Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Déanann an tAire Flanagan seasamh an Rialtais ar Ghaza agus ar an Úcráin a leagan amach

An tAontas Eorpach, Caidreamh Idirnáisiúnta, Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, An Eoraip, 2014

 

Thug an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, ráiteas faisnéise do Sheanadóirí inniu ar a chaidreamh leanúnach le hArd-Rúnaí na NA, Ban Ki-moon, le hAire Gnóthaí Eachtracha na hÉigipte agus le hArd-Stiúrthóir UNRWA maidir le sos comhraic a lorg i nGaza.

Ag labhairt ar an ngéarchéim i nGaza agus san Úcráin, ag díospóireacht ar leith i Seanad Éireann, dúirt an tAire Flanagan:

‘ Tá an t-uafás céanna agus an déistin chéanna ormsa agus atá ar Seanadóirí agus ar shaoránaigh eile na tíre seo, mar gheall ar na himeachtaí uafásacha atá feicthe againn ó cuireadh tús le hoibríocht mhíleata an Iosrael. Is cás é seo atá thar a bheith scáfar agus cháin an Rialtas go láidir an ráta do-ghlactha sibhialtach atá á marú de thoradh gníomhaireacht mhíleata, dhíréireach Iosrael, agus cháin Hamas agus na míleataigh eile atá ag scaoileadh roicéid le hIosrael chomh maith’.

‘Caithfear deireadh a chur leis an bhforéigean agus sos comhraic a chur i bhfeidhm láithreach’.

‘Níos luaithe an tseachtain seo, bhí comhrá fada agam le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, an Ginearál Ban Ki-moon, faoin ngéarchéim. Cháin mé na hionsaithe scáfara a rinneadh ar shaoráidí na NA agus ar shaoráidí sibhialtacha i nGaza, agus d’aontaíomar go gcaithfidh gach taobh stad a chur le sárú an dlí idirnáisiúnta. Mhol an tArd-Rúnaí iarrachtaí daonnúla Rialtas na hÉireann go dtí seo’.

Ar an Máirt, labhair mé go díreach le Pierre Krahenbuhl, Ard-Stiúrthóir UNRWA, chun a mheas ar na riachtanais reatha dhaonnúla taobh istigh de Gaza a fháil. Tá Éire ag tacú go diongbháilte le hiarrachtaí an UNRWA le fada an lá, chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar do na milliúin dídeanaí Palaistíneach ar fud an réigiúin. Seasann tacaíocht dhíreach airgeadais na hÉireann, a thugtar do mhuintir na Palaistíne ag os cionn €10 milliún in aghaidh na bliana’.

‘Bhuail mé le hAmbasadóir Iosrael agus labhair mé leis ar ócáidí go leor chun soiléiriú a dhéanamh ar na hábhair thromchúiseacha agus ar mhíshástacht an Rialtais maidir le freagairt mhíleata dhíréireach Iosrael d’ionsaithe roicéid Hamas, a bhfuil ráta do-ghlactha sibhialtach á marú mar thoradh air agus tugadh foláireamh i gcoinne ardú ar an ráta sin’.

‘Ar m’orduithe, thug Ambasadóir na hÉireann d’Iosrael, Eamon Mc Kee, cuairt ar Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael inné. I gcaitheamh an chruinnithe fhada; rinne sé soiléiriú arís ar na hábhair is cúram go mór don Rialtas, go háirithe go n-impíonn an Rialtas gan ghéarú ar an bhfeachtas míleata atá ar bun agus an gá atá le deireadh a chur leis an bhforéigean láithreach’.

‘Bím i ndlúth-theagmháil le hAmbasadóir na Palaistíne, agus labhair mé ar maidin inniu leis an Aire Shoukry, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉigipte. Táim ag iarraidh go leanfaidh Éire leis an ról faoi leith atá aici san AE maidir le réiteach dhá-Stát a lorg go gníomhach - an t-aon réiteach a chuirfidh deireadh leis an gcoimhlint reatha.’

Rinneadh an tAire Flanagan tagairt do chinneadh an AE chun dlús a chur le smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, mar fhreagra ar an ngéarchéim san Úcráin, agus mar fhreagra ar chailleadh eitilt MH17.

‘Ainneoin ár nglaonna iomadúla, theip ar an Rúis dul i gcion ar na scarúnaithe chun deireadh a chur leis an bhforéigean agus a gcuid airm a leagan uathu. In áit sin, bíonn sreabhadh míleataigh agus ábhar go seasta ag trasnú teorainn na Rúise agus na hÚcráine. Go deimhin, seachas cúrsaí a bheith ag feabhsú, is i ndonacht atá cúrsaí ag dul agus tá tuairiscí inchreidte go bhfuil an Rúis arís ag cruinniú saighdiúirí ar an teorainn. Is gníomh é seo, atá thar a bheith neamhsheasmhach i réigiún atá thar a bheith corraitheach cheana féin’.

In aghaidh an chúlra, sin tháinig mo chomh-Airí Gnóthaí Eachtracha ón AE ar chomhaontú an tseachtain seo caite chun cur leis na bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine a thacaíonn le nó a mbaineann tairbhe as chinnteoirí Rúiseacha atá freagrach as díchobhsú Oirthear na hÚcráine. D’aontaíomar chomh maith dlús a chur le hullmhú smachtbhannaí earnála a mbeadh tionchar acu ar theacht na Rúise ar na margaí caipitil, ar sholáthar airm, ar earraí dé-úsáideacha agus ar theicneolaíocht íogair, lena n-áirítear an earnáil fuinnimh.

 

An Phreasoifig

An 31 Iúil, 2014

Léigh Tuilleadh

Léigh an Ráiteas iomlán a thug an tAire Flanagan don Seanad