Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Flanagan agus an tAire Murphy ag freastal ar an gComhairle Cúrsaí Ginearálta

Aire Stáit Dara Murphy, Aire Charles Flanagan, An tAontas Eorpach, Trádáil, Preas Ráiteas, An Eoraip, Éireann, 2014

 

Bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, TD, agus an tAire Gnóthaí Eorpacha agus Cosanta Sonraí, Dara Murphy, TD, páirteach inniu sa Chomhairle Cúrsaí Ginearálta (GAC) sa Bhruiséil, an chéad chruinniú den chomhlacht faoi Uachtaránacht na hIodáile ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

D’fhreastail Airí ó na 28 mBallstát san AE ar an gcruinniú, a dhírigh ar chlár na hIodáile don uachtaránacht sé mhí. Rinne an GAC roinnt cinntí nós imeachta maidir leis an Liotuáin ag glacadh leis an euro mar airgeadra na tíre sin, a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2015.

Dúirt an tAire Flanagan ag an gcruinniú gur thacaigh Éire le tosaíochtaí Uachtaránacht na hIodáile ar an AE. Dúirt sé:

“Cuirim fáilte mhór roimh thiomantas na hIodáile díriú ar chruthú post, chomh maith leis an margadh aonair a thabhairt chun críche. Tá Éire diongbháilte oibriú leis an Uachtaránacht agus lenár gcomhpháirtithe go léir san AE chun straitéis fáis iar-ghéarchéime na hEorpa a athbheochan, rud atá riachtanach chun poist agus feabhsúcháin ar chaighdeáin mhaireachtála ar fud na hEorpa a sheachadadh.

“Bhí áthas orm cruinniú déthaobhach a bheith agam le hAire Eachtracha na hIodáile, Federica Mogherini, inar phléamar na tosaíochtaí d’Uachtaránacht na hIodáile.”
Dúirt an tAire Murphy i ndiaidh an chruinnithe:

“Thapaigh mé an deis ag an GAC dul i gcomhairle le roinnt de mo chomhghleacaithe nua in Aireacht na hEorpa maidir leis na príomhdhúshláin atá roimh an AE. Táim ag tnúth anois le dianchainteanna déthaobhacha sna míonna amach romhainn.”

 

CRÍOCH


An Phreasoifig
23 Iúil 2014

 

Nóta d’Eagarthóirí:

  • An príomhról atá ag an GAC ná cabhrú le comhleanúnachas in obair na n-eagar éagsúil den Chomhairle. Tá feidhm lárnach aige freisin maidir le cruinnithe na Comhairle Eorpaí a ullmhú agus gníomh leantach a dhéanamh ina ndiaidh. Tagann an GAC le chéile gach mí, de ghnáth, agus freastalaíonn Airí Gnóthaí Eachtracha nó Airí Gnóthaí Eorpacha air. An Ballstát atá ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach a dhéanann cathaoirleacht air.