Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Buaileann an tAire Flanagan Ambasadóir na Palaistíne

Caidreamh Taidhleoireachta, Cearta an Duine, Aire Charles Flanagan, Preas Ráiteas, An Meánoirthear agus An Afraic Thuaidh, 2014
Minister for Foreign Affairs and Trade, Charlie Flanagan, TD, today met the Palestinian Ambassador, along with Ambassadors from Morocco, Saudi Arabia and representatives from the Egyptian and UAE Embassies

Inniu bhí cruinniú ag an Aire Charlie Flanagan, TD, le hAmbasadóir na Palaistíne, chomh maith le hAmbasadóirí ó Mharacó agus ón Araib Shádach

 

Inniu bhí cruinniú ag an Aire Charlie Flanagan, TD, le hAmbasadóir na Palaistíne, chomh maith le hAmbasadóirí ó Mharacó agus ón Araib Shádach agus le hionadaithe ó Ambasáidí na hÉigipte agus ó Aontas na hÉimíríochtaí Arabacha.

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Flanagan:

“D’iarr mé ar Ambasadóir na Palaistíne mé a thabhairt suas chun dáta maidir leis an ngéarchéim uafásach i nGaza. Chuir mé seasamh na hÉireann i láthair go soiléir, arís eile – is é sin go mba mhór againn sos comhraic a fheiceáil láithreach, fáil réidh leis an imshuí ar Gaza atá mar bhun-chúis leis an gcoimhlint seo atá ag dul thar fóir agus a theacht ar réiteach dhá stát atá bunaithe ar theorainneacha na bliana 1967.

“Chuir mé an seasamh seo i láthair ar bhealach a bhí thar a bheith soiléir ag cruinniú do na hAirí Gnóthaí Eachtracha sa Bhruiséil Dé Máirt. Tá rannpháirtíocht dhlúth againn leis na Náisiúin Aontaithe agus lena gcuid gníomhaireachtaí freisin ó thaobh deireadh a chur leis an tréimhse fhoréigneach agus fulangacht uafásach seo a bhfuil tionchar atá thar a bheith díréireach aige ar mhuintir na Palaistíne.

“Tá sé ríthábhachtach freisin go gcuirfí deireadh leis na hionsaithe roicéid atá Hamas agus grúpaí míleatacha eile a dhéanamh ar an Iosrael.

“Cáinim go hiomlán an t-ionsaí ar scoil de chuid na Náisiún Aontaithe i nGaza inniu inar maraíodh 15 duine ar a laghad. Ní féidir glacadh leis an líon ard sibhialtach atá á marú agus is maith atá a fhios agam go bhfuil sé seo ag cur alltacht ar mhuintir na hÉireann, go háirithe mar gheall ar an líon leanaí atá maraithe.

“Tá tacaíocht láidir, fadseasmhach á cur ar fáil ag muintir na hÉireann do mhuintir na Palaistíne le fada an lá - cuirimid €10 milliún ar an meán in aghaidh na bliana ar fáil chun tacaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Palaistíne, lena n-áirítear trí chlár na Náisiún Aontaithe a chuireann cabhair bhunúsach cúram sláinte, oideachais agus éigeandála ar fáil don Phalaistín. Molaim go láidir obair UNRWA, (Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha), a leanann le seirbhísí agus cosaint agus chur ar fáil do dhídeanaithe Palaistíneacha in imthosca atá thar a bheith deacair.

“Bhí mé soiléir freisin le linn mo chuid díospóireachta inniu leis na hAmbasadóirí Arabach nach mór dúinn cur leis na leibhéil ó thaobh cabhair dhaonnúil agus rochtain ar Ghaza. Is ionann an riocht ar an talamh agus tubaiste dhaonna.

“Leanfaidh réiteach síochánta ar an gcoimhlint idir Iosrael agus an Phalaistín de bheith ar phríomhthosaíocht de chuid na hÉireann. Bhí cruinniú agam freisin le hAmbasadóir Iosrael an tseachtain seo caite lenár n-imní a chur in iúl dó maidir leis an gcoimhlint atá ag dul in olcas agus mar gheall ar na céadta daoine atá á marú, mná agus leanaí ar an gcuid is mó acu sin."

 

CRÍOCH

 

Nóta chuig Eagarthóirí

  • Rinne an tAmbasadóir Anas Khales ionadaíocht ar Mharacó
  • Rinne an tAmbasadóir Abdulaziz Abdulrahman Aldriss ionadaíocht ar an Araib Shádach
  • Rinne an tAmbasadóir – Ceann Misin, Ahmed Abdelrazek ionadaíocht ar Údarás na Palaistíne
  • Rinne Ahmed Mostafa, Leascheann Misin, ionadaíocht ar an Éigipt

Rinne an Tríú Rúnaí, Mohammed Al-Shamisi ionadaíocht ar Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Léigh Tuilleadh

Seasamh na hÉireann ar an riocht i nGaza agus san Iosrael