoe, T.D., inniu gur cheart go gcinnteodh an dul chun cinn leanúnach atá an Albáin a dhéanamh sa phróiseas leasúcháin uaillmhianach agus spreagúil atá ar bun aici go gceadófaí stádas iarrthóra a bhronnadh ar an tír sin i Meitheamh seo chugainn.
Bhí an tAire Donohue ag labhairt i dTiorána, An Albáin, ag Lárionad Eolais an Aontais Eorpaigh áit a raibh sé ag déanamh cur i láthair do ghrúpaí sochaí sibhialta, chomh maith le grúpaí eile, mar chuid de chlár cruinnithe ar a n-áirítear cruinnithe le H.E. Edi Rama, Príomh-Aire na hAlbáine agus le H.E. Ditmir Bushati, an tAire Gnóthaí Eachtracha.
“Mar an chéad Aire chun cuairt a thabhairt ar an Albáin tar éis chinneadh Chomhairle na hEorpa i mí na Nollag maidir le stádas iarrthóra a bhronnadh ar an Albáin, táim ag teacht le teachtaireacht tacaíochta chuig Rialtas na hAlbáine agus chuig comhaltaí na Parlaiminte, go bhfuil ról ríthábhachtach ag a gcuid iarrachtaí leanúnacha agus a dtacaíocht traspháirtí do bhallraíocht an Aontais Eorpaigh sa phróiseas chun stádas iarrthóra don AE a bhaint amach.
“Anuraidh, rinne Éire ceiliúradh ar cheathracha bliain ballraíochta den Aontas Eorpach agus tá leas iontach bainte amach againn as ár mballraíocht i rith an ama sin. Is é an phríomhchuspóir atá ag an Albáin faoina beartas gnóthaí eachtracha ná ballraíocht san Aontas a bhaint amach agus tá Éire tiomanta do thacaíocht a thabhairt don uaillmhian sin.
“Tá an AE go seasta ag forbairt agus ag méadú agus anuraidh tharla forbairtí suntasacha agus dearfacha, don Chróit a bhain ballraíocht iomlán amach, agus freisin don tSeirbia agus don Chosaiv.
“Is bliain thábhachtach a bheidh sa bhliain seo don Albáin ar a bealach chun aontacht a bhaint amach san AE. Táim ag súil leis an Albáin ag gnóthú stádas iarrthóra i Meitheamh, ar bhunús thiomantais agus fheidhmiúcháin leanúnaigh an Rialtais don phróiseas leasúcháin uaillmhianach agus spreagúil atá ar bun. Iarraim ar gach duine a bhfuil baint acu leis leanúint den chomhoibriú chun tógáil ar an dul chun cinn atá déanta ag an Albáin de réir mar atá an obair ag dul ar aghaidh chun stádas iarrthóra a bhaint amach i Meitheamh.
“Tá an próiseas chun aontacht a bhaint amach san AE fada agus mall ach is fiú é. Creidim gur leas dúinn ar fad fáilte isteach san AE a chur roimh bhaill nua a bhfuil na luachanna céanna acu linn féin, mar go mbaineann gach duine tairbhe as seo; iad siúd atá ag iarraidh na luachanna sin a roinnt agus iad siúd atá ag iarraidh feabhas a chur orthu laistigh dá dtíortha féin.
“Níl dabht ach go bhfuil bóthar dúshlánach roimpi ag an Albáin agus braithfidh rathúlacht ar an dul chun cinn a dhéanfar sa phróiseas leasúcháin. Beidh Éire ag déanamh a cuid féin chun tacaíocht láidir a thabhairt don Albáin ar an turas sin.”